English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Éire agus an Fhrainc tús na hoibre tógála ar an ‘Idirnascaire Ceilteach’ agus síníonn siad dearbhú comhpháirteach fuinnimh

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an Aistriú Fuinnimh, tosú na hoibre tógála ar thionscadal an Idirnascaire Cheiltigh. Ba in oifigí EirGrid i mBaile Átha Cliath a admhaíodh tosú an tionscadail, ag teacht sna sála ar chuairt a thug an tAire Pannier-Runacher ar Éirinn an 13 Samhain.

Is é atá i dtús na tógála ar an tionscadal ná céim thábhachtach ar aghaidh le haghaidh thodhchaí fuinnimh an dá thír. Is é is an tIdirnascaire Ceilteach ann ná cábla cumhachta fomhuirí ardvoltais lena nascfar eangach leictreachais na hÉireann agus eangach leictreachais na Fraince. Áireofar leis go leor toillte chun 450,000 teaghais a chumhachtú agus cruthófar leis nasc díreach leictreachais ó Éirinn chuig an Aontas Eorpach.

Tá EirGrid, an t-oibritheoir córais tarchurtha atá faoi úinéireacht an stáit, ag obair i gcomhar le Réseau de Transport d’Electricité (RTE), a mhacasamhail sa Fhrainc, chun an cábla fomhuirí 700 meigeavata a sholáthar, agus nascphointí ann idir cósta theas na hÉireann agus cósta thiar thuaidh na Fraince. Tá an tionscadal le cur i gcrích sa bhliain 2026 agus táthar ag súil go gcuirfear comhtháthú leis an eangach i gcrích faoin mbliain 2027.

Is féidir idirnascairí leictreachais a úsáid chun leictreachas a chomhroinnt idir tíortha, agus tiocfaidh méadú ar an tábhacht a bhaineann le hidirnasc de réir mar a mhéadaíonn sciar na hearnála fuinnimh in-athnuaite den mheascán soláthair i gcóras leictreachais na hÉireann agus na hEorpa. Beidh an tIdirnascaire Ceilteach mar chuid freisin den Phlean um Líonra Amach ón gCósta a Fhorbairt, rud a bhfuil mar aidhm leis córas comhtháite fuinnimh a fhorbairt le haghaidh mhargaí fuinnimh na hEorpa. Tá an Coimisiún Eorpach ag ranníoc €530.7 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, rud a reáchtálann an Coimisiún é, chun cabhrú le dearadh agus soláthar an tionscadail a chur i gcrích. Síníodh conarthaí le haghaidh an Idirnascaire Cheiltigh i mí na Samhna 2022 i bPáras. Maidir leis an admháil ón Aire Ryan agus ón Aire Agnès Pannier-Runacher araon gur tosaíodh an tógáil ar an tionscadal, tharla sí i gcomhthráth le cuairt a thug Élisabeth Borne, Príomh-Aire na Fraince, ar Éirinn, agus í i mBaile Átha Cliath an 13 Samhain.

Síníonn Éire agus an Fhrainc Dearbhú Comhpháirteach Intinne um ‘Chomhar san Aistriú Fuinnimh’

An 13 Samhain, shínigh Éire agus an Fhrainc Dearbhú Comhpháirteach Intinne um ‘Chomhar san Aistriú Fuinnimh’ freisin. Is é atá sa dearbhú ná creat le haghaidh thoilteanas frithpháirteach an dá thír chun dlús a chur le dícharbónú na gcóras fuinnimh, agus tá sé mar chuid de mhórmhian chomhchoiteann go dtiocfadh an Eoraip chun bheith ar an gcéad mhór-roinn a bheadh neodrach ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2050.

Chomh maith leis sin, is leis an Dearbhú Comhpháirteach Intinne a chuirtear le gealltanais atá ann cheana. Leagadh na gealltanais sin amach sa doiciméad dar teideal ‘Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta na hÉireann-na Fraince 2021-2025’ ar ghlac an dá thír é i mí Lúnasa 2021. Tugadh breac-chuntas sa phlean comhpháirteach gníomhaíochta ar roinnt tionscadal tosaíochta i réimsí éagsúla, lena n-áirítear iarrachtaí a bhfuil mar aidhm leo tacú le hinbhuanaitheacht, agus díriú á leagan ar ‘fhuinneamh in-athnuaite’. Is léiriú é ar thuilleadh comhair maidir le forbairt fuinnimh gaoithe agus gréine ar tír agus ar thiomantas do dhlús a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus córais fuinnimh amach ón gcósta a imscaradh, lena n-áirítear an comhar a dhianú go déthaobhach agus go réigiúnach sa Mhuir Thuaidh.

Ag fáiltiú dó roimh thosú na tógála ar thionscadal an Idirnascaire Cheiltigh agus roimh an Dearbhú Comhpháirteach Intinne, dúirt an tAire Ryan:

"Cuirim fáilte chroíúil roimh an Aire Agnès Pannier-Runacher agus roimh a comhghleacaithe Francacha go Baile Átha Cliath inniu, de réir mar a leanaimid dár gcaidreamh lenár gcomharsa is cóngaraí san Aontas Eorpach a neartú. Is é atá sa chuairt atá tugtha acu, agus i síniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh Intinne um Chomhar san Aistriú Fuinnimh, ná léiriú ar an mian fhrithpháirteach atá againn chun ár gcaidreamh a dhoimhniú. Cuirtear in iúl go soiléir i ngach a bhfuil leagtha amach againn sa dearbhú seo go mbeidh ról lárnach ag Éirinn agus ag an bhFrainc i mórphleananna fuinnimh na hEorpa.

"Cuid thábhachtach dár mór-uaillmhianta fuinnimh is ea tosú na tógála ar thionscadal an Idirnascaire Cheiltigh. Cumasóir bunriachtanach taobh thiar den úsáid mhéadaitheach a bhainfimid as fuinneamh in-athnuaite a bheidh in idirnasc méadaithe leictreachais. Chomh maith leis sin, cabhróidh sé le praghsanna fuinnimh a ísliú agus imreoidh sé ról lárnach in aistear na hÉireann i dtreo córas cumhachta a bheidh aeráidneodrach. Toradh eile a bheidh air is ea go gcomhtháthófar margaí leictreachais na hEorpa ar bhealach níos fearr agus, má úsáidtear margaí fuinnimh atá níos éagsúlaithe, cuirfear feabhas ar ár slándáil fuinnimh agus ar ár n-athléimneacht fuinnimh."

Dúirt Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an Aistriú Fuinnimh:

"Tá an-áthas orm cuairt a thabhairt ar Éirinn inniu agus is an-onóir dom é déanamh amhlaidh. Cabhróidh an chuairt seo le caidreamh an-dlúth cairdiúil a fhorbairt idir an Fhrainc agus Éire maidir leis an bhfuinneamh agus leis an athrú aeráide. A bhuí leis an dearbhú comhpháirteach um fhuinneamh a shíneoidh mé le Eamon Ryan, mo chomhghleacaí Éireannach, neartófar an caidreamh oibre idir an dá aireacht. Beidh ríméad orm freisin an tIdirnascaire Ceilteach a oscailt go hoifigiúil, agus é ina rud a mhéadóidh slándáil an tsoláthair d’Éirinn agus don Fhrainc araon agus a rannchuideoidh le dícharbónú ár meascán leictreachais. Cabhróidh an chuairt seo linn ullmhú don obair a dhéanfaimid le chéile sa todhchaí: is é atá i gceist leis sin go háirithe ár n-ullmhúchán do COP28 agus an chomhchathaoirleacht a dhéanfaimid ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh i mí Feabhra 2024. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na teicneoirí Éireannacha i Líonraí BSL, a tháinig chun na Fraince le déanaí chun cabhrú leis an damáiste a rinne Stoirm Chiaráin le déanaí a dheisiú."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Dearbhú Comhpháirteach Intinne

Áirítear na nithe seo a leanas leis na príomhghnéithe den Dearbhú Comhpháirteach Intinne um Chomhar san Aistriú Fuinnimh:

  • Sa ghearrthéarma, déanfaidh an dá thír a ndícheall dul chun cinn a dhéanamh ar an measúnú ar an deis le haghaidh toilleadh idirnasctha leictreachais a mhéadú, le linn cur leis an obair atá á déanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar an bPlean um Líonra Amach ón gCósta a Fhorbairt, rud atá le foilsiú i míonna tosaigh na bliana seo chugainn. Dá mba rud é go dtabharfaí le fios sa mheasúnú sin go bhféadfaí dara hidirnascaire a bhreithniú, bheadh dea-chlaonadh ag na sínitheoirí go rachadh na hoibritheoirí córais tarchurtha ar aghaidh chuig staidéar réamh-indéantachta a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh ar dhara hidirnascaire
  • Comhar méadaithe maidir le réimsí d’fhorbairt fuinnimh ar talamh: lena n-áirítear faisnéis a chomhroinnt faoi dhearadh na gceantanna fuinnimh in-athnuaite ar talamh; bealaí nuálacha a lorg chun an glacadh le painéil ghréine dín a mhéadú; agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar talamh a cheadú
  • Fuinneamh amach ón gcósta: Tiomantas do dhlús a chur le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus córais fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a imscaradh, lena n-áirítear an comhar a dhianú go déthaobhach agus go réigiúnach sa Mhuir Thuaidh
  • Toilteanas lena mheasúnú go comhpháirteach conas a d’fhéadfadh Idirnascairí hibrideacha (lena gcumasaítear do bhraislí d’fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta nascadh ag an aon am amháin, agus iad ag plugáil isteach i gcórais fuinnimh na dtíortha comharsanacha) agus tionscadail trasteorann eile rannchuidiú le tuilleadh comhtháthaithe margaidh agus le cúpláil earnálacha sa todhchaí
  • Ag teacht sna sála ar Mheabhrán Tuisceana a bheith sínithe ag EirGrid agus ag RTE, na hoibritheoirí córais tarchurtha, an 13 Samhain 2023, tá sé beartaithe ag an dá thír creataí sonracha comhair a bhunú ar leibhéal na hAireachta agus ar leibhéal an rialálaí chun tarchur amach ón gcósta agus socruithe comhtháthaithe margaidh a bheidh chun tairbhe don dá thír a éascú
  • Plé beartaithe ar bhearta féideartha do chalafoirt chun forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhreisiú; agus na riachtanais scileanna agus fórsa saothair atá i gceist le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt
  • A aithint go bhféadfadh hidrigin arna táirgeadh le leictrealú a bheith ina hionadaí atá saor ó charbón ar bhreoslaí iontaise ina lán earnálacha atá doiligh le dícharbónú. Féachfaidh an dá thír le cothú agus doimhniú a dhéanamh ar a n-idirphlé ar mhodhanna agus ar an ról a imreoidh hidrigin arna táirgeadh le leictrealú i gcórais fuinnimh na Fraince agus na hÉireann.
  • Doimhneoidh an dá thír an comhoibriú idir a ngníomhaireachtaí fuinnimh faoi seach freisin. Tagann sé sin sna sála ar Mheabhrán Tuisceana a bheith sínithe ag an nGníomhaireacht Fhrancach um an Aistriú Éiceolaíoch (ADEME) agus ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). I measc an chomhoibrithe beidh dea-chleachtais a mhalartú agus sainaithint a dhéanamh ar dheiseanna taighde/nuálaíochta ar féidir comhoibriú orthu. Ar na réimsí comhoibrithe tá an leictreachas in-athnuaite, an teas dícharbónaithe, an éifeachtúlacht fuinnimh, an t-iompar agus an t-athrú aeráide
  • Dea-chleachtais a chomhroinnt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eile, amhail glacadh sóisialta le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus na moilleanna a bhaineann leis an bpleanáil
  • Tá sé beartaithe ag Éirinn agus ag an bhFrainc araon comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí atá faoi thionchar an mhargaidh a chur chun cinn agus comhar idir cuideachtaí Francacha agus cuideachtaí Éireannacha agus gníomhaithe ábhartha eile a spreagadh

Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta na hÉireann-na Fraince

Comhaontaíodh Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta na hÉireann-na Fraince (2021-2025) chun an caidreamh idir an dá thír a neartú agus a dhoimhniú ar fud raon gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachasúla agus polaitiúla.

Ba iad Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha ag an am, agus an tUas. Jean-Yves Le Drian, Aire na Fraince um an Eoraip agus Gnóthaí Eachtracha ag an am, a shínigh an plean le linn na cuairte a thug an tUachtarán Macron ar Éirinn i mí Lúnasa 2021.

Leagadh amach sa Phlean Comhpháirteach Gníomhaíochta clár oibre uaillmhianach ina léirítear tosaíochtaí comhroinnte na hÉireann agus na Fraince i roinnt réimsí. Áirítear leo sin:

  • tacú le hinbhuanaitheacht
  • nascacht trádála a mhéadú
  • an geilleagar digiteach a chothú
  • naisc oideachais agus thaighde a neartú
  • an Fhraincis a chur chun cinn
  • comhar cultúrtha a chothú

Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais

I mí Iúil 2023, cheadaigh Rialtas na hÉireann ráiteas beartais nua maidir le hidirnasc leictreachais. Cheadaigh an Chomh-Aireacht an Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais an 25 Iúil 2023.

Áirítear na nithe seo leis na príomhghnéithe de bheartas nua na hÉireann maidir le hidirnasc leictreachais:

  • Tacú go sonrach le nasc breise leis an mBreatain Mhór faoin mbliain 2030, lasmuigh d’Idirnascaire Greenlink a chríochnú
  • Gealltanas go bhforbrófaí Straitéis um Tharchur Amach ón gCósta agus go n-iniúchfaí an acmhainneacht le haghaidh idirnascairí ilchuspóireacha chun deiseanna onnmhairiúcháin a uasmhéadú agus chun forbairt fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a éascú
  • Réamhphleanáil idirnascairí a chomhtháthú le céimeanna nua i bhforbairtí fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta, lena n-áirítear tacú le hionchuir isteach i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe i limistéir áitiúla agus réigiúnacha
  • Déanfar breithniú freisin ar aon idirnasc eile a theastaíonn chun tacú le leictreachas inathnuaite a onnmhairiú i gcomhthéacs úsáidí eile amhail hidrigin ghlas

Cruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, 2024

Déanfaidh an tAire Ryan agus Agnès Pannier-Runacher, Aire na Fraince um an Aistriú Fuinnimh, comhchathaoirleacht ar Chruinniú Aireachta na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), 2024, a chuirfear ar siúl i bPáras. Cuirtear Cruinniú Aireachta IEA ar siúl gach dhá bhliain chun sainordú na Gníomhaireachta a shocrú agus chun a héachtaí a athbhreithniú. Comóirfear le Cruinniú Aireachta na bliana 2024 freisin 50 bliain ó bhunú na Gníomhaireachta. Cuirfear ar siúl é i mí Feabhra 2024. Beidh an tionól ina dheis thábhachtach do thíortha le measúnú a dhéanamh ar na forbairtí is déanaí i margaí domhanda fuinnimh agus ar conas is féidir leo dul chun cinn a dhéanamh ar an gcomhar idirnáisiúnta ar shlándáil fuinnimh agus ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide.

Na Forbairtí Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid na hÉireann

Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. An chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, cuireadh ar siúl é ní ba luaithe i mbliana. Leagadh béim sna torthaí ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Fuarthas níos mó ná 3 ghigeavata de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 theireavatuair de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.