English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Ryan go n-óstálfaidh Éire imeacht muirí suaitheanta na hEorpa don bhliain 2025

Roghnaíodh Éire, agus Cathair Chorcaí go háirithe, chun Lá Muirí na hEorpa – imeacht muirí bliantúil suaitheanta an Aontais Eorpaigh – a óstáil sa bhliain 2025.

Rinne Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an fhógairt inniu, agus é ag rá gur áit oiriúnach don imeacht í Corcaigh, mar gheall ar an stair mhuirí fhada atá ag baint léi.

Ba sa bhliain 2008 a bunaíodh Lá Muirí na hEorpa, ar lena linn a thagann Ceannairí Aigéin an Aontais Eorpaigh le chéile chun gnóthaí muirí agus fás gorm inbhuanaithe a phlé. Is imeacht poiblí é freisin ar lena linn a théitear i dteagmháil le daoine óga agus le saoránaigh ar fud na hEorpa trí imeachtaí áitiúla a reáchtáiltear faoin lipéad 'Lá Muirí na hEorpa i Mo Thír Féin.'

Is ag croílár Lá Muirí na hEorpa atá comhdháil dhá lá, a meastar go bhfreastalóidh níos mó ná 1,000 toscaire uirthi. Meallfar saineolaithe agus geallsealbhóirí ó gach cuid den Eoraip agus ó áiteanna lasmuigh di araon chuig na seisiúin iomlánacha ardleibhéil, a chuimseoidh cainteoirí inspioráideacha, malartuithe ceannaireachta agus ceardlanna geallsealbhóirí.

D’fháiltigh an tAire Ryan roimh an nuacht. Dúirt sé:

"Roimh uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach sa bhliain 2026, is iontach an rud é go n-óstálfaidh Éire Lá Muirí na hEorpa i gcathair Chorcaí i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Chorcaí. Náisiún oileánda ar mó a imeallbhord ná 7,400 ciliméadar is ea Éire. Tá an mhuir fite fuaite inár dtrádáil, inár stair agus inár gcultúr. Is cuí an rud é go bhfuil imeacht muirí bliantúil suaitheanta na hEorpa ag teacht chugainn. Is cuí an rud é freisin go mbeidh an t-imeacht sin ar siúl i gCorcaigh, ar cathair álainn í a bhfuil stair mhuirí fhada ag baint léi agus ina bhfuil an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan."

Eagróidh Rialtas na hÉireann, ar faoina bhun a ghníomhóidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar phríomh-Roinn, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta de chuid Choimisiún an Aontais Eorpaigh an t-imeacht i gcomhar le chéile.

Dúirt an Comh. Dan Boyle, Ard-Mhéara Chorcaí:

"Tá oidhreacht mhuirí, cultúr muirí agus tionscal muirí Chorcaí ina ngné lárnach d’fhéiniúlacht agus beocht na cathrach ón tús. Tá Corcaigh á ceiliúradh mar 'chuan sábháilte do longa' le blianta fada anuas le hArmas na cathrach (ar a bhfuil an inscríbhinn Laidineach 'Statio Bene Fida Carinas').

"Trí Lá Muirí na hEorpa a óstáil sa bhliain 2025, tabharfar aitheantas idirnáisiúnta don ról atá ag Corcaigh mar mhol muirí san Eoraip, agus cuirfear leis an infheistíocht agus leis an gcomhoibriú atá ar bun le comhpháirtithe áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha."

Beidh líon mór taispeántóirí ó gach cuid den Eoraip i láthair ag an imeacht freisin, áit a léireoidh siad an acmhainneacht nuálaíochta agus infheistíochta atá ag an ngeilleagar gorm. Is é a bheidh i spás taispeántais Lá Muirí na hEorpa ná áit fhoirfe ina mbeidh geallsealbhóirí in ann teacht le chéile, taithí a mhalartú agus na forbairtí is déanaí a phlé.

CRÍOCH