English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan ciste fuinnimh gaoithe amach ón gcósta is fiú €1 mhilliún do ghrúpaí Éireannacha taighde comhshaoil

  • Leis an gciste, cuirfear ar chumas eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil cur leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh taighde agus idirchaidreamh maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta

D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cistiú breise is fiú €1.1 milliún do Líonra Comhshaoil na hÉireann inniu. Is é is Líonra Comhshaoil na hÉireann ann ná líonra eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil a oibríonn chun an comhshaol a chosaint agus a bhreisiú. Is de bhreis ar an gcistiú bliantúil a fhaigheann Líonra Comhshaoil na hÉireann ón Roinn atá an cistiú atá á sholáthar.

Eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil a bhfuil baint ghníomhach acu leis an earnáil comhshaoil mhuirí, lena n-áirítear Cairde Éanlaith Éireann, Faire Cósta na hÉireann, Caomhnú Ialtóg Éireann agus an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna, beidh siad in ann an cistiú a úsáid chun a n-acmhainn a thógáil agus chun saineolas breise a fháil i réimsí atá ríthábhachtach maidir leis na huaillmhianta fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn a chomhlíonadh. Ar na réimsí sin tá eolaíocht mhuirí, taighde muirí, an córas pleanála le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, agus rannpháirteachas leis an bpobal.

Is é an toradh a bheidh ar na hacmhainní atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil a mhéadú ná go rannchuideofar go mór le pleanáil spáis mhuirí éifeachtach sa todhchaí a bhaint amach i mara agus aigéin na hÉireann agus le córas ‘pleantreoraithe’ nua a bhunú le haghaidh forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Faoin gcur chuige pleantreoraithe sin, beidh forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta sa todhchaí lonnaithe i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe atá bunaithe ag an Stát i gcomhar le príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear pobail áitiúla, daoine a bhfuil baint acu leis an tionscal iascaireachta, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil. Áireofar leis sin an chéad Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a bhunú, rud lena sainaithneofar limistéir mhuirí le haghaidh tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bheidh lonnaithe sa todhchaí amach ó chósta theas na hÉireann. Áirítear leo sin limistéir mhuirí atá oiriúnach d’imscaradh fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoin mbliain 2030 agus tar éis na bliana 2030. Beidh eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil in ann an cistiú breise a fógraíodh inniu a úsáid chun rannchuidiú le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe sa todhchaí a bhunú trí pháirt a ghlacadh i dtréimhsí comhairliúcháin phoiblí. Áireofar leo sin dara tréimhse comhairliúcháin phoiblí atá le teacht le haghaidh an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, rud atá beartaithe le cur ar siúl sna míonna tosaigh den bhliain 2024.

Ag labhairt dó faoin gcistiú agus é ag freastal ar COP 28, dúirt an tAire Ryan:

"Cuid dhílis dár n-obair leanúnach chun dlús a chur le soláthar an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta is ea earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil a bhfuil acmhainní cuí aici. Go háirithe, rannchuideoidh obair na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil sna réimsí um chaomhantas, um fheasacht an phobail agus um oideachas go mór le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe le haghaidh fuinneamh amach ón gcósta a bhunú sa todhchaí.

"Cabhróidh an cistiú seo lena chinntiú go ndéanfar fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt ar bhealach atá inbhuanaithe agus comhsheasmhach le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht a chosaint, agus leis na cuspóirí caomhantais a bhaineann le láithreáin, speicis nó gnáthóga atá faoi chosaint."

