English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Brien deontais is fiú €500,000 le haghaidh rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí aeráide

D’fhógair Darragh O’Brien, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach, inniu go bhfuil deontais is fiú €500,000 dáfa faoin gCiste Rannpháirtíochta 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide'. Méid idir €2,500 agus €10,000 a bheidh sna deontais agus dáilfear iad ar 96 cinn de ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i 23 chontae. Meastar go mbainfidh 30,000 duine tairbhe as na gníomhaíochtaí a ghinfear tríd an gciste seo, le tacaíocht ó bhreis agus 2,000 oibrí deonach.

Leis an gcistiú, tacófar le grúpaí agus eagraíochtaí atá ag obair chun daoine a thabhairt le chéile agus chun faisnéis a chomhroinnt faoin ngníomhú ar son na haeráide. Tá an ciste dírithe ar rannpháirtíocht, feasacht agus cumarsáid maidir leis an aeráid, agus é ag cabhrú le pobail spriocphobail nua ina gceantair a shroicheadh. Toradh eile a bheidh ar an gciste is ea go dtabharfar deiseanna do ghrúpaí pobail a gcuid oibre a chur chun cinn agus teachtaireacht an ghníomhaithe ar son na haeráide atá faoi stiúir ag an bpobal a scaipeadh.

Is é Fondúireacht Pobail d’Éirinn a riarann an ciste. Mar chuid de mhisean na Fondúireachta go mbeadh Comhionannas ag Gach Duine i bPobail atá faoi Bhláth, tá sí ag cumhachtú grúpaí áitiúla, taighdeoirí agus tathantóirí chun dul i mbun gnímh maidir leis an aeráid agus leis an dúlra ón mbliain 2000 i leith. Tá obair na fondúireachta sa réimse sin bunaithe ar an taithí 25 bliana atá aici ar obair i gcomhpháirt le 5,000 ceann de ghrúpaí deonacha, pobail agus carthanúla mar mhol daonchairdiúil, ar líonra é atá ag leanúint ar aghaidh ag fás.

Ag fógairt na ndeontaithe dó, dúirt an tAire O’Brien:

"Bíonn ár bpobail áitiúla ag soláthar obair iontach ar an ngníomhú ar son na haeráide, agus an-chuid di á déanamh as radharc. Leis an gcistiú seo, cabhrófar le grúpaí sna pobail sin feasacht ar an obair sin a mhúscailt agus teachtaireacht an ghníomhaithe ar son na haeráide a thabhairt chuig spriocphobal níos leithne. Idir cheardlanna, imeachtaí agus chruthú ábhair, is spriocdhírithe ar an scéalaíocht atá an ciste seo dáiríre, agus é ag cabhrú le daoine a scéalta féin a insint faoin ngníomhú ar son na haeráide. Tá an-áthas orm go bhfuilim in ann cabhrú leis na tionscnaimh sin samplaí den obair iontach atá á déanamh ar fud na hÉireann a thaispeáint."

Dúirt an tAire Dillon:

"Déanann an t-athrú aeráide difear do phobail dhifriúla ar bhealaí difriúla. Na difir a mhothaímidne in Iarthar na hÉireann, tá siad difriúil leo sin a mhothaítear i mBaile Átha Cliath nó sa Lár Tíre, mar shampla. Leis an gciste seo, cabhraítear le léargas a thabhairt ar fhreagairtí áitiúla sonracha don athrú aeráide. Idir ábhar tarraingteach meán sóisialta a fhorbairt agus thacú le comharghrúpaí áitiúla comhshaoil, beidh an cistiú seo ina chabhair luachmhar nuair a bheifear ag cur obair na ngrúpaí pobail chun cinn, a mbíonn an-chuid díobh ag obair gan stad gan staonadh ar bhonn deonach. Molaim a gcuid oibre agus fáiltím roimh an deis seo an obair sin a thaispeáint agus a cheiliúradh."

Dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Pobail d’Éirinn:

"Cuid ríthábhachtach den dúshlán aeráide a shárú is ea an chomhpháirtíocht. I bhFondúireacht Pobail, tá bród orainn as eolas agus léargais ónár líonra grúpaí áitiúla pobail a thabhairt chun bonn eolais a chur faoin tionscnamh rialtais seo agus chun é a sholáthar. Is líonra é atá mar bhonn agus thaca ag ár n-obair ar fad mar mhol daonchairdiúil. Táimid ag súil le tionchar na dtionscadal cruthaitheach seo a fheiceáil."

Tá an ciste ina chomhpháirt lárnach den Chlár ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’. Leis an gclár sin, tógadh ar an gcaidreamh le grúpaí pobail tríd an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide le blianta beaga anuas. Léiríodh sa rannpháirtíocht go bhfaigheann a lán grúpaí agus eagraíochtaí pobail tacaíocht trí oibrithe deonacha, ar gá dóibh go minic a gcuid oícheanta agus laethanta a thabhairt suas chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta agus cumarsáide. Tá sé de rún ag an gciste tacaíocht a thabhairt chun an obair iontach atá ar bun cheana féin a chur chun cinn agus chun rannpháirtíocht nua a spreagadh. Leis an gciste, tacaítear le grúpaí obair i gcomhar le spriocphobail nár ghlac páirt riamh sa ghníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil nó níos faide anonn.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Clár 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide'

Is é is Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide ann ná clár náisiúnta rannpháirtíochta ar ghníomhú ar son na haeráide. Leis an gclár, cuirtear ar chumas daoine agus pobal ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh sa chomhrá ar an athrú aeráide. Áirítear leis an tionscadal 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide':

  • clár méadaithe gníomhaíochtaí agus imeachtaí rannpháirtíochta, ag tógáil ar an Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide
  • clár oiliúna ag a bhfuil treoir inrochtana agus dea-chleachtais maidir le cláir rannpháirtíochta aeráide d’eagraíochtaí pobail a fhorbairt agus a chur chun feidhme
  • cistiú agus acmhainní do ghrúpaí pobail chun tacú le cumarsáid agus rannpháirtíocht maidir leis an aeráid ar an leibhéal áitiúil
  • léarscáil idirghníomhach de ghníomhaíochtaí réigiúnacha atá ag tarlú i gceantair éagsúla
  • feachtas náisiúnta cumarsáide chun an scéal a insint faoi na gníomhartha pobail ar son na haeráide atá ag déanamh difir cheana féin

An Ciste Rannpháirtíochta 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide'

Tá an Ciste ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’ dírithe go sonrach ar ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail chun tacú leo sna réimsí seo a leanas:

  • Feasacht an Phobail: feasacht ar ghníomhartha ar son na haeráide a chur chun cinn agus a chruthú sa cheantar áitiúil agus daoine eile a spreagadh chun páirt a ghlacadh iontu
  • Rannpháirtíocht an Phobail: naisc a chruthú le daoine eile ina bpobail, caidreamh a dhéanamh lena chéile agus a n-iarrachtaí sa ghníomhú ar son na haeráide a chomhordú ar bhealach níos fearr
  • Gníomhachtú an Phobail: comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt trí chomhordú níos fearr chun tacú le tionscadail agus cláir atá nua agus níos mó

Roinnt de na tionscadail ar dámhadh cistiú dóibh

  • Ná Fág Aon Rian, Éire: Leis an tionscadal seo, méadófar clúdach an fheachtais "Love This Place" trí fhíseáin meán sóisialta agus trí imeachtaí pobail, agus feasacht ar an aeráid á múscailt trí iompraíochtaí inbhuanaithe lasmuigh agus maoirseacht timpeallachta a chur chun cinn, agus gníomhartha pearsanta á nascadh leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide
  • Club CLG Éire Óg na gCloch Liath (Cill Mhantáin): Le Cairt Chlubanna Spóirt na gCloch Liath um Ghníomhú ar son na hAeráide, tabharfar breis agus 30 club spórt i mórcheantar na gCloch Liath (lena n-áirítear Deilgne, Cill Chomhghaill, Baile an Chinnéidigh agus na Clocha Liatha) le chéile chun obair le chéile ar an nGníomhú ar son na hAeráide atá ábhartha do chlubanna spóirt
  • Compántas Comhtháite Damhsa Croí Glan (Corcaigh): Is é is 'Change' ann Taibhiú Damhsa uaillmhianach nua a comhchruthaíodh trí shraith ceardlann le daoine a bhfuil míchumas orthu ina ndírítear ar fheasacht an phobail a mhéadú, agus ar mhalartú eolais a spreagadh, maidir leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide
  • Cumann Áitritheoirí an Ardáin Ríoga (Baile Átha Cliath): Ba é a bheadh i gceist leis an tionscadal seo trí cheardlann dhá uair an chloig a sholáthar i gcaitheamh na bliana ar na topaicí seo a leanas: an faisean inbhuanaithe, lena n-áirítear malartú éadaí chun diomailt a sheachaint; ceardlann bia inbhuanaithe ina ndíreofar ar an dramhaíl bhia; agus ceardlann dramhaíola nialasaí ina ndíreofar ar ábhair agus táirgí atá ann cheana a athúsáid, a dheisiú, a athchóiriú agus a athchúrsáil
  • Cumann Tuismitheoirí Scoil Náisiúnta Naomh Peadar, Baile Phib (Baile Átha Cliath): Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo feasacht a mhéadú ar ghníomhaíochtaí atá dearfach ó thaobh na haeráide de trí dhá threoirthionscadal rathúla inbhuanaitheachta ón mbliain 2023/24 a leathnú
  • An Chabrach a Nascadh (Baile Átha Cliath): Tacaíocht spriocdhírithe do phobail faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath 7 chun tacú leo leas a bhaint as deontais iarfheistithe chun tithe níos teo a sholáthar. Tógtar leis sin ar threoirchláir inar baineadh triail as modhanna cuí éifeachtacha
  • Forbairt Acmhainní Pobail Bhalla: Tuarascáil Athnuachana Baile agus Sráidbhaile a chur i gcrích, ar dá bharr a bheifear in ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann aníos, agus díriú á leagan ar mheasúnú ar riachtanais fuinnimh mar phobal trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)

Is féidir liosta iomlán de na deontaithe a léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.