Fógraíonn an tAire Chambers méadú i minicíocht na leithdháiltí Éirchód
- Foilsithe: 9 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- A bhuí leis an bpróiseas feabhsaithe, beidh sé níos éasca don phobal agus do ghnólachtaí seirbhísí a rochtain
D’fhógair Jack Chambers, an tAire Stáit atá freagrach as Éirchóid ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, go bhfuil méadú tagtha ar an minicíocht ag a sannfar Éirchóid do sheoltaí nua. Is ar bhonn míosúil, seachas ar bhonn ráithiúil, a shannfar iad anois.
Tá an gá le leithdháileadh níos minice Éirchód ina shaincheist thábhachtach d’úinéirí tithe agus gnólachtaí nua atá ag iarraidh rochtain a fháil ar sheirbhísí atá barrfheabhsaithe le haghaidh úsáid Éirchód, amhail lóistíocht, seachadtaí, agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr.
Ag labhairt dó faoin bhforbairt an-dearfach seo, dúirt an tAire Chambers:
"Mar gheall ar an rath atá ar Éirchóid go dtí seo, tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag déanamh imscrúdú ar aistriú chuig córas trína sanntar Éirchóid do réadmhaoine nua ar bhonn ráithiúil, seachas de réir an sceidil eisiúna ráithiúla. Laghdófar go mór an t-aga feithimh le haghaidh Éirchóid a shannadh d’fhoirgnimh nua agus bainfidh daoine coigiltí ama agus coigiltí costais araon amach a bhuí leis an minicíocht mhéadaithe sin."
"Ag trádáil dó mar Éirchód, dár dámhadh an conradh le haghaidh an Córas Náisiúnta Postchód a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a oibriú i mí Dheireadh Fómhair 2013, tá Capita Business Support Services Ireland ag obair go dian ar an tsaincheist seo i gcomhar leis An Post, le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus le GeoDirectory An Post, le tacaíocht ón Roinn. Bhí treoirchlár ar siúl ar feadh naoi mí le linn na bliana 2022 agus cuireadh i gcrích go rathúil é. Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil Capita réidh anois le tosú ar Éirchóid a eisiúint ar bhonn míosúil lena sannadh do réadmhaoine nua."
Dúirt Gillian Chamberlain, Stiúrthóir Bainistíochta Capita Ireland:
"Mar Shealbhóir an Cheadúnais chun Postchóid a Bhainistiú, tá lúcháir ar Capita an tionscnamh seo a sholáthar. Trína bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe chun Éirchóid a leithdháileadh ar bhonn níos tráthrialta, cabhrófar le héifeachtúlachtaí a mhéadú agus le cur leis an rath atá ar Éirchód go dtí seo".
Tá an chéad eisiúint mhíosúil le déanamh inniu, an 9 Márta 2023.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Éirchóid
Ag trádáil dó mar Éirchód, sannann Capita Business Support Services Ireland Éirchóid do sheoltaí réadmhaoine nua trí sheoladh poist bailí agus geoshuíomhanna fíoraithe a úsáid. Bailíonn An Post faisnéis faoi gach foirgneamh nua agus gach foirgneamh atá ann cheana, mar aon le faisnéis faoi athruithe ar sheoltaí atá ann cheana. Soláthraíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann na geoshuíomhanna do na foirgnimh sin. Déanann GeoDirectory An Post, ar fochuideachta de chuid An Post agus Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann í, leagan nua de chomhad bunachar sonraí GeoDirectory a eisiúint ar bhonn ráithiúil chuig Éirchód de réir an chomhaontaithe ceadúnais atá i bhfeidhm eatarthu.