Fáiltíonn an tAire Ryan roimh thorthaí sealadacha rídhearfacha an chéad cheant le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta
- Foilsithe: 11 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2023
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh thorthaí sealadacha an chéad cheant le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (ORESS 1). Tá na torthaí ina gcor cinniúnach le haghaidh thodhchaí na hÉireann mar a bhaineann sí le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.
Is é is ORESS ann ná próiseas ceantbhunaithe ina dtugtar cuireadh do thionscadail fuinnimh inathnuaite dul in iomaíocht lena chéile, trí na tairiscintí is ísle a chur isteach, chun conarthaí a bhuachan le haghaidh leictreachas a sholáthar ag an bpraghas tairisceana ar feadh tréimhse fiche bliain.
Tá torthaí an cheant níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis, maidir leis an toilleadh iomlán fuinnimh inathnuaite a fuarthas trí sholáthar agus maidir leis an bpraghas íseal ag a bhfuarthas é araon. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Ar mhaithe le comparáid, ba mhó ná €200/MWh an meánphraghas leictreachais miondíola in Éirinn le 12 mhí anuas. Táthar ag súil go sábhálfaidh tomhaltóirí leictreachais na hÉireann na céadta milliún euro in aghaidh na bliana mar thoradh ar an bpraghas sin.
Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh* (teireavatuair) de leictreachas inathnuaite in aghaidh na bliana. Is é seo an méid is mó d’fhuinnimh inathnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is ionann é agus níos mó ná trian de thomhaltas leictreachais iomlán na hÉireann i mbliana agus is ionann é agus níos mó ná ceathrú den éileamh ar leictreachas a mheastar a bheidh ann sa bhliain 2030. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.
Ag fáiltiú dó roimh na torthaí sealadacha, dúirt an tAire Ryan:
"Ní hé amháin gur scéal rídhearfach do thomhaltóirí fuinnimh na hÉireann iad torthaí sealadacha cheant ORESS 1, ach is scéal rídhearfach d’Éirinn ina hiomláine iad freisin. Is é atá sna torthaí ná tuilleadh fianaise ar a bhfuil ar eolas ag a lán daoine dínn le tamall fada anuas, is é sin gur féidir linne, mar náisiún, méideanna ollmhóra fuinnimh ghlain a fhorbairt agus a tháirgeadh – agus is féidir linn an méid sin a dhéanamh go slán agus ar chostas íseal.
"Tá an roinn seo ag forbairt tuilleadh ceantanna le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta chun sinn a thabhairt níos gaire don todhchaí sin ina mbeimid neamhspleách ó thaobh an fhuinnimh de, agus cathaoirleacht á déanamh aici ar an Tascfhórsa uile-rialtais um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar chun na tairbhí don gheilleagar, do phobail áitiúla agus don chomhshaol a uasmhéadú."
Is torthaí sealadacha iad na torthaí a fógraíodh inniu agus tá siad faoi réir ghnáthphróisis deimhniúcháin RESS agus gnáthphróisis Státchabhrach. Meastar go mbeidh an dá cheann de na próisis sin críochnaithe faoi lár mhí an Mheithimh, de réir chlár ama foilsithe EirGrid de cheantanna.
Faoi fhorálacha an chiste tairbhe pobail de ORESS 1, ceanglaítear ar na tionscadail rathúla íocaíochtaí a dhéanamh le pobail mhuirí agus chósta áitiúla a óstálann tionscadail fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta. Bainfidh na pobail sin tairbhe anois as níos mó ná €24 mhilliún in aghaidh na bliana, rud a thosóidh roimh thógáil agus a mhairfidh suas le 20 bliain tar éis do thionscadal tosú ar fhuinneamh inathnuaite a tháirgeadh.
