English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Ryan roimh fhoilsiú an Bhille um Chostais Leictreachais (Bearta Éigeandála) i leith Cuntais Tí, 2023

D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh an gcinneadh ón Rialtas an téacs den Bhille um Chostais Leictreachais (Bearta Éigeandála) i leith Cuntais Tí, 2023, a fhoilsiú. Cuirfear an Bille sin ar aghaidh tríd an dá Theach den Oireachtas anois agus, tar éis é a achtú, cinnteofar leis go ndéanfar trí cinn d’íocaíochtaí €150 (CBL san áireamh) le breis agus 2.2 milliún cuntas leictreachais (tí) idir mí na Nollag 2023 agus mí Aibreáin 2024.

Cuirfear an creidmheas le cuntais go huathoibríoch. Ní gá do theaghlaigh iarratas a dhéanamh ar an gcreidmheas. Ní gá dóibh teagmháil a dhéanamh lena soláthraí leictreachais ach oiread.

Cuirfear an chéad chreidmheas i bhfeidhm an 1 Nollaig 2023, agus beidh sé le feiceáil ar bhillí teaghlaigh le linn na tréimhse dhá mhí ina dhiaidh sin (Nollaig nó Eanáir). Beidh an dáta beacht ag brath ar thimthriallta billeála an teaghlaigh aonair. Cuirfear an dara creidmheas i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Cuirfear an tríú creidmheas i bhfeidhm an 1 Márta 2024.

Faoi mar a tharla i gcás scéimeanna roimhe seo, cuirfear na creidmheasanna i bhfeidhm i leith Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe. Tá sé beartaithe dhá athrú shuntasacha a dhéanamh i mbliana, áfach, chun cabhrú lena chinntiú go mbainfidh na creidmheasanna na teaghlaigh chuí amach, a mhéid is mó is féidir.

Roimhe seo, ní raibh teaghlaigh a fuair a leictreachas trí ‘fhomhéadair’ incháilithe chun an creidmheas a fháil. Tagann an cor sin chun cinn i gcás gur roinneadh teaghais atá ann cheana chun freastal ar dhaoine breise agus i gcás gur soláthraíodh méadar neamhspleách don chóiríocht sin agus go bhfuil an fomhéadar fós nasctha leis an bpríomh-Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe. Bunóidh an Rialtas Scéim Tacaíochta Fomhéadair chun aghaidh a thabhairt air sin, ag obair di go díreach le soláthraithe leictreachais chun a chinntiú go bhfaighidh teaghlaigh ‘fomhéadair’ an tacaíocht chéanna agus a fhaigheann teaghlaigh a bhfuil Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe thiomnaithe acu.

Athrú eile ar na scéimeanna Creidmheasa Leictreachais roimhe seo is ea gur cuireadh foráil ar áireamh chun sainaithint a dhéanamh ar thithe atá neamhshealbhaithe nó folamh agus a bhfuil úsáid rí-íseal leictreachais, nó nach bhfuil aon úsáid leictreachais, ag baint leo. I gcomhar le Líonraí BSL, déanfar réadmhaoine a bhfuil leibhéal an-íseal úsáide leictreachais ag baint leo le ceithre ráithe as a chéile a shainaithint mar réadmhaoine nach dteastaíonn na creidmheasanna uathu. Maidir leis na tairseacha le haghaidh úsáid an-íseal leictreachais, cuirfear san áireamh iontu an úsáid a bhaintear as fearais bhunúsacha, chun a chinntiú go bhfaighidh aon duine a úsáideann cuisneoir, cócaireán nó gnáthchineál soilsithe, mar shampla, an íocaíocht go fóill.

Rud tábhachtach, ní choinneofar íocaíocht siar d’aon chuntas atá cláraithe mar chustaiméir soghonta, a bhfuil méadar cruatain suiteáilte aige nó a bhfuil úsáid íseal ag baint leis mar gheall ar mhicrighiniúint.

Más rud é go gcoinneofar Creidmheas Leictreachais siar de bhotún, agus go mbeidh an custaiméir ar an gclár custaiméirí soghonta, nó go mbeidh sé/sí i dteideal a bheith ar an gclár, nó go mbeidh méadar cruatain aige/aici, féadfaidh sé/sí teagmháil a dhéanamh lena s(h)oláthraí ar an gcéad ásc, a dhéanfaidh athbhreithniú ar an gcinneadh chun a chinntiú go gcuirfear creidmheasanna i bhfeidhm a luaithe is féidir. Is mearphróiseas simplí a bheidh ansin.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:

"Is maith is eol don rialtas an brú leanúnach atá ar theaghlaigh i ndáil le costais fuinnimh. Cé gur fhógair soláthraithe laghduithe ar phraghsanna le déanaí agus gur rud dearfach é sin, tá praghsanna fuinnimh níos airde go fóill ná mar a bhí sa bhliain 2020 ar roinnt cúiseanna éagsúla. Is é sin an fáth ar tharla sé, mar chuid de phacáiste beart an rialtais i mBuiséad 2024, gur fhógraíomar an pacáiste seo de thrí chreidmheas leictreachais. Soláthrófar iad sin go díreach do bhreis agus 2.2 milliún teaghlach ar fud na tíre. Táimid ag déanamh ár seacht ndícheall i mbliana freisin a chinntiú go soláthrófar na creidmheasanna do na daoine a bhfuil gá acu leo.

"Tá sé ríthábhachtach go bhfanfadh daoine te agus folláin an geimhreadh seo. Níor cheart do dhaoine déanamh gan teas ná solas. Molaimid do dhaoine coinneáil i dteagmháil lena gcuideachtaí soláthair fuinnimh. Beidh tacaíochtaí ar fáil dóibh má bhíonn deacracht acu a mbillí a íoc."

Is mór atá raon feidhme na scéime. Rinne an Roinn, an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU), Líonraí BSL agus soláthraithe leictreachais iarracht chomhbheartaithe tús áite a thabhairt don bheart tábhachtach tacaíochta seo a chur i gcrích. Maidir leis an reachtaíocht phríomha a theastaíonn chun an scéim a bhunú, agus chun an creidmheas a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, cuirfear í ar aghaidh tríd an dá Theach den Oireachtas sna seachtainí atá le teacht.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Agus úsáid á baint as an Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe (MPRN), ar uimhir uathúil í, cuirfear an íocaíocht do shochar gach cuntais leictreachais baile, lena n-áirítear cuntais custaiméirí ‘íoctar mar a úsáidtear’.

Tá an scéim á cur i bhfeidhm ar an mbealach sin chun a chinntiú go rachaidh sí chun tairbhe don oiread daoine agus is féidir a luaithe is féidir. Ní bheidh ar thomhaltóirí iarratas a dhéanamh ar an gcreidmheas. Cuirfear an creidmheas i bhfeidhm go huathoibríoch.

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) a dhéanann formhaoirseacht ar an scéim. Tá an scéim á hoibriú ag an Oibritheoir Córais Dáilte (Líonraí BSL) agus ag soláthraithe leictreachais. Cuirfidh Líonraí BSL na cistí ar aghaidh chuig na soláthraithe fuinnimh. Cuirfidh na soláthraithe fuinnimh an creidmheas do shochar na gcuntas leictreachais baile dá réir sin.

Beidh mír líne creidmheasa le feiceáil ar bhillí, á léiriú mar shuim €137.61 (€150, gan CBL a áireamh), agus ‘Creidmheas Leictreachais an Rialtais’ nó leagan giorraithe den teideal sin a bheith á léiriú mar aitheantóir.