English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Eitleán Shuirbhéireacht Gheolaíochta ag bailiú sonraí geoifisiceacha i gCiarraí agus ar an gClár sa bhliain 2025

Tá suirbhé Tellus ag tabhairt faoi na céimeanna deiridh de shuirbhé aerbheirthe náisiúnta thar Chontae Chiarraí agus Contae an Chláir i mbliana. Agus é críochnaithe, beidh an suirbhé curtha i gcrích don tír ar fad, rud a fhágfaidh go mbeidh Éire ar cheann de na tíortha is mó léarscáiliú geoifisiceach ar domhan.

Beidh an suirbhé ag tosú le linn an earraigh, agus dhá aerárthach ag trasnú spéartha Chontae Chiarraí agus Chontae an Chláir. Eitlíonn na haerárthaí ag airdí an-íseal atá cothrom le 60 méadar os cionn limistéir thuaithe – thart ar ocht n-uaire na hairde atá i dteach dhá stór – agus le 240 méadar os cionn limistéir uirbeacha chun go mbeidh siad in ann tomhais chruinne a dhéanamh. Baintear úsáid sa suirbhé as dhá aerárthach, ar eitleáin bhána liáin dhúbailte iad. Is féidir iad a aithint go héasca mar gheall ar an eireaball dearg agus an stríoc dhubh atá orthu, agus mar gheall ar an bhfocal 'SURVEY' agus ar na cláruimhreacha C-GSGF agus C-GSGP atá scríofa ar an dá thaobh den eitleán.

Clár náisiúnta léarscáilithe atá á bhainistiú ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, is ea Tellus. Tá an clár ag bailiú sonraí geoiceimiceacha agus geoifisiceacha faoi charraigeacha, faoi ithir agus faoi uisce ar fud na hÉireann. Chun na sonraí sin a bhailiú, tá trealamh eolaíoch feistithe ar eitleán a eitlíonn i bpatrún eangaí. Sa bhliain 2025, beidh na heitleáin suirbhé lonnaithe ag Aerfort na Sionna faoi chead, mar a cheadaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Dúirt an tAire Darragh O’Brien:

"Beidh ríméad orm na haerárthaí suirbhé a fheiceáil san aer an athuair chun na céimeanna deiridh de shuirbhé Tellus atá á dhéanamh ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann tar éis obair 14 bliana. Faoi dheireadh an tsuirbhé seo, beidh eitilt déanta againn ar na cúinní thall den tír agus ar gach áit idir eatarthu, agus sonraí geoifisiceacha mionsonraithe á mbailiú. Tá na sonraí aerbheirthe á n-úsáid chun feabhas a chur ar ár léarscáileanna geolaíocha agus chun cuardach le haghaidh amhábhair chriticiúla. Trí na sonraí uile a chur ar fáil go réidh, is féidir linn cabhrú le cuideachtaí, le gníomhaireachtaí stáit agus le taighdeoirí tuiscint níos fearr a ghnóthú ar an bhfodhromchla, go háirithe staidéir ar an ngás radóin, ar thruailliú na timpeallachta, ar an táirgiúlacht talmhaíochta agus ar fhairsinge na dtailte portaigh."

Tá sé mar aidhm le suirbhé Tellus go mbeadh 100% d’Éirinn léarscáilithe faoi dheireadh na bliana 2025. D’fhéadfaí na sonraí a úsáid chun tairbhí dearfacha eacnamaíocha, comhshaoil agus talmhaíochta a sholáthar trí chabhrú le tuiscint a ghnóthú ar an timpeallacht áitiúil, ar an dóigh a mbainistítear ithir agus ar an acmhainneacht acmhainní nádúrtha do na contaetha sin agus don tír ar fad. Foilsítear na sonraí a bhailítear trí thionscadal Tellus, agus cuirtear iad ar fáil do gach duine saor in aisce ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Mar gheall ar airde íseal-eitilte an aerárthaigh suirbhé, moltar d’aon duine a bhfuil imní air/uirthi faoi bheostoc íogair glao a chur ar Líne Faisnéise Saorfhóin Tellus ar 1800455565. Beidh foireann Tellus sásta faisnéis a sholáthar faoi phleananna eitilte atá le teacht.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann Gníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta na hÉireann. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann sí táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Is é Sander Geophysics Ltd a oibríonn an suirbhé aerbheirthe thar ceann Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Iompraíonn an t-aerárthach raon uirlisí ar bord chun críocha loingseoireachta agus chun airíonna geoifisiceacha na talún a thomhas.

Is iad seo na huirlisí geoifisiceacha ar bhord an eitleáin:

o i) maighnéadaiméadar, lena dtomhaistear na difríochtaí i réimse maighnéadach an Domhain

o ii) brathadóir gáma-ghathanna, lena dtomhaistear radaighníomhaíocht nádúrtha ithreach éadoimhne agus carraigeacha éadoimhne

o iii) córas leictreamaighnéadach fearainn minicíochta, lena dtomhaistear difríochtaí i seoltacht idir ithreacha difriúla agus carraigeacha difriúla

Is sábháilte atá na huirlisí uile, agus ní astaítear aon radaíocht uathu.

Áirítear leis na huirlisí loingseoireachta:

o i) córas loingseoireachta satailíte

o ii) airdemhéadar radair le haghaidh airde a thomhas

o iii) físcheamara chun a thaifeadadh cén áit ar eitil an t-eitleán chun críocha cáilíochta sonraí – ní úsáidfear píosaí scannáin chun aon chríche eile

Bandia Rómhánach an domhain ba ea 'Tellus', dár gaireadh Terra Mater freisin.