Fógraíonn an tAire Ryan Straitéis Fhadtéarmach um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cheadaigh an rialtas Straitéis Fhadtéarmach nuashonraithe na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú.
Is é atá sa straitéis seo ná conair chuig bunathrú uile-shochaí chun feabhais agus fónann sí mar nasc ríthábhachtach idir Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Buiséid Charbóin, a mbaineann téarmaí gearra leo, agus an cuspóir fadtéarmach arb éard é an Dlí Aeráide Eorpach agus Cuspóir Aeráide Náisiúnta na hÉireann a chomhlíonadh.
Ag fáiltiú dó roimh an straitéis nuashonraithe, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Toradh a bheidh ar phleanáil a dhéanamh thar théarma ama 30 bliain is ea go gcabhrófar le hÉirinn infheistíochtaí costasacha i dteicneolaíochtaí astaíochtaí arda agus costais bhreise neamhriachtanacha chomhlíontacháin a sheachaint. Toradh eile a bheidh air sin is ea go mbeimid in ann na córais agus an bonneagar a chur i bhfeidhm is gá chun a chinntiú gur féidir le gach duine tairbhiú ar bhealach cóir cothromasach den aistriú atá os ár gcomhair. I ngach rud a dhéanfaimid go ceann i bhfad, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimis eolas do dhaoine agus go dtabharfaimis daoine linn, idir infheisteoirí mórscála agus fheirmeoirí beaga.
"Má bhainimid amach ár gCuspóir Aeráide Náisiúnta arb éard é aeráidneodracht, ní bheidh aon drochthionchair ag Éirinn a thuilleadh ar an gcóras aeráide faoi lár na haoise. Is sprioc rí-uaillmhianach í sin atá le comhlíonadh ag Éirinn sa tríocha bliain romhainn. Mar sin féin, is sprioc í atá ar aon dul leis an bhfianaise eolaíoch, lenár ngealltanais idirnáisiúnta agus dhlíthiúla, agus le scála agus déine na géarchéime aeráide atá os comhair an domhain. Léiriú maith ar thiomantas na hÉireann do cheannaireacht a thaispeáint sa ghníomhú ar son na haeráide is ea ár n-uaillmhian, agus á chinntiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh."
Is nuashonrú ar an Item was unpublished or removed í an straitéis seo, agus is í an chéad straitéis riamh a ullmhaíodh faoinár nAchtanna um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 go 2021, í. Tá sí ag teacht le ceanglais náisiúnta agus ceanglais Aontais Eorpaigh araon agus, mar sin de, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide í chun teacht in ionad na straitéise 2023 uainn. De bhreis air sin, tá an straitéis comhsheasmhach leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÉireann. Ba bhoinn eolais faoi fhorbairt na straitéise iad comhairliúchán poiblí mar aon le hionchur a fuarthas ó airí rialtais agus ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide.
Luaitear sa straitéis na coigeartuithe fadtéarmacha earnála is gá a dhéanamh chun aeráidneodracht a bhaint amach, rud lena gcuirfear ar chumas na hÉireann:
- infheistíochtaí costasacha i dteicneolaíochtaí astaíochtaí arda a sheachaint
- tacú le haistriú cóir cothromasach
- nuálaíocht teicneolaíochta a chur chun cinn
- pleanáil do bhonneagar inbhuanaithe nua i bhfianaise rioscaí aeráide amach anseo, agus
- luathchomharthaí intuartha a sheoladh chuig infheisteoirí maidir leis na hathruithe fadtéarmacha sochaíocha atá beartaithe
Tá Straitéis Fhadtéarmach nuashonraithe na hÉireann um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a Laghdú ar fáil lena léamh ar Item was unpublished or removed
CRÍOCH