English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don bhliain 2023-2024

Cheap Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 26 eagraíocht ó áiteanna ar fud na sochaí mar cheannairí maidir le dul chun cinn na hÉireann a bhrú chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Ceapadh na heagraíochtaí mar chuid de Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023-2024, a forbraíodh chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Is é atá i gceist le ról Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí.

Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt an tAire Ryan:

"Tá ríméad orm a bheith ag athsheoladh Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don bhliain 2023-2024. Tá dúshláin ollmhóra os ár gcomhair maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, mar gheall ar na brúnna gan fasach atá ar ár bpláinéad, ar ár ngeilleagar agus ar ár sochaí agus mar gheall ar na tionchair a d’eascair as paindéim COVID-19. Seo é an t-am chun dlús a chur leis an ngníomhú i dtreo na spriocanna a bhaint amach, chun atógáil ar dhóigh níos fearr gan aon duine a fhágáil inár ndiaidh.

"Aithnítear i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe gur do gach duine a bhíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur féidir le gach duine rannchuidiú le rath na Spriocanna sin. Rinne níos mó ná 80 eagraíocht iarratas ar pháirt a ghlacadh sa chlár i mbliana, rud a léiríonn cé chomh hullamh is atá sochaí na hÉireann do chabhrú lena chinntiú go mbeidh Éire chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir leis na spriocanna a bhaint amach. Cúram comhchoiteann nach féidir a chur i gcrích gan chomhpháirtíocht is ea mionspriocanna na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá an roinn seo ag súil le comhoibriú rathúil le curaidh na bliana seo de réir mar a oibrímid le chéile chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 a bhaint amach in Éirinn."

I measc na 26 churadh a ceapadh faoi chlár na bliana seo tá 22 eagraíocht nuacheaptha agus ceithre eagraíocht ar iar-Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe iad agus a roghnaigh leanúint den ról a ciorraíodh de dheasca phaindéim COVID-19.

Roghnaíodh na curaidh ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach, ón earnáil pobail, ón earnáil dheonach, ón earnáil óige agus ón earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tá mór-eagraíochtaí náisiúnta agus mionghrúpaí pobail ina measc.

Is liostaithe thíos atá na 26 eagraíocht uile arb iad Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe iad do Chlár na bliana 2023/2024. Chun agallaimh meán a eagrú nó chun tráchtanna a iarraidh, déan teagmháil leis na heagraíochtaí aonair is curaidh go díreach.

Ainm na heagraíochta is curadh Seoladh ríomhphoist teagmhála Contae/contaetha
An Post PressOffice@anpost.ie Náisiúnta
An Taisce smcormackcooney@eeu.antaisce.org Náisiúnta
AONTAS dlawless@aontas.com Náisiúnta
Ballyhoura Development CLG jpitcherfarrell@ballyhoura.org Co. Luimnigh
Chambers Ireland james.kiernan@chambers.ie Náisiúnta
Comhairle Contae an Chláir sdgs@clarecoco.ie Contae an Chláir
Comhair Chreidmheasa dmalone@creditunion.ieagrant@creditunion.ie Náisiúnta
Development Perspectives bobby@developmentperspectives.ie Co. Lú
ECO-UNESCO elainenevin@ecounesco.ie Náisiúnta
Cumann Peile na hÉireann (FAI) des.tomlinson@fai.ie Náisiúnta
Fáilte Éireann communications@failteireland.ie Náisiúnta
Fair Seas info@fairseas.ie Náisiúnta
Cumann Lúthchleas Gael (CLG) jimmy.darcy@gaa.iegreenclubs@gaa.ie Náisiúnta
Iarnród Éireann - barry.kenny@irishrail.ie Náisiúnta
Jiminy Eco Toys sharon@jiminy.ie Náisiúnta
Macra na Feirme jarthur@macra.ie Náisiúnta
Musgrave julie.dorel@musgrave.ie Náisiúnta
Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann Valerie@nyci.ie Náisiúnta
Peter McVerry Trust lminion@pmvtrust.ie Náisiúnta
RTÉ eileen.duggan@rte.ie Náisiúnta
Coiste Bailte Slachtmhara an Rois tidytownsrush@gmail.com Co. Bhaile Átha Cliath
Sustainable Life School thesustainablelifeschool@gmail.com Náisiúnta
Tesco Ireland Deirdre.farrelly@tesco.comorla.molloy@tesco.com Náisiúnta
An Chomhairle Oidhreachta aharvey@heritagecouncil.ie Náisiúnta
TIER Mobility Press@tier.app Idirnáisiúnta
Ollscoil na Gaillimhe sustainability@universityofgalway.ie Co. na Gaillimhe

