Fógraíonn an tAire Ryan cistiú €27 milliún le haghaidh gníomhú pobail ar son na haeráide
- Foilsithe: 2 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 3 Feabhra 2023
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cistiú €24 mhilliún le haghaidh Údaráis Áitiúla inniu chun pobail ísealcharbóin a fhorbairt ar fud na tíre agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Soláthrófar €3 mhilliún eile chun tacú le tionscnaimh thrasteorann agus uile-oileáin i réimse an ghníomhaithe pobail ar son na haeráide.
Tá an cistiú sin mar chuid den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, lena dtacaítear le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn gníomhú pobail ar son na haeráide trí oideachas, trí fhorbairt acmhainne agus trí fhoghlaim trí ghníomhaíocht.
Sheol an tAire Ryan snáithe 1/1a den chlár inniu, atá deartha chun Údaráis Áitiúla a acmhainniú chun obair i gcomhpháirt le pobail. Leis an gclár, tacaítear go sonrach le caidreamh díreach a dhéanamh le pobail chun gníomhú pobail ar son na haeráide a chur chun cinn agus chun cabhrú le borradh a chur faoin obair sin.
Tarraingítear aird sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 ar na tairbhí is féidir le pobail a bhaint as an aistriú ísealcharbóin. Áirítear iad seo a leanas leis na tairbhí sin: tithe níos teo agus níos éifeachtúla; roghanna níos fearr taistil; bailte agus cathracha níos inchónaithe; roghanna níos inbhuanaithe do thomhaltóirí; agus timpeallacht níos fearr do ghlúine atá le teacht. Tabharfar cumhacht do phobail na tairbhí sin a ghnóthú sa chéad snáithe eile seo den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide.
Tá dhá shnáithe ann sa chéim seo, ina dtugtar aghaidh ar ghníomhú díreach ar son na haeráide agus ar oideachas aeráide agus forbairt acmhainne aeráide.
Ceanglaítear le snáithe 1 go gceapfaí Oifigigh thiomnaithe um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide in Údaráis Áitiúla chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do phobail ón bhfíorthús. Tabharfaidh tionscadail phobail a bheidh incháilithe don treoir sin, agus a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do chistiú, aghaidh ar na cúig théama seo a leanas:
- baile/fuinneamh
- taisteal
- bia agus dramhaíl
- siopadóireacht agus athchúrsáil
- gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil
Tabharfaidh tionscadail shnáithe 1a — 'Gníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte' — atá á chistiú faoin gCiste um Oileán Comhroinnte, aghaidh ar na cúig théama chéanna a dtugtar aghaidh orthu i snáithe 1 agus beidh bonn soiléir Thuaidh/Theas acu, áit a nglacfar cur chuige comhpháirtíochta trasteorann agus a mbainfear tionchar trasteorann amach. Ar an tslí sin, cuirfear ar chumas pobal agus Údarás Áitiúil tionscadal trasteorann a mholadh i gcomhpháirt le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann. Is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú.
Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt an tAire Ryan:
"Tá lúcháir orm bheith in ann na snáitheanna is déanaí seo den Phlean um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a fhógairt. Ní éireoidh linn ár n-uaillmhian aeráide a bhaint amach ach amháin i gcás go dtiocfaimid go léir le chéile i gconradh sóisialta neartaithe le haghaidh gníomhú ar son na haeráide, agus sinn ag obair chun teacht ar fhíor-réitigh a théann chun tairbhe do dhaoine agus do phobail agus atá fiúntach, cuimsitheach, cothrom agus inrochtana.
"Ceanglaítear leis na snáitheanna seo go gceapfaí Oifigigh thiomnaithe um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide inár nÚdaráis Áitiúla, rud a fhágann go mbeidh teagmhálaí ann chun treoir, tacaíocht agus comhairle a thabhairt do ghrúpaí agus eagraíochtaí maidir le conas is féidir leo a éirí ina bpobail ísealcharbóin de réir a chéile. Is comhpháirtíocht phraiticiúil aeráide í idir an rialtas áitiúil agus daoine.
"Rud tábhachtach, tá gníomhú pobail ar son na haeráide á éascú againn ar bhonn comhoibríoch trasteorann freisin, mar chuid de thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an rialtais. Agus suim €3 mhilliún á fáil againn ón gCiste um Oileán Comhroinnte, tacóimid le tionscadail trasteorann de chuid pobal agus Údaráis Áitiúla chun cabhrú linn ár spriocanna coiteanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ó Thuaidh agus ó Dheas.
"Tá súil agam tograí tionscadail a fheiceáil ó chomhpháirtíochtaí fud fad an oileáin, lena n-áirítear tograí a bhaineann le líonraí athshlánúcháin dúlra, le feirmeoireacht inbhuanaithe, leis an Aistriú Cóir, agus le hathchóiriú tailte portaigh.
"Tá sé seo ar cheann amháin de na bealaí praiticiúla ina mbíonn an rialtas ag obair i gcomhar le gach pobal ar an oileán ar mhaithe le todhchaí chomhroinnte inbhuanaithe a bhaint amach."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach. Leis an gciste, tacaítear freisin le tionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste go príomha ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
An Ciste um Oileán Comhroinnte
Leis an gCiste um Oileán Comhroinnte, soláthraítear acmhainní imfhálaithe ionas gur féidir na gealltanais infheistíochta uile-oileáin a thug an rialtas faoi Chlár an Rialtais agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta a chomhlíonadh.
I mí Iúil 2022, leithdháil an rialtas suim €3 mhilliún ón gCiste ar Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide le haghaidh Oileán Comhroinnte. Úsáidfear an cistiú sin chun tacú le tionscadail trasteorann nó uile-oileáin a mbeidh bonn soiléir Thuaidh/Theas acu agus a rannchuideoidh le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Cuimseoidh gach tionscadal comhpháirtí amháin ar a laghad ó Thuaisceart Éireann, agus is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú.
Tá tuilleadh faisnéise faoi Thionscnamh Oileáin Chomhroinnte an rialtais agus faoina Chiste um Oileán Comhroinnte ar fáil ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.
An Plean Gnímh don Aeráid 2023
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023,a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil dá chineál, agus é ar an gcéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tagann sé sna sála ar na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a tugadh isteach ar fud an gheilleagair ar fad sa bhliain 2022.
Leagtar gníomhartha ar fud roinnt réimsí amach sa phlean, lena n-áirítear gníomhartha i sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:
- foinsí fuinnimh inathnuaite a chumhachtú
- foirgnimh níos fearr a thógáil
- ár modhanna taistil a bhunathrú chun feabhais
- feirmeacha teaghlaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe
- gnó agus fiontar a ghlasú
- ár n-úsáid talún a athrú