English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan 20 Curadh nua Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don tréimhse 2024-2025

  • Idir Sligo Rovers agus Bhanóglaigh na hÉireann, tá na curaidh nua Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina léiriú ar an bhfonn atá ar eagraíochtaí móra agus beaga Éireannacha spriocanna na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn agus a chomhlíonadh ar son domhan níos fearr

Cheap Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 20 eagraíocht nua ó áiteanna ar fud shochaí na hÉireann chun teacht chun bheith ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Tá eagraíochtaí amhail Banóglaigh na hÉireann, Sligo Rovers, ALDI agus Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag dul isteach sa ghluaiseacht chun dul chun cinn na hÉireann a bhrú chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – arb iad na 17 Sprioc a bhfuil mar aidhm leo forbairt inbhuanaithe a sholáthar ar son daoine agus ar son an phláinéid iad.

Fágann sé sin gurb ionann an líon Curadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe in Éirinn agus 54 cinn anois. Tháinig 34 cinn d’eagraíochtaí agus de ghrúpaí, idir chinn mhóra agus chinn bheaga, chun bheith ina gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe cheana féin i gclár na dtréimhsí 2019-2020 agus 2023-2024. Áirítear leo sin, mar shampla, Musgraves, an Cumann Lúthchleas Gael, Macra na Feirme, agus Comhlachais Tráchtála na hÉireann, i measc eagraíochtaí agus grúpaí eile.

Ag fógairt na gceapachán dó, dúirt an tAire Ryan:

"Níl an domhan ar an mbóthar ceart faoi láthair chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus is gá dlús a chur leis an ngníomhú. Sna deich mbliana seo de ghníomhú ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, áfach, tá Éire meáite ar phríomhról a imirt sna spriocanna a chomhlíonadh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta."

"Rinne breis agus 90 eagraíocht iarratas ar pháirt a ghlacadh sa chlár i mbliana, rud a thaispeánann an tiomantas a bhíonn ag fás i measc shochaí na hÉireann do na spriocanna a chomhlíonadh agus a chur chun cinn, ar spriocanna iad a bhfuil an comhionannas, an rochtain ar bhunchearta amhail uisce glan, fuinneamh glan, bia agus dídean do chách, agus an ceartas aeráide ina gcuid dhílis díobh. Is iontach a fheiceáil go bhfuil éagsúlacht chomh mór sin eagraíochtaí tráchtála, institiúidí acadúla, eagraíochtaí a oibríonn leis an aos óg agus eagraíochtaí comhshaoil ag dul isteach sa chomharghrúpa Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i mbliana. Tá sé cosúil le hamharc ar shampla leathan de shochaí na hÉireann, agus an aidhm choiteann acu ár dtodhchaí chomhchoiteann a fheabhsú."

"In amanna, bíonn an chuma ar spriocanna idirnáisiúnta go bhfuil siad scanrúil nó go bhfuil siad scoite ónár n-eispéiris ghnáthshaoil. Tá sé i gceist le spriocanna idirnáisiúnta, áfach, feabhas a chur ar shaol daoine agus ar thorthaí do dhaoine ar an leibhéal áitiúil. Trína gcuid oibre, cabhraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe lena thaispeáint gur le gach duine i ngach pobal i ngach tír ar fud an domhain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur féidir le gach duine ról a imirt."

Mar chuid de chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don tréimhse 2024-2025, cabhróidh na heagraíochtaí roghnaithe le feasacht a mhúscailt ar a thábhachtaí atá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar threochlár le haghaidh todhchaí a bheidh níos sábháilte, níos cothroime, níos rathúla agus níos inbhuanaithe do chách agus nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh inti. Taispeánfaidh na curaidh trína gcuid gníomhartha féin gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Maidir leis na heagraíochtaí a ceapadh faoi chlár na bliana seo, roghnaíodh iad ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach, ón earnáil pobail, ón earnáil dheonach, ón earnáil óige agus ón earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tá mór-eagraíochtaí náisiúnta agus mionghrúpaí pobail ina measc.

De bhreis air sin, roghnaigh iar-Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe tabhairt faoin ról mar Ambasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus tá siad ag leanúint d’fheasacht a mhúscailt agus de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn. Oibreoidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar le curaidh na bliana seo agus le hAmbasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud na bliana chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre foriomlán 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach in Éirinn.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

2024-2025 ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe

I mí Mheán Fómhair 2015, ghlac gach ceann de 193 Bhallstát na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ("I mBun Athraithe"). Is é is Clár Oibre 2030 ann ná plean gníomhaíochta ar son an duine, an phláinéid agus an rathúnais. Tá Clár Oibre 2030 dírithe ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (dá ngairtear na 'Spriocanna Domhanda' freisin) agus ar an 169 mionsprioc a bhaineann leo.

Is spriocanna uilíocha idircheangailte iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus iad ag cumhdach na dtrí ghné den fhorbairt inbhuanaithe, is iad sin: fás geilleagrach; cuimsiú sóisialta; agus cosaint an chomhshaoil. Lena linn sin, tugtar aghaidh leo ar réimsí amhail an bhochtaineacht, an t-oideachas, an tsláinte, an comhionannas, an fuinneamh glan, an obair chuibhiúil, agus an tomhaltas inbhuanaithe, i measc nithe eile.

Chun faisnéis a fháil faoi Éirinn agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, téigh chuig Item was unpublished or removed

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Náisiúin Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, téigh chuig suíomh gréasáin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

An próiseas roghnúcháin le haghaidh Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2024-2025

Osclaíodh an glao ar léirithe spéise i bpáirt a ghlacadh i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2024-2025 an 19 Feabhra agus dúnadh é an 8 Aibreán 2024. Fuarthas 94 iarratas ó eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta ar fud na tíre. Roghnaigh foghrúpa den Ghrúpa Oibre Idir-rannach do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe gearrliosta deiridh de 20 Curadh le haghaidh leagan na bliana 2024 den chlár.

Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019 mar thionscnamh chun feasacht an phobail a mhúscailt, chun a thaispeáint cén obair atá á déanamh ag na heagraíochtaí ceaptha chun dul chun cinn a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun a léiriú cé na dóigheanna praiticiúla ar féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach agus chun a thaispeáint gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Ról na nAmbasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

I mbliana, beidh deis ag eagraíochtaí ba churaidh roimhe seo leanúint de chur chun cinn agus dul chun cinn a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar Ambasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Forbraíodh an ról seo chun Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlánú agus cuirfear ar chumas iarchuradh leis an ról leanúint dá n-obair luachmhar, agus iad ag rannchuidiú le feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le hiad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta.

Ról na nAmbasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

I mbliana, beidh deis ag eagraíochtaí ba churaidh roimhe seo leanúint de chur chun cinn agus dul chun cinn a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar Ambasadóirí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Forbraíodh an ról seo chun Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlánú agus cuirfear ar chumas iarchuradh leis an ról leanúint dá n-obair luachmhar, agus iad ag rannchuidiú le feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus le hiad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta.

Plean Forfheidhmithe Náisiúnta

Bunaíodh an clár mar chuid den chéad Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, inar leagadh amach an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba é a bhí san athsheoladh ná gealltanas a tugadh sa Item was unpublished or removed rud a foilsíodh le déanaí agus inar leagadh cúig chuspóir straitéiseacha agus 51 ghníomh amach, agus 119 mbeart aonair ann chun cur le huaillmhian na hÉireann agus treisiú leis na struchtúir chur chun feidhme atá i bhfeidhm chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Mionsonraí teagmhála Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Is liostaithe thíos atá an 20 eagraíocht uile arb iad Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe iad do chlár na tréimhse 2024/2025. Chun agallaimh meán a eagrú nó chun tráchtanna a iarraidh, déan teagmháil leis na heagraíochtaí aonair is curaidh go díreach.

Ainm na heagraíochta is curadh Seoladh ríomhphoist teagmhála Contae/contaetha
ALDI Ireland aldi@finnpartners.com Náisiúnta
Amicitia patrick@amicitia.org Gaillimh
Change Clothes Crumlin mary@changeclothes.org Baile Átha Cliath
Gairdín Pobail Ghort na Silíní doconnell@bcpartnership.ie Baile Átha Cliath
ConsortiaCo sam@consortiaco.io Corcaigh
Comhlachas Tráchtála Chorcaí ashley@corkchamber.ie Corcaigh
Football Cooperative steven@footballcooperative.ie Baile Átha Cliath/Luimneach
Líonraí Gáis Éireann sustainability@gasnetworks.ie Náisiúnta
IOB Phil.Boughton@iob.ie Náisiúnta
Banóglaigh na hÉireann pr@irishgirlguides.ie Náisiúnta
Junk Kouture Katie@junkkouture.com Náisiúnta
Coiste Bailte Slachtmhara Chinn Mhara kinvaratidytowns01@gmail.com Gaillimh
Ná Fág Aon Rian, Éire julie@leavenotraceireland.org Náisiúnta
Comhairle Contae Mhaigh Eo communications@mayococo.ie Maigh Eo
Rubbish Film Festival peter@createschool.ie Náisiúnta
Club Peile Sligo Rovers fsr@sligorovers.com Sligeach
Thinkhouse jane@thinkhousehq.com Náisiúnta
Too Good to Go press@toogoodtogo.ie Baile Átha Cliath
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath patrice.harrington@ucd.ie Náisiúnta
Uiscebhealaí Éireann cormac.mccarthy@waterwaysireland.org Náisiúnta