Fógraíonn an tAire O’Brien bearta nua chun cur lena athléimní atá eangach leictreachais na hÉireann
- Foilsithe: 8 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2025
- Áirítear leis na príomhréimsí feabhsaithe maolú guaiseacha, suirbhéireacht, bainistíocht foraoiseachta, athbhreithniú ar ábhair agus páirteanna spártha, acmhainniú, agus bearta nuálaíochta
Tá Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, tar éis pleananna a fhógairt chun cur lena athléimní atá eangach leictreachais na hÉireann.
Thug an rialtas aird inniu ar an bPlean Athléimneachta Eangaí ó Líonraí BSL do Gheimhreadh na bliana 2025, ina leagtar amach gníomhartha ar fud roinnt réimsí tábhachtacha, lena n-áirítear maolú guaiseacha, suirbhéireacht, bainistíocht foraoiseachta, athbhreithniú ar ábhair agus páirteanna spártha, acmhainniú, agus bearta nuálaíochta. Is gníomhartha iad sin a chuirfidh lena athléimní atá an líonra leictreachais don gheimhreadh atá le teacht.
Tagann an tionscnamh sna sála ar Stoirm Éowyn, a thit amach i mí Eanáir agus a bhí ar cheann de na heachtraí aimsire is measa a bhuail Éire riamh. Cuirfear an plean chun feidhme roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, agus tá sé mar aidhm leis cur lena athléimní atá an eangach sna limistéir is mó a bhí buailte ag an stoirm le déanaí.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Bíonn an cineál stoirme atá feicthe againn le blianta beaga anuas ag éirí níos coitianta agus ag déanamh níos mó damáiste i gcónaí. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go ngníomhóimis chun athléimneacht ár gcórais leictreachais a chinntiú. Cabhróidh an athléimneacht mhéadaithe sin le sábháilteacht agus folláine mhuintir na hÉireann a chinntiú, go háirithe ár saoránaigh is soghonta. Cabhróidh sí lenár ngeilleagar a choimirciú freisin."
Is é a bheidh i gceist le cuid amháin den phlean ná suirbhé a chríochnú ar na 23,000 km de líonra leictreachais atá ann in Éirinn. An tráth céanna, maolófar guaiseacha, agus sainaithneofar na hoibreacha feabhais is gá chun athchóiriú a dhéanamh ar na codanna den líonra a lagaíodh de dheasca na stoirme le déanaí.
Athsholáthróidh Líonraí BSL a gcuid ábhar, a ídíodh le linn an tséasúir stoirmeacha le déanaí, agus é mar aidhm acu soláthairtí atá sonrach do stoirmeacha a dhúbailt.
I gcomhairle leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus le Coillte, leanfaidh oifigigh ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an tArd-Aighne agus Líonraí BSL le measúnú a dhéanamh ar reachtaíocht a bhaineann le foraoiseacht agus a caidreamh le bonneagar leictreachais.
Táthar ag súil leis go n-iarrfaidh an roinn ceadú ar an rialtas ar ball beag chun leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann le conairí foraoiseachta, ar mhaithe le hobair athléimneachta amach anseo a chur ar aghaidh don eangach leictreachais.
Chabhraigh criúnna ón mBreatain Mhór, ó Thuaisceart Éireann agus ó áiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh le soláthairtí leictreachais a chur ar ais tar éis Stoirm Éowyn, agus ba mhór againn an chabhair sin. Tá pleananna á ndéanamh chun treisiú leis an gcaidreamh le cuideachtaí líonra Eorpacha trí shocruithe frithpháirteacha tacaíochta stoirme a fhorbairt níos déanaí i mbliana.
Ar leithligh uaidh sin, chuir Cathaoirleach an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí tús le hAthbhreithniú trasrialtais ar an bhFreagairt do Stoirm Éowyn. Tá an tAthbhreithniú sin faoi stiúir ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus táthar ag súil leis go mbeidh sé críochnaithe faoi dheireadh mhí an Mheithimh. I measc nithe eile, féachfar san Athbhreithniú ar chomhordú na mbeart freagartha ar an leibhéal áitiúil le tacaíocht ó fhreagairt uile-rialtais ar an leibhéal náisiúnta.
Is féidir amharc ar an bPlean Athléimneachta Eangaí ó Líonraí BSL do Gheimhreadh na bliana 2025 ar shuíomh gréasáin Líonraí BSL.
CRÍOCH