English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O’Brien roimh an bhfadú sé mhí eile ar an ráta CBL 9% ar ghás agus leictreachas

Tá an tAire Darragh O'Brien tar éis fáiltiú roimh an gcinneadh ón rialtas an ráta cánach breisluacha (CBL) 9% a chuirtear i bhfeidhm i leith gáis agus leictreachais faoi láthair a fhadú go ceann sé mhí eile – go dtí an 31 Deireadh Fómhair. Bhí an ráta CBL 9% le dul ar ais go 13.5% ón 1 Bealtaine.

Scríobh an tAire O’Brien chuig an Aire Donohoe le déanaí, á rá go raibh sé i bhfách le leanúint den ráta laghdaithe reatha CBL ar leictreachas agus gás do theaghlaigh. I gClár an Rialtais, aithnítear na brúnna a chuireann costais mhéadaithe fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí, agus gealltar bearta cánachais a thabhairt ar aghaidh chun cabhrú le costais fuinnimh a shrianadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le CBL.

Tá Tascfhórsa trasrialtais um Inacmhainneacht Fuinnimh á bhunú ag oifigigh ó roinn an Aire O'Brien faoi láthair, agus é de dhualgas air bearta a shainaithint, a mheasúnú agus a chur chun feidhme lena gcuirfear lena inacmhainne a bheidh fuinneamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is é a bheidh i gceist leis sin ná bearta gearrthéarmacha a bheidh ceaptha chun ullmhú do Bhuiséad 2026, mar aon le bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha. Is rud dearfach iad na coigiltí measta a ghnóthóidh teaghlaigh mar gheall ar an bhfadú (€26.60 i gcás leictreachais, €20.28 i gcás gáis). Is é an toradh a bheidh ar na coigiltí sin ná tacaíocht a bhfuil géarghá léi a thabhairt do chustaiméirí mar gheall ar an ardchostas leantach fuinnimh. Tá an tAire i bhfách go hiomlán leis an Rún Airgeadais seo.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Bhí an laghdú sealadach i gcáin bhreisluacha (CBL) ar ghás agus leictreachas, agus í ag titim go 9%, ar cheann de na freagairtí rialtais don ghéarchéim fuinnimh agus don tionchar a bhí aige ar an gcostas maireachtála. Ba ón 1 Bealtaine 2022 a cuireadh ráta laghdaithe i bhfeidhm ar dtús. Bhíothas in ann an laghdú sin a dhéanamh mar gheall ar leasú a rinneadh ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir CBL sa bhliain 2022, ar dá bharr a tugadh gás agus leictreachas faoi raon feidhme na catagóire rátaí laghdaithe.

I gClár an Rialtais, aithnítear na brúnna a chuireann costais mhéadaithe fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí, agus gealltar bearta cánachais a thabhairt ar aghaidh chun cabhrú le costais fuinnimh a shrianadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le CBL.

Dá bhrí sin, chinn an rialtas Rún Airgeadais a thabhairt isteach Dé Céadaoin an 2 Aibreán 2025. Leis an Rún sin, déantar an ráta CBL 9% ar ghás agus leictreachas a fhadú go ceann sé mhí ón 1 Bealtaine 2025 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025. Tá costas measta an fhadaithe cothrom le €85 mhilliún, agus is fiú thart ar €26.60 agus €20.28 i gcás leictreachais agus gáis faoi seach í an ghlantairbhe a bhainfidh teaghlaigh as ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair.