Fógraíonn an tAire Ryan bearta nua chun cabhrú le húinéirí tithe atá déanta as Bloic Choincréite Lochtacha rochtain a fháil ar dheontais ó SEAI
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- A bhuí leis na hathruithe, beidh deis ag tuilleadh teaghlach sa Scéim um Bloic Choincréite Lochtacha leas a bhaint as deontais ó SEAI is fiú suas le €37,550
Inniu, tá bearta fógartha ag Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, lena gcabhrófar le teaghlaigh a bhaineann leas as an Scéim Fheabhsaithe um Bloic Choincréite Lochtacha rochtain a fháil freisin ar dheontais ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) chun cabhrú le feidhmíocht fuinnimh a dtithe.
Beidh deontais is fiú suas le €37,550 ar fáil ó SEAI chun a chinntiú go mbeidh tithe atógtha nó athchóirithe dea-inslithe agus go dtéifear le teaschaidéal iad. Tá an méid sin de bhreis ar na deontais is fiú suas le €420,000 atá ar fáil d’úinéirí tí dá ndéantar difear faoin Scéim Fheabhsaithe um Bloic Choincréite Lochtacha.
Leis na socruithe saincheaptha nua a mbeidh feidhm acu maidir le húinéirí tí dá ndéanann Bloic Choincréite Lochtacha difear, agus maidir leo sin amháin, tabharfar aghaidh ar bhacainní ar na deontais a rochtain agus cinnteofar go n-oibreofar na scéimeanna ar bhealach cuíchóirithe.
Beidh úinéirí tí faoin Scéim Fheabhsaithe um Bloic Choincréite Lochtacha in ann leas a bhaint as roinnt scéimeanna de chuid SEAI, mar atá:
- An Scéim Náisiúnta um Uasghráduithe Fuinnimh Tí (Ionaid Ilfhreastail)
- An Scéim Deontais Fuinnimh Pobail
- An Scéim um Thithe Fuinnimh Níos Fearr
- An Scéim Grianphainéal Fótavoltach
Dúirt an tAire Ryan:
"D’éisteamar le húinéirí tí sa réigiún agus chualamar faoi na dúshláin ar leith a bhí rompu agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar dheontais ó SEAI. Ba mhaith leis an Rialtas a chinntiú go mbeidh deis ag gach teaghlach tairbhiú den aistriú glas agus de thithe atá níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí agus lena ngabhann billí fuinnimh agus astaíochtaí níos ísle. Is é sin an fáth a bhfuilim ag tabhairt isteach na n-athruithe a fógraíodh inniu.
"Tá súil agam go mbainfidh gach úinéir tí dá ndéanann Bloic Choincréite Lochtacha difear leas as na deontais ó SEAI, ionas gur féidir leo tairbhiú den raidhse fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh atá ar fáil in iarthar na hÉireann agus deireadh a chur leis an ngá le breoslaí iontaise allmhairithe costasacha."
Rinne SEAI teagmháil cheana féin le thart ar 200 úinéir tí dá ndéantar difear agus a chuir spéis in iúl roimhe seo sna deontais, agus tosóidh sé ar an gcur chuige nua a chur chun feidhme an mhí seo chugainn. Cuirfear feachtas dírithe cumarsáide i bhfeidhm sa réigiún dá ndéantar difear freisin, ar mhaithe le feasacht agus glacadh leis an scéim a uasmhéadú. Tá tuilleadh mionsonraí faoi conas is féidir le húinéirí tí rochtain a fháil ar dheontais ó SEAI ar fáil ar rannán de shuíomh Gréasáin SEAI atá tiomnaithe don Scéim um Bloic Choincréite Lochtacha. Is féidir le húinéirí tí teagmháil a dhéanamh le SEAI freisin trí ghlao a chur ar uimhir theileafóin thiomnaithe (01 8082004) nó trí ríomhphost a sheoladh chuig dcb@seai.ie
D’iarr an tAire freisin go n-oibreodh SEAI i gcomhar le grúpaí pobail, le hionadaithe agus leis an lucht tionsclaíochta sa limistéar áitiúil chun conraitheoirí a spreagadh clárú le SEAI chun tabhairt faoi oibreacha uasghrádaithe fuinnimh. Is simplí an rud é clárú mar shuiteálaí de chuid SEAI, agus is gá déanamh amhlaidh chun a léiriú d’úinéirí tí go bhfuil conraitheoirí inniúil san obair atá i gceist, go bhfuil árachas acu, go gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí cánach agus go n-úsáideann siad modhanna agus ábhair atá deimhnithe ag Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann le haghaidh oibreacha uasghrádaithe fuinnimh.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Sna seachtainí atá le teacht, cuirfidh SEAI roinnt athruithe chun feidhme ar na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir lena scéimeanna deontais. Beidh na hathruithe sin dírithe ar úinéirí tí dá ndéanann Bloic Choincréite Lochtacha difear, agus orthu sin amháin, mar gheall ar a n-imthosca uathúla. Sainaithníodh an gá atá leis na hathruithe sonracha sin tar éis dul i dteagmháil le húinéirí tí sa réigiún.
Is iad seo a leanas na hathruithe a mbeidh feidhm acu:
(i) Eisceacht shealadach ón riail atá i bhfeidhm ag SEAI maidir le hoibreacha atá críochnaithe nó atá ar siúl cheana féin
(ii) Díolúine shealadach ón gceanglas atá ann Rátáil Fuinnimh Foirgnimh réamhoibreacha a fháil;
(iii) Díolúine ón riail lena gcuirtear cosc ar an mbeart céanna a bheith á chistiú faoi dhó (is é sin, i gcás go bhfuil an beart roimhe á bhaint mar chuid de scartáil an tí)
(iv) Díolúine ón riail maidir le bliain na tógála
(v) Chun a chinntiú go mbeidh an próiseas le haghaidh na scéimeanna de chuid SEAI agus an Scéim um Bloic Choincréite Lochtacha a rochtain chomh cuíchóirithe agus is féidir, is é/í an t-aon Ghairmí Inniúil Foirgníochta amháin a dhéanfaidh formhaoirseacht ar oibreacha faoin dá scéim agus a chuirfidh fianaise isteach ina leith
Bunaithe ar rátaí reatha deontais, is é €37,750 uasmhéid na tacaíochta deontais fuinnimh tí atá ar fáil ó SEAI do thithe dá ndéantar difear. Beidh an méid beacht ag brath ar an gconair scéime agus na deontais de chuid SEAI a roghnófar.
Is féidir faisnéis faoin Scéim Fheabhsaithe um Bloic Choincréite Lochtacha a fháil ar Item was unpublished or removed