Fógraíonn an tAire Ryan seoladh an dara céim den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS)
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Is seolta anois atá an dara céim den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS), arb í an chéim onnmhairiúcháin í. Beidh an chéim seo den scéim tacaíochta leictreachais ina feabhsú suntasach i dtacaíochtaí margaidh do Phobail Fuinnimh In-athnuaite agus d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), agus taraifí socraithe ar fáil do na grúpaí sin atá bunaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh gréine agus gaoithe ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 6 MW. Comhlánaítear léi na tacaíochtaí micrighiniúna do thionscadail bheaga agus na ceantanna iomaíocha do thionscadail mhóra faoi RESS (an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite).
Socraíodh Taraifí SRESS ar fud sé chatagóir – trí ráta do phobail agus trí ráta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe araon á gcumhdach. Maidir leis an gcatagóir is mó tacaíocht, eadhon tionscadail fuinnimh gréine pobail ar scála na heangaí, gheobhaidh sí taraif ráthaithe a bheidh 20% níos airde ná mar a bhí an meánphraghas pobail sa cheant is déanaí de chuid RESS do thionscadail phobail sa bhliain 2022.
- Na méideanna tosaigh a dtacófar leo agus na taraifí tosaigh, coinneofar faoi athbhreithniú iad chun a chinntiú nach mbeidh ach tionchar teoranta ann ar an inacmhainneacht fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí agus go mbeidh leibhéil taraife ag teacht le costais forbartha tionscadail do phobail agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Tairgfear méideanna breise faoi réir athbhreithniú agus faoi réir an ghlactha leis an scéim.
- Le SRESS, tairgfear tacaíochtaí do shuiteálacha leictreachais in-athnuaite nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna do bhearta tacaíochta eile, amhail an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) atá ar scála an fhóntais agus an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS)
- Tá sé mar aidhm le SRESS bealach níos fusa chun an mhargaidh a sholáthar do thionscadail phobail, agus á chumasú d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus do dhaoine eile an ról is mó is féidir a imirt san aistriú fuinnimh freisin
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá ríméad orm seoladh an dara céim den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) a fhógairt.
"Príomhbhloc tógála de straitéis fuinnimh gréine an rialtais is ea SRESS agus tá sé mar chuid dár gcreat cuimsitheach cumasúcháin d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite. Le SRESS, tairgfear tacaíochtaí do shuiteálacha leictreachais in-athnuaite nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna do bhearta tacaíochta eile, amhail an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) atá ar scála an fhóntais agus an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS) – go bunúsach, líonfaidh sí an bhearna idir an dá scéim sin.
"Imríonn pobail ról tábhachtach inár n-aistriú chuig todhchaí níos glaise. Le linn teagmháil leantach na roinne seo le Pobail Fuinnimh In-athnuaite, tháinig sé chun solais go soiléir go raibh deacrachtaí suntasacha acu déileáil le cineál ceantbhunaithe iomaíoch RESS agus le bacainní eangaí agus eile agus iad ag iarraidh tionscadail a sholáthar.
"Chun na fadhbanna sin a mhaolú, dearadh SRESS d’fhonn bealach níos fusa chun an mhargaidh a sholáthar do thionscadail phobail, agus beidh sé níos ailínithe le taithí agus acmhainn na hearnála fuinnimh pobail. Toradh eile a bheidh ar SRESS is ea go gcumasófar d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus do dhaoine eile an ról is mó is féidir a imirt san aistriú fuinnimh. Le SRESS, cabhrófar le spriocanna fuinnimh in-athnuaite na hÉireann a chomhlíonadh. Áirítear leo sin sprioc go soláthrófaí 80% de leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030, lena n-áirítear 8 GW d’fhuinneamh ó ghrianphainéil fhótavoltacha agus 500 MW d’fhuinneamh pobail thar an tréimhse chéanna. Beidh SRESS ina phríomhbhloc tógála de ghiniúint fuinnimh gréine go háirithe a sholáthar."