- 12 TWh (teireavatuair) = 12,000,000 MWh nó 12 mhilliún MWh (meigeavatuair)
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Ceant ORESS 1
Is é is an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ann ná próiseas iomaíoch chun tionscadail a roghnú chun conarthaí déthreo a fháil le haghaidh difríocht as praghas ráthaithe, nó praghas ceangail, i leith fuinneamh inathnuaite arna ghiniúint thar thréimhse suas le 20 bliain. Go bunúsach, oibríonn sé sin mar chosaint uathoibríoch ar ghnóthachain amhantair. Nuair atá praghsanna mórdhíola níos airde ná an praghas ceangail a fuarthas ag an gceant, ní mór do thionscadail an difríocht ioncaim a thabhairt ar ais do thomhaltóirí leictreachais. Áirítear dreasachtaí le haghaidh imscaradh luath le RESS freisin, agus meastar go dtosóidh tionscadail céim na tógála sa bhliain 2026 agus go mbeidh na chéad tionscadail i mbun oibre ón mbliain 2027 ar aghaidh.
Bhí ag na sé thionscadal uile de Chéim 1 Toilithe Limistéir Mhuirí ar eisigh an roinn iad i mí na Nollag 2022 faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, agus chuaigh siad go rathúil faoi phróiseas cáiliúcháin ORESS 1.
Tá na tionscadail sin tar éis tús a chur le hiarratais phleanála a ullmhú chuig an mBord Pleanála, ar cuireadh stiúrthóireacht mhuirí thiomnaithe ar fáil dó chun na hiarratais sin a phróiseáil.
Foilsíodh na téarmaí agus coinníollacha do cheant ORESS 1 an 9 Samhain 2022. Riarann EirGrid an ceant. Leagtar amach san amchlár foilsithe de cheantanna na dátaí do na garspriocanna éagsúla atá mar chuid den phróiseas ceant. Cé go bhfuil an próiseas ceant ar bun ó bhí mí na Samhna 2022 ann, osclaíodh an fhuinneog le haghaidh tairiscintí a chur isteach an 27 Aibreán 2023 agus dúnadh í an 3 Bealtaine 2023. Tá go dtí an 15 Bealtaine 2023 ag iarratasóirí neamhrathúla Fógra faoi Mhíshástacht a chur faoi bhráid an Aire. Tá na torthaí sealadacha a fógraíodh inniu le deimhniú faoin 14 Meitheamh 2023.
Shocraigh an tAire Ryan Praghas Uasta Tairisceana atá cothrom le €150/MWh an 7 Márta 2023. Níl sa phraghas uasta tairisceana ach coimirce dearaidh ceant, agus forchoimeádann an tAire an ceart chun diúltú do thairiscintí atá faoi bhun an Phraghais Uasta Tairisceana. Ba é ról an chóimheasa iomaíochta, ar chinn an Coimisiún um Rialáil Fóntais é go neamhspleách, ná toradh iomaíoch in ORESS 1 a bhrú chun cinn. Ní raibh an cóimheas iomaíochta ar eolas ag rannpháirtithe sa cheant ag céim an cheant. Ina ionad sin, d’fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais é an 5 Bealtaine 2023. Maidir leis an meánphraghas ualaithe a fógraíodh inniu, atá cothrom le €86.05 in aghaidh na meigeavatuaire, tá sé i bhfad níos lú ná an praghas uasta tairisceana. Is léiriú é sin ar cé chomh héifeachtach agus a bhí an cóimheas iomaíochta deiridh i dtairiscintí iomaíocha sa cheant a bhrú chun cinn.
An Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar
Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar. Tá freagracht ar an Tascfhórsa as na ranna agus gníomhaireachtaí uile a chomhordú le haghaidh ár ngeilleagar a shlógadh i dtreo dheis na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Ar na baill den Tascfhórsa tá an Roinn Iompair; Oifig Forbartha Muirí na hÉireann; an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; Fiontraíocht Éireann; GFT Éireann; agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
I mí an Mhárta, cheadaigh an rialtas an Clár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, arb é an plean uile-chórais ón Tascfhórsa é, agus foilsíodh achoimre ar na príomhghníomhartha ar leagadh béim orthu lena soláthar sa bhliain 2023 ar fud ocht sruth oibre an Tascfhórsa. Ar na gníomhartha ar leagadh béim orthu tá bearta a bhaineann leis an slabhra soláthair, le calafoirt, le beartas, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.
An Plean Gnímh don Aeráid 2023
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gnímh don Aeráid a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat amharc ar CAP23 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide nó trí chuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction.