Fógraíonn an tAire Ryan seoladh na Scéime Deontas Pobal agus Fiontar faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
- Foilsithe: 12 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2024
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, glao cistiúcháin €5 mhilliún faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir d’eagraíochtaí pobail áitiúil agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i réigiún an Láir Tíre.
Riarann Pobal Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre. Tá sé mar aidhm leis an Scéim an acmhainn a thabhairt do phobail i mórlimistéar an Láir Tíre, a bhíodh spleách ar tháirgeadh móna, chun deiseanna fostaíochta a fhorbairt sa gheilleagar glas, sa gheilleagar ciorclach agus sa gheilleagar ísealcharbóin.
Tá cistiú is fiú suas le €300,000 ar fáil do thionscadail lena dtógtar ar láidreachtaí an limistéir áitiúil, a bhfuil riachtanas sainaitheanta acu agus lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta nua nó lena méadaítear inbhuanaitheacht na bpost atá ann cheana sa chríoch. Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 22 Feabhra 2024.
Ag labhairt dó faoi sheoladh na scéime nua, dúirt an tAire Ryan:
"Tá ríméad orm seoladh na scéime seo a fhógairt. Tá sé mar aidhm léi fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí pobail a chumasú chun a ngeilleagair áitiúla a leathnú agus a éagsúlú agus chun rannchuidiú le dea-athruithe sóisialta sa Lár Tíre.
"Trí dheiseanna a chruthú don fhostaíocht sa chríoch, is féidir leis na heagraíochtaí sin cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a dhéanamh de réigiún an Láir Tíre.
"Cabhróidh an scéim seo le haghaidh a thabhairt ar aistriú eacnamaíoch níos fadtéarmaí an réigiúin, rud a eascróidh as deireadh na móna tráchtála, agus treisíonn sí an gealltanas uainn do thodhchaí inbhuanaithe chuimsitheach a sholáthar do réigiún an Láir Tíre."
Tá an scéim seo á comhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Leis an gclár sin, tacaítear le tionscadail i gCríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, a chuimsíonn Laois, an Longfort, Uíbh Fhailí, an Iarmhí agus Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Tá an scéim ar oscailt le haghaidh iarratais ó eagraíochtaí pobail agus deonacha, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis, ó fhiontair shóisialta, ó mhicreagraíochtaí agus ó eagraíochtaí beaga agus meánmhéide.
Is é cuspóir Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir tacaíochtaí díreacha a thabhairt do thionscnaimh ó bhun aníos lena mbreisítear an chreatlach áitiúil agus réigiúnach sa chríoch trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas a chur ar inbhuanaitheacht na bhfiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear fiontair shóisialta
- cur le láidreachtaí an limistéir áitiúil trí fhreastal ar riachtanas sainaitheanta nó ar bhearna shainaitheanta
- soláthar a dhéanamh ar na scileanna atá riachtanach le haghaidh fostaíocht inbhuanaithe a chruthú sa chríoch nó freastal ar bhearna scileanna atá ann cheana sa chríoch, agus
- tacú le héagsúlú agus oiriúnú na ngnólachtaí atá ann cheana
Tacóidh an glao leis na cineálacha tionscadal seo a leanas laistigh de raon feidhme thacaíocht an Rialacháin maidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:
- Tacaíochtaí teicniúla agus tacaíochtaí bainistíochta tionscadal le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht acmhainní, le haghaidh iarfheistithe foirgneamh agus le haghaidh fuinneamh in-athnuaite
- Tionscnaimh gheilleagair chiorclaigh agus tionscnaimh bhithgheilleagair
- Tionscadail lena dtacaítear leis an digitiú agus leis an nascacht chun roghanna fostaíochta nua a chruthú sa limistéar
- Tacaíochtaí do thionscadail nua, do phróisis nua agus do nuálaíocht nua eagraíochtaí san earnáil ísealcharbóin
- Tionscadail lena dtacaítear leis an oideachas, leis an oiliúint scileanna agus leis an gcuimsiú sóisialta
- Tionscadail lena rannchuidítear le hathchóiriú agus athghiniúint an dúlra
- Staidéir indéantachta líonra teasa (córais téimh ceantair agus córais téimh chomhchoitinn) lena mbaintear úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus/nó foinsí fuinnimh teasa dramhaíola
Tá Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir struchtúrtha chun comhlántacht le foinsí eile cistiúcháin a chur chun cinn. Tá sí ar an dara glao cistiúcháin lena dtugtar tacaíochtaí díreacha do Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a chur chun feidhme. Seoladh an chéad ghlao i bhfómhar na bliana 2023 agus spriocdhírítear leis ar údaráis áitiúla agus ar thionscnaimh mhóra. Chomh maith leis sin, is leis an scéim deontas seo a chomhlánaítear na scéimeanna de chuid Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir lena dtacaítear leis an mbithgheilleagar, leis an turasóireacht athghiniúnach agus leis an luchtú feithiclí leictreacha. Tá sé sin de bhreis ar chistiú eile Státchiste agus Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear cistiú ábhartha atá ar fáil trí Fhiontraíocht Éireann agus trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
Dúirt an Comhairleoir Kate Feeney, Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Tá ríméad orm go bhfuil an scéim deontas seo á seoladh inniu. Agus ról a bheith ag Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre mar Údarás Bainistíochta do chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, tá ár dtionóil ag seasamh lenár ngrúpaí pobail áitiúil agus lenár bhfiontair bheaga agus mheánmhéide áitiúla. Leis an gcistiú, comhlánaítear na tacaíochtaí eile atá ar fáil trí chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir agus cinntítear go bhfuil ag tionscnaimh i measc an ghnáthphobail na hacmhainní a theastaíonn uathu chun athruithe éifeachtacha a dhéanamh inár bpobail. A bhuí leis an tacaíocht sin, tá an tionól ag cabhrú le limistéar Lár Tíre atá níos láidre agus níos athléimní a chothú."
Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Tá áthas ar Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre a bheith ag seoladh Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir i dteannta na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Pobal. Is glao uathúil é seo lena dtabharfar tacaíochtaí díreacha do straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnaí do mhórlimistéar an Láir Tíre, ar straitéisí iad atá ó bhun aníos agus a cruthaíodh go daonlathach, agus do na daoine agus na grúpaí sin a chinnteoidh go n-éireoidh leis na straitéisí sin. Tá an scéim cistiúcháin deontais seo ina fianaise ar an nuálaíocht i measc an ghnáthphobail atá taobh thiar de bheogacht mhór-réigiún an Láir Tíre. Cinntíonn an glao seo go mbeidh na grúpaí pobail, na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ina gcuid dhílis de phobail áitiúla in ann an cruthú fostaíochta a bhrú chun cinn agus inbhuanaitheacht na críche a bhreisiú as seo amach."
Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:
"Tá lúcháir ar Pobal leanúint d’obair i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre ar Scéim Deontas Pobal agus Fiontar Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Is é atá inti ná tionscnamh an-tráthúil an-tábhachtach chun tacú le micrifhiontair, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le heagraíochtaí pobail agus deonacha agus le fiontair shóisialta i mór-réigiún an Láir Tíre.
"Tacóidh an scéim seo go háirithe le fiontair poist a chruthú agus cothú a dhéanamh ar scileanna na bpobal ar féidir go bhfuil siad thíos leis an aistriú ó bhaint móna chuig geilleagar ísealcharbóin. Aithnímidne in Pobal an luach a bhaineann leis an gciste seo agus tá bród orainn tacú leis. Táimid ag tnúth le hobair i gcomhar le gach eagraíocht geallsealbhóirí sa réigiún chun an scéim seo a reáchtáil go rathúil."
Beidh na tionscadail a dtacófar leo ag teacht le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha eacnamaíocha agus leis na mórspriocanna straitéiseacha um chríoch ghlas, chliste agus shóisialta atá mar bhonn agus thaca ag an nglao seo.
- Críoch GHLAS – ag tacú le forbairt an gheilleagair ghlais, an gheilleagair chiorclaigh agus an gheilleagair ísealcharbóin; agus le poist ghlasa agus poist inbhuanaithe a chruthú trí thacú leis an nuálaíocht, le scileanna, leis an bhforbairt agus le glasú na n-earnálacha agus na bpost atá ann cheana
- Críoch CHLISTE – ag tacú le forbairt na scileanna digiteacha, an digitithe agus na nascachta chun deiseanna fostaíochta nua a chruthú sa chríoch
- Críoch SHÓISIALTA – ag tacú leis an oideachas, leis an bhforbairt scileanna, leis an oiliúint agus leis an mbonneagar sóisialta lena gcuirtear cuimsiú chun cinn agus lena gcuirtear ar chumas daoine filleadh ar an obair, aistriú chuig róil nua agus fanacht i mbun fostaíochta
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal faoi conas is féidir iarratas a dhéanamh ar chistiú agus faoi conas is féidir clárú le haghaidh seimineáir ghréasáin tacaíochta.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Críoch incháilithe
Tá clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn spriocdhírithe ar mhór-réigiún an Láir Tíre, de réir mar a aistríonn sé ar shiúl ó bhaint móna le haghaidh úsáid fuinnimh. Tá críoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
Eagraíochtaí Incháilithe
Tá na heagraíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin scéim:
- Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha nó Eagraíochtaí Neamhbhrabúis
- Fiontair Shóisialta
- Micreagraíochtaí agus Eagraíochtaí Beaga agus Meánmhéide
Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Agus é á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach, is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cúnamh a thabhairt do na críocha sin a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach an difear is mó dóibh. Is í an chríoch sin in Éirinn ná mór-réigiún an Láir Tíre, ar imir an t-aistriú ar shiúl ó tháirgeadh móna agus ó ghiniúint leictreachais ó mhóin tionchair dhíreacha air. Chun aistriú cóir a éascú i dtreo geilleagar ísealcharbóin sa Lár Tíre, bhunaigh an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann Clár Ciste um Aistriú Cóir dar luach €169 milliún don tréimhse 2023-2026.
Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:
- Fostaíocht a ghiniúint le haghaidh iarphobail mhóna trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú
- Tacú le tailte móna agus talamh ghaolmhar a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile
- Roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas
Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.
Scéim cistiúcháin eile atá ar oscailt faoi láthair faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
An Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha
Tá cistiú ar fiú suas le €1 mhilliún é ar fáil do thionscadail chun ‘Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail’ a chur chun feidhme laistigh de chríoch an Aistrithe Chóir. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, leathnú a dhéanamh ar chláir oideachais, oiliúna nó scileanna nó ar infheistíochtaí sa bhonneagar oidhreachta ar fud an réigiúin. Tugadh cuireadh do na heagraíochtaí a chuir páipéar coincheapa isteach faoin 17 Samhain iarratas iomlán a chur isteach idir an 11 Nollaig 2023 agus an 23 Eanáir 2024.
Tá an scéim seo ina cuid den chéad ghlao lena dtugtar tacaíochtaí díreacha do Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a chur chun feidhme. Seoladh é i bhfómhar na bliana 2023 agus spriocdhírítear leis ar údaráis áitiúla agus ar thionscnaimh mhóra. Riarann Pobal an Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Pobal.
An Scéim Cúnaimh Deontais Infheistíochta d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide Phríobháideacha agus Phobail faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Leithdháileadh €17 milliún ar an Scéim Cúnaimh Deontais Infheistíochta d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide Phríobháideacha agus Phobail faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, rud ar cuid de Scéim fhoriomlán Fháilte Éireann um Thurasóireacht agus Comhfhorbairt Áite Athghiniúnach 2023-2026 é. Is é an cuspóir atá léi cúnamh deontais a sholáthar do mhicrifhiontair phobalbhunaithe agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide phobalbhunaithe chun cabhrú leo feabhas a chur ar cháilíocht an eispéiris do chuairteoirí, ar mhaithe le tuilleadh cuairteoirí a mhealladh agus a n-aga stoptha a mhéadú agus fanachtaí thar oíche a áirithiú sa réigiún toisc go bhfuil muinín ag cuairteoirí go bhfuil cuid mhór le feiceáil agus le déanamh ann. Is féidir tuilleadh faisnéise agus dátaí deiridh a fháil ar shuíomh gréasáin Fháilte Éireann.
Clár Líonra Foghlama Turasóireachta Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
I láthair na huaire, tá Fáilte Éireann ag iarraidh Léirithe Spéise le haghaidh a Chláir Líonra Foghlama Turasóireachta, atá mar chuid den Scéim um Thurasóireacht Athghiniúnach agus Comhfhorbairt Áite do Lár Tíre na hÉireann 2023-2026 atá faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Tá an Clár Líonra Foghlama Turasóireachta nua sin deartha chun acmhainní na ngnólachtaí turasóireachta a mhéadú chun cabhrú leo fás agus féachaint chuige go seasfaidh a bhforbairt inbhuanaithe an aimsir. Tá an clár ar oscailt do ghnólachtaí turasóireachta atá nua agus atá ann cheana, do chomhpháirtithe earnála poiblí agus do dhaoine aonair atá lonnaithe laistigh de chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Leis an gclár, tugtar deis uathúil do rannpháirtithe tairbhe a bhaint as clár lánchistithe um thacaíochtaí saincheaptha forbartha gairmiúla, ar clár é lena bhfeabhsaítear a dtacair scileanna turasóireachta agus lena dtacaítear leis an aistriú ó fhostaíocht sa tionscal táirgthe móna nó leictreachais chuig gairm sa tionscal turasóireachta. Glacfar le Léirithe Spéise go dtí an Déardaoin an 22 Feabhra 2024. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin Fháilte Éireann.