Fógraíonn an tAire Ryan seoladh an tríú Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ar talamh (RESS 3)
- Foilsithe: 12 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Aibreán 2023
- Ceadaíonn an rialtas príomhghnéithe deartha an tríú ceant ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS 3)
- Táthar ag súil go soláthrófar méid suntasach giniúna leictreachais inathnuaite nua
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, mionsonraí an tríú ceant faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (RESS 3), rud a bhfuil ceadú an rialtais faighte aige.
Is é is RESS ann ná scéim cheantbhunaithe lena dtugtar cuireadh do thionscadail leictreachais inathnuaite tairiscint a dhéanamh ar thoilleadh agus praghas ráthaithe a fháil as an leictreachas a ghineann siad.
Is é is soláthar an tríú ceant ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ann ná ceann de na príomhghníomhartha atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023, rud ar sheol an Rialtas é i mí na Nollag 2022. Sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023, leagtar spriocanna, bearta agus gníomhartha amach ar fud gach earnála chun a chinntiú go gcomhlíonfaimid na gealltanais atá tugtha againn faoin gcreat reachtach nua um ghníomhú aeráide.
Is é an toradh a bheidh ar an sprioc arb é atá inti 80% dár leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite faoi dheireadh na bhfichidí ná go rannchuideofar le spriocanna na hÉireann maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí ghiniúint leictreachais ó fhoinsí gaoithe agus gréine go príomha a chur in ionad giniúint leictreachais ó bhreoslaí iontaise agus trí dheireadh a chur le hastaíochtaí in earnálacha eile, tríd an iompar de charr agus an teas cónaithe a leictriú, mar shampla.
Dúirt an tAire Ryan:
"Inniu, táim ag fógairt mhionsonraí an tríú ceant ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite. Tá Éire ríspleách ar bhreoslaí iontaise fós. Ní mór dúinn an spleáchas sin a laghdú ó bhonn agus an t-aistriú a dhéanamh chuig fuinneamh inathnuaite dúchasach níos glaine. De bharr méid méadaithe fuinnimh inathnuaite a bheith ar fáil, beidh Éire cosanta ar an luaineacht a bhaineann le praghsanna idirnáisiúnta gáis agus carbóin, atá gar do na praghsanna is airde riamh.
"Táimid ag cur deireadh le leictreachas a ghiniúint ó mhóin agus ó ghual agus ag aistriú chuig foinsí glana inathnuaite cumhachta, amhail foinsí gaoithe agus gréine. Tá RESS ar cheann de na beartais phríomha i gClár an Rialtais agus sa Phlean Gnímh don Aeráid a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide na hÉireann sna blianta atá le teacht.
"Is é a bheidh i gclár RESS agus i seoladh an tríú ceant ar talamh ná céim mhór i dtreo uaillmhian an Rialtais go laghdófaí astaíochtaí faoi 51% faoin mbliain 2030 agus go soláthrófaí 80% de leictreachas ó fhoinsí inathnuaite faoin mbliain 2030 a bhaint amach. Tá ceantanna RESS mar chuid de mhórchlár a bhfuil mar aidhm leis dlús a chur le hathnuaiteáin a imscaradh agus atá ceaptha chun go gcomhlíonfar na gealltanais atá tugtha againn go mbainfí carbón dár n-eangach leictreachais, go mbainfí leas as ár n-acmhainní nádúrtha agus go dtabharfaí fuinneamh inathnuaite isteach i gcroílár ár bpobal.
"Sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023, aithnítear an gá le beartais, bearta agus gníomhartha lena ndéantar athrú ó bhonn, agus iad ag teastáil chun clár buiséid carbóin na hearnála leictreachais agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála a chomhlíonadh. Áirítear leis sin an t-imscaradh mórscála athnuaiteán a éascú. Beidh sé sin ríthábhachtach maidir le carbón a bhaint den earnáil cumhachta. Toradh eile a bheidh air is ea go mbeifear in ann teicneolaíochtaí eile a leictriú agus deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus leis an neamhchosaint ghaolmhar ar ardphraghsanna margaidh.”
Tá an dearadh cosúil, den chuid is mó, le dearadh RESS 1 agus RESS 2
Tríd is tríd, bhí na geallsealbhóirí i bhfách le struchtúr an chéad dá cheant. Coinníodh na príomhphrionsabail deartha ó RESS 1 agus RESS 2 ar bun – chun ardrátaí soláthair tionscadail agus torthaí iomaíocha a chinntiú.
Cheadaigh an rialtas na gnéithe beartaithe de scéim RESS, agus iad ag teacht leis an gceadú státchabhrach do cheantanna RESS go dtí an bhliain 2025.
Sochair phobail
Coinneofar ar bun in RESS 3 an scéim oibleagáidiúil Cistí Sochair Pobail a bunaíodh in ORESS 1. Leis na Cistí Sochair Pobail, ginfear méid suntasach caipitil gach bliain ar feadh fhad na scéime tacaíochta do phobail atá ina gcónaí i ndlúthghaireacht do thionscadail leictreachais inathnuaite. Tacóidh siad sin le tionscnaimh phobail áitiúil agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Rannpháirtíocht an phobail
Bainfear ó RESS 3 an chatagóir thosaíochta um thionscadail phobail. Maidir le tacaíocht do phobail le haghaidh tionscadail leictreachais inathnuaite a fhorbairt, aistreofar í anois chuig an Scéim Giniúna Beagscála (SSGS), ar scéim neamhiomaíoch í atá le seoladh amach sa bhliain. Beidh an scéim sin ag teacht níos gaire le toilleadh na hearnála fuinnimh pobail, agus comhlíonadh níos inbhuanaithe na sprice go soláthrófaí 500 MW d’fhuinneamh ó phobail fuinnimh inathnuaite faoin mbliain 2030 á chinntiú dá réir.
Príomhathruithe
- foráil nua a thabhairt isteach chun na rioscaí a bhaint go mór de neamhchosaint rannpháirtithe RESS ar an éiginnteacht a bhaineann le ciorrúchán agus le rósholáthar
- cineál teoranta innéacsúcháin a thabhairt isteach maidir leis an ngné oibriúcháin agus cothabhála de thionscadail
- na critéir incháilitheachta a athrú chun nach gceadófar ach do thionscadail a fuair litir thairisceana le haghaidh nascadh leis an eangach páirt a ghlacadh sa cheant. Leis sin, íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann le tairiscintí a bheith á ndéanamh go hamhantrach ag tionscadail sa cheant agus leis an mór-riosca suntasach do sholáthar tionscadal
D’fhoilsigh EirGrid an t-amchlár sealadach ceant ar a shuíomh gréasáin do thionscadal RESS. Athrófar é sin chun dáta amach sa mhí agus foilseofar na téarmaí agus coinníollacha deiridh ar shuíomh gréasáin na Roinne do thionscadal RESS. Tá rannpháirtíocht sa cheant le hoscailt i mí na Bealtaine.
Meastar go soláthrófar idir 2,000 GWh agus 3,500 GWh de ghiniúint leictreachais inathnuaite le RESS 3 thar na blianta 2026 agus 2027. Tá an roinn tiomanta do cheantanna a chur ar siúl go minic agus do dhlús a chur le hathnuaiteáin nua a nascadh leis an eangach.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Fuair an Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite ceadú státchabhrach ón Aontas Eorpach i mí Iúil 2020.
Is é atá in RESS ná an toradh ar anailís eacnamaíoch neamhspleách, ar rannpháirtíocht an phobail agus ar chomhairliúchán leis an bpobal. Le linn RESS a fhorbairt, rinneadh athbhreithniú grinn ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta sa Ríocht Aontaithe, sa Danmhairg, sa Spáinn, sa Ghearmáin, i gCeanada agus in Albain, atá chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le tionscadail leictreachais inathnuaite atá faoi stiúir an phobail.
Ceantanna RESS
Tá minicíocht cheantanna RESS sa todhchaí ag brath ar an líon tionscadal leictreachais inathnuaite atá ar na bacáin agus ar thosca margaidh, geografacha agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú.
Is é seo an tríú ceann de chúig cheant bheartaithe ar a laghad a chuirfear ar siúl idir na blianta 2020 agus 2025 agus lena gcomhlíonfar na spriocanna don bhliain 2030. Is é a bheidh iontu na conairí trína bhféadfaidh forbróirí leictreachais inathnuaite a dtionscadail a phleanáil agus a fhorbairt, lena n-áirítear tionscadail ghaoithe amach ón gcósta trí cheantanna tiomnaithe amach ón gcósta. Chomh maith leis sin, cuirfear ar chumas na hÉireann leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn.
I mí Aibreáin, foilsíodh treochlár athraithe chun dáta le haghaidh ceantanna atá le teacht. Leagtar amach ann na hamlínte táscacha agus na méideanna táscacha le haghaidh ceantanna sna deich mbliana atá romhainn agus tugtar soiléire ann d’fhorbróirí maidir le cén uair is gá dóibh na tionscadail uathu a dhéanamh réidh le haghaidh ceant.
Éagsúlacht teicneolaíochta a bhíonn ag méadú
De réir mar a thagann teicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí gréine agus teicneolaíochtaí stórála in aibíocht agus a laghdaíonn na costais a bhaineann leo, beidh Éire in ann leas a bhaint as costais teicneolaíochta a bheidh ag laghdú sna deich mbliana romhainn, rud as a dtiocfaidh éagsúlú méadaithe a punainne athnuaiteán agus solúbthachta ag an am céanna.