Fógraíonn an tAire Smyth na faighteoirí faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach
- Foilsithe: 20 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as an nGeilleagar Ciorclach, cistiú €650,000 do 13 thionscadal ar fud na hÉireann faoin tríú Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).
Is é atá i 'ngeilleagar ciorclach' a chruthú ná cuid den aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe, áit a ndírítear ar dhramhaíl a laghdú agus a dhíothú agus ar acmhainní a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir. Leis an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach, cabhraítear le pobail an t-aistriú sin a dhéanamh.
Ag déanamh comhghairdeas dó leis na hiarratasóirí rathúla, dúirt an tAire Smyth:
"Comhghairdeas leis na grúpaí ar éirigh leo deontas a fháil faoin Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach, agus an deontas sin tuillte acu. Tá an dúshlán atá orainn geilleagar ciorclach a bhaint amach chomh mór sin go dteastóidh athruithe ar gach leibhéal dár sochaí. Léiríonn cáilíocht na n-iarratas a fuaireamar go bhfuil an geilleagar ciorclach ag bláthú agus go leanfaidh gnólachtaí agus grúpaí pobail ceannródaíocha ar fud na tíre le nuáil agus le fás."
Dúirt Denise Charlton, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Pobail d’Éirinn:
"Is gá dúinn obair i gcomhpháirt le chéile má táimid chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide. Tá lúcháir orainn an nascacht agus an chomhpháirtíocht atá tógtha againn le heagraíochtaí ar fud na hÉireann le 25 bliana anuas a chomhroinnt ionas gur féidir leis an Rialtas an tionscnamh ríthábhachtach seo a sholáthar. Is trí dheireadh a chur leis an tsochaí dhiomailteach is féidir linn ár bpobail, ár dtír agus ár bpláinéad a chur ar chonair níos fearr. A bhuí leis an mbabhta cistiúcháin is déanaí seo, táimid ag tógáil céim eile i dtreo an sprioc sin a bhaint amach."
Tacóidh na tionscadail roghnaithe leis an iarracht an geilleagar ciorclach a fhorbairt i réimsí amhail iad seo a leanas: teicstílí; deisiú; athchuspórú agus athúsáid; tógáil chiorclach; pacáistiú; dramhbhia a chosc; moil chiorclacha; agus dramhaíl leictreonach.
Tá an scéim i mbliana á riar i gcomhpháirt le Fondúireacht Pobail d’Éirinn. Tá Fondúireacht Pobail d’Éirinn ina mol daonchairdiúil a thugann le chéile deontóirí, deontaithe agus pobail ar mian leo dea-athruithe sóisialta a bhaint amach. Thaispeáin an eagraíocht go leor ratha maidir le deontais a eisíoc le grúpaí agus eagraíochtaí ilchineálacha faoi cholúin théamacha éagsúla.
Is liostaithe thíos atá na 13 thionscadal ar dámhadh cistiú dóibh faoin tríú Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach:
- Addible Ltd
- BladeBridge
- Gemell Technology Ltd
- An Chomhairle Éireannach um Thógáil Ghlas
- Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, an tIonad Teicneolaíochta Glaine
- Rezero
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne
- The Rediscovery Centre Ltd
- Zerobin, Baile Átha Cliath
- We Make Good
- Winroy
- Ecoroots Ltd
- Konree Innovation Ltd
Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH