English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan agus an tAire Coveney tacaíochtaí breisithe do ghnólachtaí tríd an Scéim Grianphainéal Fótavoltach

  • Tá cistiú nua sa raon idir €2,700 agus €162,600 ar fáil chun tacú le raon níos leithne gnólachtaí fós aistriú chuig grianfhuinneamh
  • Is gnách go dtacóidh sé sin le 20-30% den chostas infheistíochta, rud a laghdóidh an tréimhse aisíoca go cúig bliana i gcásanna áirithe
  • Cuirfidh na breisithe nua faoin Scéim Grianphainéal Fótavoltach borradh faoi infheistíocht an lucht gnó i nginiúint fuinnimh inathnuaite

Inniu (Dé Máirt an 4 Iúil), cheadaigh an Rialtas leasuithe ar an Scéim Micrighiniúna Neamhbhaile atá ann cheana, atá á hoibriú ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, chun tacaíochtaí a leathnú chuig raon níos leithne gnólachtaí agus iarratasóirí neamhbhaile. Déanfar amhlaidh trí thacaíochtaí cisealta deontais a sholáthar le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha, agus iad ar fáil do shuiteálacha ag a bhfuil toilleadh os cionn 6 kWp agus toilleadh faoi bhun 1,000 kWp (1 MW).

Cumhdófar sa raon nua méideanna suiteála raon suntasach gnólachtaí éagsúla, idir shiopaí beaga áitiúla agus saoráidí móra monaraíochta. Beidh an deontas ar fáil d’fhoirgnimh phoiblí, do chlubanna spóirt agus d’eagraíochtaí pobail freisin. Tá méid suiteála 1000 kWp cothrom le thart ar 2,500 grianphainéal fótavoltach, a bhféadfaí iad a shuí ar an díon ar mhonarcha mhór nó ar thrádstóras mór.

Mar thoradh ar an togra comhpháirteach a chuir an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun tosaigh, aistreofar cistiú ar shiúl ón leithdháileadh ar an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí ar mhaithe leis na tacaíochtaí le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha neamhbhaile atá ann cheana a leathnú. Oibreofar an scéim leasaithe ar bhonn trialach suas go deireadh na bliana 2023. Ina dhiaidh sin, déanfar measúnú uirthi agus beidh sí faoi réir an ghnáthphróisis bhuiséadaigh don bhliain 2024/2025. Cuirfidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann na hathruithe riachtanacha chun feidhme agus tosóidh sé ag glacadh le hiarratais faoi na treoirlínte don scéim leasaithe i lár mhí Iúil.

Tá na hAirí agus a gcuid oifigeach ag obair go dlúth le chéile ar idirghabhálacha féideartha beartais chun cabhrú le gnólachtaí a n-úsáid fuinnimh a dhícharbónú agus a gcostais a laghdú. Leis an scéim nuashonraithe atá á fógairt inniu, comhlánófar na cuspóirí atá leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí trí réiteach a sholáthar chun tionchar na n-ardphraghsanna fuinnimh a bhainistiú. Toradh eile a bheidh ar an scéim nuashonraithe is ea go soláthrófar réiteach chun an luaineacht praghsanna sin a mhaolú agus, ag an am céanna, go gcuirfear ar chumas na ngnólachtaí lena mbaineann a n-astaíochtaí féin a laghdú agus tacú leis an eangach leictreachais áitiúil.

Mar thoradh ar na leasuithe nua ar an scéim, beifear in ann tacaíochtaí deontais a leathnú chuig suiteálacha a bhfuil toilleadh 1,000 kWp ar a mhéad acu – is mó i bhfad é sin ná an teorainn 6 kWp a bhí i bhfeidhm roimhe sin faoin scéim. Trí na deontais a chur ar fáil don raon uasta gnólachtaí mar chuid den treoirchlár, beifear in ann measúnú a dhéanamh freisin ar an leibhéal iomlán éilimh atá ag an lucht tionscail ar fad ar réitigh grianphainéal fótavoltach. Ar an tslí sin, gnóthófar sonraí luachmhara maidir le tacaíocht ilbhliantúil fhéideartha d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

"Tá an beart seo ón Rialtas mar fhianaise ar an tiomantas leanúnach atá ag Éirinn tacú lenár gcuid saoránach, gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail go léir ról a imirt inár n-aistear i dtreo todhchaí fuinnimh inathnuaite atá níos glaine agus níos saoire. Is fianaise é freisin ar an tiomantas láidir atá ann ar fud an Rialtais forbairt a dhéanamh ar réitigh nuálacha lena bhféadtar tacú le gnólachtaí a gcostais fuinnimh a bhainistiú agus, ag an am céanna, lena bhféadtar cur ar chumas na gnólachtaí sin infheistiú i réiteach buan lena laghdófar a lorg carbóin agus lena dtacófar leis an eangach leictreachais áitiúil.

"Chuireamar deireadh leis na ceanglais a bhí ann roimhe cead pleanála a fháil chun grianphainéil a shuiteáil ar thithe. Laghdaíomar go nialas freisin an ráta cánach breisluacha ar ghrianphainéil a sholáthar agus a shuiteáil ar thithe. Mar thoradh air sin, is ag méadú i gcónaí a bhíonn an t-éileamh ar ár Scéim Tacaíochta Micrighiniúna Baile atá á hoibriú ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, agus an líon is airde iarratas riamh á bhfáil sna blianta 2022 agus 2023. Mar gheall air sin, tá thart ar 60,000 teach cláraithe mar mhicrighineadóirí anois.

"Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go dtabharfaí an deis chéanna do ghnólachtaí anois tús a chur lena n-aistriú fuinnimh. Ní hé amháin go bhfuil sé sin tábhachtach do ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail aonair, ach, mar gheall ar na dúshláin bhreise atá sainaitheanta sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, is é an toradh a bheidh ar thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí infheistiú i ngrianphainéil fhótavoltacha ná go gcuirfear ar chumas na ngnólachtaí sin páirt a ghlacadh i scéimeanna lena dtugtar tuilleadh smachta do dhaoine ar cén uair agus conas a úsáideann siad leictreachas."

Meastar go mbeidh costas suas le €15 mhilliún ag baint leis na tacaíochtaí breisithe faoin treoirscéim sa bhliain 2023.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe Rialtais, dúirt Simon Coveney, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:

"Ba mhaith liom go bhfeicfeadh gnólachtaí na deiseanna a ghabhann le fuinneamh inathnuaite maidir le costais a ísliú, astaíochtaí carbóin a laghdú agus inbhuanaitheacht a mhéadú. Tá gnólachtaí a úsáideann foinsí fuinnimh inathnuaite níos athléimní in aghaidh luaineacht praghsanna agus beidh siad i riocht maith de réir mar a dhéanaimid ár ngeilleagar a dhícharbónú. Tá an beart seo mar fhianaise ar an tiomantas atá ag an Rialtas cabhrú le gnólachtaí airgead a choigilt ar a mbillí fuinnimh agus a lorg carbóin a laghdú de réir mar a rannchuidíonn siad go dearfach lenár spriocanna náisiúnta athrú aeráide a bhaint amach."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Beidh an scéim leasaithe ar fáil do ghnólachtaí, trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, ó lár mhí Iúil 2023.

Beidh na deontais nuashonraithe mar a leanas:

  • Cé nach mbeidh aon athrú ann ar an deontas atá ar fáil do shuiteálacha a bhfuil toilleadh faoi bhun 6 kWp acu, agus é cothrom le suas le €2,400, soláthrófar:
  • €300/kWp sa bhreis do gach kWp sa bhreis i suiteálacha a bhfuil a dtoilleadh idir 7 kWp agus 20 kWp
  • €200/kWp sa bhreis do gach kWp sa bhreis i suiteálacha a bhfuil a dtoilleadh idir 21 kWp agus 200 kWp
  • €150/kWp sa bhreis do gach kWp sa bhreis i suiteálacha a bhfuil a dtoilleadh idir 201 kWp agus 1000 kWp

Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh suiteálacha a bhfuil toilleadh faoi bhun 1 MW acu bheith incháilithe do dheontas is fiú suas le €162,600.

Freastalófar ar chostais an leasaithe seo ar an Scéim Micrighiniúna Neamhbhaile trí chistiú a aistriú ar shiúl ón leithdháileadh ar an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí do thionscadail atá á gcistiú sa bhliain 2023. Leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, soláthraítear tacaíocht do ghnólachtaí a ndearna an méadú gan fasach i gcostais fuinnimh de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin difear dóibh. Bhí sé beartaithe ar dtús go n-oibreofaí an scéim i leith costais leictreachais agus gháis nádúrtha a bhaineann leis an tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023. Fadaíodh an scéim ansin, go dtí an 31 Bealtaine 2023. Leathnaíodh an scéim freisin. Áiríodh leis sin an tairseach cáiliúcháin a laghdú ó mhéadú 50% i gcostais leictreachais nó gháis go méadú 30% (ar laghdú é a raibh feidhm chúlghabhálach aige ón 1 Meán Fómhair anuraidh) agus an leibhéal faoisimh a mhéadú, ón 1 Márta, ó 40% go 50% de chostais incháilithe, faoi réir teorainn mhíosúil. Ó mhí an Mhárta, méadófar an teorainn mhíosúil sin go €15,000 in aghaidh na míosa in aghaidh na ceirde nó na gairme, faoi réir uasteorainn fhoriomlán €45,000 i gcás go seoltar gnó ó níos mó ná láthair amháin.