Seoladh Céim a hAon de SRESS i mí Iúil 2023. Tairgtear léi deontais d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW tríd an Scéim Micrighiniúna Neamhbhaile agus tríd an Scéim Deontas agus Tacaíochtaí Gnó.
Tagraíonn 'féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite' d’fhuinneamh a ghintear ar áitreabh le haghaidh fhéintomhaltas an áitribh sin. Féadfaidh féintomhaltóirí leictreachas in-athnuaite féinghinte iomarcach a stóráil nó a dhíol freisin, ar choinníoll, i gcás féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite neamhtheaghlaigh, nach ionann na gníomhaíochtaí sin agus a phríomhghníomhaíocht tráchtála.
Maidir leis an tacaíocht a tugadh go dtí seo trí Chéim a hAon de SRESS, tá ag éirí léi suiteálacha ar leibhéal dín a sholáthar go tapa. Ceadaíodh 980 iarratas a bhfuil costais gheallta €17.6 milliún ag gabháil leo, ar dá mbarr a sholáthrófar toilleadh suiteála iomlán ab ionann agus 88 MW.
Is féidir le SRESS rannchuidiú le costais fuinnimh fhadtéarmacha níos ísle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí araon in aghaidh ardchostais fuinnimh trí phraghsanna leictreachais mórdhíola níos ísle a bhaineann le giniúint leictreachais in-athnuaite i gcoibhneas leis an nginiúint choibhéiseach ó bhreoslaí iontaise.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá taraifí á moladh ar bhonn na bhfionnachtana ó thuarascáil ar choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í chun leasú a sholáthar ar mheastacháin na nglanchostas fuinnimh a theastaíonn le haghaidh giniúint bheagscála agus phobalbhunaithe, mar aon le haighneachtaí a fuarthas trí chomhairliúchán poiblí i Ráithe 3/Ráithe 4 den bhliain 2022. Is féidir mionsonraí faoin gcomhairliúchán agus ábhar tacaíochta a léamh ar shuíomh gréasáin na roinne.
- Céim a hAon: Féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW. Seoladh Céim a hAon i mí Iúil 2023, agus deontais SRESS ag teacht chun bheith ar fáil d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW tríd an Scéim Micrighiniúna Neamhbhaile agus tríd an Scéim Deontas agus Tacaíochtaí Gnó.
- Céim a Dó: Tionscadail phobail/fiontar beag agus meánmhéide idir 1 MW agus 6 MW. Le Céim a Dó, tacófar le tionscadail fuinnimh in-athnuaite bheagscála agus phobail atá dírithe ar onnmhairí – go príomha sa raon idir 1 MW agus 6 MW. Tacaítear leis an gcohórt sin trí tharaif dhreasachta ar feadh fhad na scéime. De bhreis air sin, tabharfar tacaíocht faoin gcatagóir seo freisin do thionscadail atá dírithe ar onnmhairí agus orthu sin amháin (is é sin le rá, na tionscadail giniúna leictreachais in-athnuaite sin nach féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite iad) ar lú a dtoilleadh ná 1 MW.
Tabharfaidh an roinn na téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe don scéim chun críche amach sa bhliain, agus an scéim le teacht i bhfeidhm ag an am sin.
Taraifí SRESS
Le taraifí SRESS, tabharfar tacaíocht do thionscadail leictreachais in-athnuaite bheagscála trí tharaif ráthaithe. Saintréith den taraif sin a bheidh i dtaraif Préimhe Dreasachta nach ngabhann aon cheant léi. Soláthrófar an ráta tacaíochta ar feadh na saolré tacaíochta, agus iarratasóirí rathúla ag fáil préimhe ar an ioncam margaidh a fhaigheann siad ó sholáthraí as a leictreachas in-athnuaite. Tá sé beartaithe go bhfaighidh iarratasóirí ar an scéim litir thairisceana lena dtabharfar teidlíocht don soláthraí leictreachais a théann isteach i gComhaontú Ceannaigh Cumhachta leis an iarratasóir rathúil tacaíocht SRESS a fháil tríd an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí. Is sásra é sin atá cosúil leis an sásra atá ann faoi láthair faoi RESS.
Rátaí taraife
Soláthrófar ráta difriúil, ag brath ar cé acu is Fiontar Beag nó Meánmhéide nó Pobal Fuinnimh In-athnuaite é an tionscadal. Soláthraítear ráta níos airde do Phobail Fuinnimh In-athnuaite mar gheall ar na bacainní breise a mbíonn siad ag dul i ngleic leo agus iad ag bunú tionscadal amhail pleanáil, nascadh leis an eangach agus maoiniú. Ina theannta sin, is léiriú é ar an mian beartais phoiblí go nglacfadh an pobal páirt i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear spriocanna de chuid an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide arb é atá iontu go soláthrófaí 500 MW ar a laghad ó thionscadail fuinnimh in-athnuaite phobalbhunaithe faoin mbliain 2030.
Cosaint tomhaltóirí
Taraif dhá threo is ea an taraif phréimhe thuasluaite do thionscadail atá faoi stiúir ag onnmhairí. Fágann sé sin gurb amhlaidh, nuair is mó an praghas tacaíochta luaite ná an t-ioncam margaidh iarbhír a fhaightear, a gheobhaidh gineadóirí an praghas tacaíochta ón soláthraí ábhartha, a mbeidh tacaíocht SRESS (ón Oibleagáid Seirbhíse Poiblí) dlite aige faoi seach, i leith luach na difríochta idir margadhluach an leictreachais agus an praghas tacaíochta.
Mar mhalairt air sin, i gcás gur mó an t-ioncam margaidh a fhaigheann iarratasóir SRESS ná an praghas tacaíochta, leanfaidh iarratasóirí den phraghas tacaíochta a fháil, agus déanfaidh an soláthraí ábhartha íocaíocht difríochta leis an gciste Oibleagáide Seirbhíse Poiblí. Cabhróidh sé sin le custaiméirí leictreachais a chosaint ar ardphraghsanna leictreachais trína chinntiú nach dtabharfar róchúiteamh do thionscadail agus go ranníocfaidh tionscadail airgead ar ais leis an Oibleagáid Seirbhíse Poiblí le linn tréimhsí ina bhfuil ardphraghsanna leictreachais i réim.
Teicneolaíochtaí incháilithe
Is le haghaidh fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe atá na taraifí a sholáthraítear, toisc go meastar go mbeidh formhór mór na n-iarratasóirí leasmhara comhdhéanta den dá chineál teicneolaíochta sin. De réir mar a théann an scéim ar aghaidh, breithneofar an fhéidearthacht a bhaineann leis an raon taraifí a leathnú chun teicneolaíochtaí eile a chur ar áireamh.
Rannpháirtíocht an phobail
Príomhchuspóir de SRESS is ea bealach chun an mhargaidh atá níos simplí ná próiseas ceant iomaíoch RESS a sholáthar do thionscadail Phobail. Tugadh le fios san aiseolas ó thionscadail phobail go raibh sé doiligh do thionscadail phobail na garspriocanna sa Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) a bhaint amach. Tá sé mar aidhm leis an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) bealach níos fusa chun an mhargaidh a sholáthar do thionscadail phobail, gan aon cheant iomaíoch a bheith ann, agus á chumasú d’fheirmeoirí, do ghnólachtaí agus do dhaoine eile an ról is mó is féidir a imirt san aistriú fuinnimh freisin. Tionscadail phobail atá faoi lánúinéireacht an phobail, ar éirigh leo in RESS ach nach raibh in ann na garspriocanna a bhaint amach mar gheall ar dhúshláin éagsúla, beidh siad incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar SRESS.
Cistí Tairbhe Pobail
Faoi mar atá amhlaidh i gcás RESS, ceanglófar ar thionscadail SRESS Ciste Tairbhe Pobail éigeantach a bhunú. Baintear úsáid as Cistí Tairbhe Pobail ar son mhórfholláine chultúrtha, chomhshaoil agus gheilleagrach an phobail áitiúil. Tá sé beartaithe na cistí a úsáid chun cur ar chumas an phobail áitiúil leas a bhaint as tairbhí na giniúna leictreachais in-athnuaite.