Faigh tuilleadh faisnéise faoi Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023-2024 ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe

I mí Mheán Fómhair 2015, ghlac gach ceann de 193 Bhallstát na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ("I mBun Athraithe"). Is é is Clár Oibre 2030 ann ná plean gníomhaíochta ar son an duine, an phláinéid agus an rathúnais. Tá Clár Oibre 2030 dírithe ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus ar an 169 mionsprioc a bhaineann leo.

Cumhdaítear leis na spriocanna na réimsí beartais seo a leanas, i measc réimsí eile: deireadh le bochtaineacht; an tsláinte; an t-oideachas; comhionannas inscne; cosaint an chomhshaoil; fás geilleagrach inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach; sochaithe síochánta; agus comhpháirtíocht dhomhanda.

Chun faisnéis a fháil faoi Éirinn agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, téigh chuig gov.ie/sdgs.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na Náisiúin Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, téigh chuig tsuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe.

An próiseas roghnúcháin le haghaidh Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023-2024

Osclaíodh an glao ar léirithe spéise i bpáirt a ghlacadh i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023-2024 an 1 Nollaig 2022 agus dúnadh é Dé hAoine an 20 Eanáir. Fuarthas 82 iarratas ó eagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta ar fud na tíre. Roghnaigh foghrúpa den Ghrúpa Oibre Idir-rannach do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe gearrliosta deiridh de 22 Churadh le haghaidh leagan na bliana 2023 den chlár.

Méadaíodh an líon curadh do chlár na bliana 2023-2024 ó 12 cheann i gclár na bliana 2019 go 22 cheann i gclár na bliana 2023-2024 chun go gcumasófaí roghnú níos leithne ar fud na sochaí agus ionadaíocht earnála níos cothroime ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach, ón earnáil pobail, ón earnáil dheonach, ón earnáil óige agus ón earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tugadh deis d’iarchuraidh ó chlár na bliana 2019-2020 freisin páirt a ghlacadh sa chlár ar feadh bliain eile, toisc gur ciorraíodh a n-eispéireas de dheasca phaindéim COVID-19.

Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019 mar thionscnamh chun feasacht an phobail a mhúscailt, chun a thaispeáint cén obair atá á déanamh ag na heagraíochtaí ceaptha chun dul chun cinn a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun a léiriú cé na dóigheanna praiticiúla ar féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach agus chun a thaispeáint gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Ag teacht sna sála ar ghlao oscailte ar léirithe spéise sa bhliain 2019, roghnaíodh 12 churadh chun páirt a ghlacadh sa chéad leagan de chuid na hÉireann riamh de Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.


Plean Forfheidhmithe Náisiúnta

Bunaíodh an clár mar chuid den chéad Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, inar leagadh amach an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba é a bhí san athsheoladh ná gealltanas a tugadh sa Dara Plean Forfheidhmithe Náisiúnta, rud a foilsíodh le déanaí agus inar leagadh cúig chuspóir straitéiseacha agus 51 ghníomh amach, agus 119 mbeart aonair ann chun cur le huaillmhian na hÉireann agus treisiú leis na struchtúir chur chun feidhme atá i bhfeidhm chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.