Fógraíonn an tAire O'Brien bearta nua chun an eangach leictreachais a fheabhsú agus chun cur lena athléimní atá sí
- Foilsithe: 5 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Darragh O'Brien tar éis bearta nua a fhógairt chun an eangach leictreachais a fheabhsú agus chun cur lena athléimní atá sí. Bhuail an tAire le hionadaithe ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) agus ó Líonraí BSL Dé hAoine chun plé a dhéanamh ar an bhfreagairt do Stoirm Éowyn agus ar an tionchar ar chustaiméirí.
D'iarr an tAire go ndéanfaí roinnt gníomhartha a luaithe a bheadh an fhreagairt tosaigh den stoirm curtha i gcrích. Áirítear leis na bearta sin Plean feabhsaithe Athléimneachta Eangaí a chur i bhfeidhm do Gheimhreadh na bliana 2025. Forbrófar an Plean sin laistigh den chéad mhí eile, agus cuirfidh Líonraí BSL chun feidhme é idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair ar mhaithe le hathléimneacht na heangaí a fheabhsú sna láithreacha is leochailí don gheimhreadh atá le teacht. Shainaithin BSL roinnt gníomhartha tosaigh, lena n-áirítear stocshealbhú páirteanna spártha a mhéadú don líonra leictreachais, conairí foraoiseachta a chruthú ar mhaithe le conairí línte lasnairde a chosaint, agus feabhas eile a chur ar an gcaidreamh láidir atá ar bun cheana féin le comhpháirtithe ar fud na hEorpa.
D'iarr an tAire freisin go ndéanfadh Líonraí BSL agus CRU, mar chuid den phróiseas cinnteoireachta don Séú hAthbhreithniú Bliantúil Praghsanna, an feabhsú eangaí atá beartaithe a athbhreithniú ina iomláine i bhfianaise an damáiste a rinne Stoirm Éowyn, mar aon le tionscadail shonracha bhreise agus infheistíochtaí sonracha breise a shainaithint chun eangach fuinnimh na hÉireann a dhéanamh slán i bhfad na haimsire agus chun oiriúnú do dhúshláin an athraithe aeráide.
Dúirt an tAire freisin go n-oibreodh sé go dlúth leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe chun tacú le CRU agus le Líonraí BSL a bhfórsa saothair a mhéadú ar mhaithe le saoránaigh a chosaint.
Idir an dá linn, fuair an tAire dearbhú ó Líonraí BSL go bhfuil an eagraíocht ag tabhairt faoi na gníomhartha uile is gá chun cumhacht a thabhairt ar ais do chustaiméirí. Thug an tAire ómós d’údaráis áitiúla, d’fhóntais agus do phríomhghníomhaireachtaí freagartha, go háirithe na baill chriú de chuid Líonraí BSL agus na criúnna a tháinig anseo ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc, ón bhFionlainn, ón nGearmáin, ón Ostair, ón Iorua agus ón Ísiltír as a n-iarrachtaí leantacha chun cumhacht a thabhairt ar ais ar fud na tíre ar an mbealach is tapa agus is sábháilte is féidir.
Ag labhairt dó faoi na bearta sin, dúirt an tAire O'Brien:
"Bíonn stoirmeacha den sórt seo ag éirí níos tráthrialta agus níos scriosaí, agus tá gá le gníomh láithreach a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfimid lena athléimní atá an córas leictreachais agus an tír araon dóibh. Bhuail mé le hionadaithe ó CRU agus ó Líonraí BSL chun plé a dhéanamh ar an bhfreagairt do Stoirm Éowyn agus ar an tionchar ar chustaiméirí. Tháinig roinnt gníomhartha chun cinn as an bplé sin, agus leag mé amach iad i meamram don rialtas. Breithníodh na gníomhartha sin inniu.
"Cé go bhfuil na bearta a leag mé amach ríthábhachtach maidir lena athléimní atá an córas leictreachais a mhéadú tar éis Stoirm Éowyn, is é an tosaíocht atá agam agus ag an rialtas seo i gcónaí sábháilteacht agus folláine ár saoránach a chinntiú – trí chabhrú le cumhacht a thabhairt ar ais ar an mbealach is tapa agus is sábháilte is féidir do gach duine – agus a chinntiú go dtabharfar aire do gach custaiméir leochaileach ar cibé modh is gá.
"Faoi mar atá an scéal tráthnóna inniu, tá 18,000 custaiméir fós gan chumhacht. D'éirigh le Líonraí BSL cumhacht a thabhairt ar ais do 750,000 custaiméir. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt custaiméirí gan chumhacht le beagnach dhá sheachtain anuas i limistéir áirithe, mar gheall ar scála an damáiste a rinneadh don eangach leictreachais. Tá gach iarracht ar bun chun leictreachas a thabhairt ar ais do na custaiméirí eile a luaithe is féidir. Leanfaidh mé le dul i dteagmháil go díreach le Líonraí BSL chun a chinntiú go bhfaighidh an eagraíocht tacaíocht iomlán ón Stát agus í ag freagairt don stoirm.
"Táimid ag tabhairt tacaíocht do dhaoine aonair leochaileacha atá gan chumhacht, agus leanfaimid le déanamh amhlaidh. Tá a fhios agam go bhfuil ár gcomhghleacaithe i Líonraí BSL ag obair i gcomhar leis an nGarda Síochána, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile chun a chinntiú go dtabharfar cúnamh do gach custaiméir leochaileach."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) – Athbhreithnithe Praghsanna
Is i dtimthriallta ar a dtugtar Athbhreithnithe Praghsanna a dhéanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) formhaoirseacht ar an infheistíocht a dhéantar inár líonra agus ar an obair a dhéantar chun a chinntiú go bhfuil ár líonra oiriúnach don fheidhm. Cheadaigh CRU infheistíocht chaipitil €4 billiún inár n-eangach thar an tréimhse 2021-2025 faoin gCúigiú hAthbhreithniú Praghsanna. Cumhdófar an tréimhse 2026-2030 sa Séú hAthbhreithniú Praghsanna, an chéad chéim infheistíochta eile. San Athbhreithniú sin, d'iarr Líonraí BSL infheistíocht bhonnlíne €10.1 billiún, a d’fhéadfadh méadú go €13.4 billiún.
Is é an toradh a bheidh ar an infheistíocht mhórscála atá á hiarraidh mar chuid den Séú hAthbhreithniú Praghsanna ná go gcabhrófar le hÉirinn líonra leictreachais atá iontaofa agus athléimneach a chothabháil chun freastal ar na riachtanais atá ag custaiméirí agus ag an tsochaí. Toradh eile a bheidh ar an infheistíocht sin is ea go soláthrófar toilleadh breise líonra ar gach leibhéal voltais agus go gcumasófar infheistíocht shuntasach i gcothabháil agus athsholáthar sócmhainní, mar aon le bearta chun leanúnachas an tsoláthair a fheabhsú. Chun déileáil le heachtraí suaiteacha stoirme agus le tionchair fhadtéarmacha an athraithe aeráide, tá sé beartaithe ag Líonraí BSL, mar chuid den Séú hAthbhreithniú Praghsanna, cur chuige straitéiseach a chur chun feidhme i leith bainistiú sócmhainní chun a chinntiú go mbeidh na hinfheistíochtaí athléimneach agus slán i bhfad na haimsire.