Incháilitheacht talmhaíochta
Tá feirmeoirí incháilithe freisin le haghaidh páirt a ghlacadh in SRESS sa dóigh chéanna is atá fiontair bheaga agus mheánmhéide ghinearálta. Dá bhrí sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar SRESS le haghaidh tionscadail onnmhairiúcháin nach mó a dtoilleadh ná 6 MW.
Conas a luíonn SRESS le scéimeanna tacaíochta leictreachais in-athnuaite eile?
Le SRESS, is ann anois do raon leathan roghanna, rud lena gcuirtear ar chumas an phobail agus eintiteas eile páirt a ghlacadh i nginiúint leictreachais in-athnuaite a sholáthar. Tá na scéimeanna leagtha amach thíos.
An Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS)
Tá an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS) fós ar cheann amháin de na mórbheartais Rialtais atá ceaptha chun spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh na hÉireann a chomhlíonadh. Is é is RESS ann ná scéim cheantbhunaithe tacaíochta lena dtugtar cuireadh do thionscadail ghiniúna leictreachais in-athnuaite ar scála eangaí dul san iomaíocht ar son praghas ráthaithe a fháil as an leictreachas a ghineann siad faoi phréimh chomhlúthach dhá threo ar sholáthar leictreachais.
An Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS)
Seoladh Céim a hAon den Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS) i mí Iúil 2023. Tairgtear léi deontais d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 50 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 1 MW tríd an Scéim Micrighiniúna Neamhbhaile agus tríd an Scéim Deontas agus Tacaíochtaí Gnó. Tagraíonn ‘féintomhaltas fuinnimh in-athnuaite’ d’fhuinneamh a ghintear ar áitreabh le haghaidh fhéintomhaltas an áitribh sin. Le Céim a Dó de SRESS, rud atá seolta anois, tacaítear le tionscadail fuinnimh in-athnuaite bheagscála agus phobail atá dírithe ar onnmhairí agus arb ionann a dtoilleadh agus méid idir 50 kW agus 6 MW. Tacaítear leis an gcohórt sin trí tharaif dhreasachta ar feadh fhad na scéime. Tabharfaidh an roinn na téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe chun críche sna míonna atá le teacht, agus iarratais le hoscailt amach sa bhliain.
An Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS)
Leis an Item was unpublished or removed tugtar tacaíocht d’iarratasóirí baile agus neamhbhaile ar shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite trí dheontais a soláthraíonn Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) iad.
An Scéim Spriocdhírithe um Nuachóiriú Talmhaíochta (TAMS 3)
Is d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ar mó a dtoilleadh ná 1 kW agus nach mó a dtoilleadh ná 62 kW atá Scéim Infheistíochta Caipitil Fuinnimh Gréine na Item was unpublished or removed Soláthraítear le scéim TAMS 3, go ginearálta, deontais d’fheirmeoirí chun raon sonraithe foirgneamh feirme agus trealaimh feirme a thógáil/a shuiteáil agus/nó a fheabhsú ar a ngabháltas. Le Scéim Infheistíochta Caipitil Fuinnimh Gréine TAMS, spreagtar infheistíochtaí grianphainéal fótavoltach a cheannach chun rannchuidiú le féintomhaltas leictreachais na bhfeirmeacha iad féin, agus an spleáchas ar fhuinneamh ó bhreoslaí iontaise á laghdú dá réir. Maidir le féintomhaltas an leictreachais arna ghiniúint ag grianphainéil fhótavoltacha ar ghabháltais feirme, breisítear é tuilleadh le cúnamh deontais a sholáthar faoin scéim le haghaidh ceallraí grianphainéal fótavoltach a shuiteáil ar mhaithe leis an leictreachas sin a stóráil lena úsáid ag tráth níos déanaí, agus allmhairiú leictreachais ón eangach á fhritháireamh tuilleadh dá réir.