Ag fáiltiú di roimh an gcistiú, dúirt Karen Ciesielski, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Líonra Comhshaoil na hÉireann:

"Tá an-áthas orainn an cistiú seo a fháil. Tá sé ríthábhachtach go dtiocfaimis ar an gcothromaíocht cheart idir an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus ár bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt, rud a bheidh ina chéim bhunúsach i dtreo ár n-iarrachtaí an t-athrú aeráide a chomhrac, le linn tathant a dhéanamh ar son iascaigh inbhuanaithe agus obair i gcomhar le pobail chósta. Beidh ár mbaill in ann an cistiú sin a úsáid chun acmhainní breise agus saineolas breise a thógáil chun a chinntiú go bhfreastalófar ar éilimh na hÉireann ar fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta ar bhealach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a rachaidh chun tairbhe do phobail chósta agus do gach duine dínn."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Líonra Comhshaoil na hÉireann

Is é is Líonra Comhshaoil na hÉireann ann ná líonra eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil aonair a oibríonn ina n-aonar agus, nuair is cuí, i gcomhpháirt chun an comhshaol a chosaint agus a bhreisiú agus chun saincheisteanna comhshaoil a chur i lár an aonaigh in Éirinn agus ar fud an domhain. Oibríonn Líonra Comhshaoil na hÉireann chun prionsabail idirnasctha na hinbhuanaitheachta comhshaoil, na hinbhuanaitheachta sóisialta agus na hinbhuanaitheachta eacnamaíche a chur chun cinn.

Na huaillmhianta gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. I lár na bliana 2021, sheol an Rialtas an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí. Is é sin an chéad chreat cuimsitheach de chuid na hÉireann riamh le haghaidh pleanáil spáis mhuirí. Achtaíodh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, i mí na Nollag 2021. Bunaíodh leis córas nua ceadúnúcháin agus bainistíochta forbartha sa limistéar muirí atá le riar ag gníomhaireacht nua darb ainm an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, ag obair di i gcomhar leis an mBord Pleanála, atá ag cabhrú le fuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt.

Sa bhliain 2022, bunaíodh an córas Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta, rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint chuig seacht dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh air sin, bhí na tionscadail sin in ann idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach. Bhí siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.

An chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, cuireadh ar siúl é ní ba luaithe i mbliana. Leagadh béim sna torthaí ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.

Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, atá ag déanamh comhordú ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta.

Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe

Tabharfar i bPleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe soiléire maidir le cén áit a ndéanfar gníomhartha fuinnimh amach ón gcósta amach anseo agus gníomhóidh siad mar phlean bainistíochta do limistéar sonrach dár n-uiscí muirí. Ba i mí Iúil 2023 a foilsíodh an chéad Togra riamh ón Stát le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe – an Togra le haghaidh Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas. Is é an toradh a bheidh ar an bpróiseas sin sa chleachtas ná go gcinnfidh an Stát, ag obair dó i gcomhar le pobail áitiúla agus le príomh-gheallsealbhóirí agus ag déanamh breithniú dó ar ghníomhaíochtaí muirí eile amhail an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara, an láthair chuí le haghaidh forbairtí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe a fháil ar shuíomh gréasáin na roinne ag Item was unpublished or removed

Sceideal le haghaidh ceantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030

An mhí seo caite, mar chuid de sheoladh comhordaithe i gcomhar leis na balltíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, d’fhoilsigh Éire sceideal de cheantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030, ar faoina mbun atá breis agus 13 GW de thoilleadh le himscaradh faoin mbliain 2040. Tá an toilleadh sin i dteannta na 3 GW a dámhadh in ORESS 1, an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta riamh de chuid na hÉireann. Ní bhaineann sé ach leis na himchuacha muirí laistigh de limistéar an Chomhair Fuinnimh (Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach). Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear imchuach an Atlantaigh).

Déanfar dréacht-Chreat Todhchaíoch le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a imscaradh tar éis na bliana 2030 a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin i mí Eanáir. Ceadóidh an Rialtas leagan deiridh den Chreat Todhchaíoch agus foilseofar é i gcomhthráth leis an Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta ón Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta i mí an Mhárta 2024.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023

Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Tá Éire tar éis bogadh chuig cur chuige pleantreoraithe chun ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chomhlíonadh. Tá ár n-uaillmhianta aeráide agus fuinnimh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta á gcomhlíonadh ag an Rialtas trí roinnt céimeanna forluiteacha:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear don chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach agus
  • An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán