English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Stáit Smyth foilsiú thorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar

  • Leagtar béim sna torthaí gur gá forbairt a dhéanamh ar an obair leanúnach atá á déanamh chun dul i ngleic le truailliú bruscair fud fad na hÉireann
  • Is é bruscar toitíní an chúis aonair is mó le bruscar
  • Tá laghdú ollmhór tagtha ar an mbruscar guma coganta

D'fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, inniu gur foilsíodh torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar (NLPMS) don bhliain 2021, ina léirítear nach mór dúinn an brú a choimeád ar siúl ar son Éire a chruthú a bheidh níos glaine agus a bheidh saor ó bhruscar.

Is é is an Córas Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar ann ná uirlis bainistíochta comhshaoil lena gcuirtear ar chumas na nÚdarás Áitiúil dul i ngleic leis an mbruscar ar bhealach níos éifeachtaí trí chreat a sholáthar le haghaidh féinmheasúnú comhsheasmhach cruinn. Soláthraítear sna torthaí sonraí staitistiúla tábhachtacha faoi fhad agus comhdhéanamh an bhruscair in Éirinn agus faoi na cúiseanna leis. Is é an toradh atá air sin gur féidir le hÚdaráis Áitiúla truailliú ó bhruscar a bhainistiú ar bhealach córasach struchtúrtha.

Léirítear na nithe seo a leanas i dtorthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2021:

  • tháinig laghdú beag bídeach (0.5%) ar an gcéatadán de limistéir nach bhfuil aon truailliú iontu (LPI 1) nó de limistéir nach bhfuil ach beagán truaillithe iontu (LPI 2) le chéile idir an bhliain 2020 agus an bhliain 2021, agus méadú beag bídeach ar an iomlán ann sa truailliú bruscair náisiúnta idir an bhliain 2020 agus an bhliain 2021
  • tháinig laghdú ar an gcéatadán de limistéir a bhfuil méid ollmhór truaillithe iontu (LPI 5) ó 0.5% sa bhliain 2020 go 0.3% sa bhliain 2021

Ba iad seo na príomh-chomhpháirteanna de thruailliú ó bhruscar ar fud na tíre sa bhliain 2021:

  • bruscar a bhaineann le toitíní (48.4%)
  • míreanna pacáistíochta (20.4%)
  • bruscar a bhaineann le bia (11.2%)
  • bruscar a bhaineann le milseáin (8.7%)

Ba mar a leanas a bhí na príomhthosca cúiseacha taobh thiar den truailliú bruscair sa tír:

  • coisithe a bhíonn ag dul thart (40.9%)
  • gluaisteánaithe a bhíonn ag dul thart (22.4%)
  • asraonta miondíola (8.3%)
  • pointí tionóil (6.2%)
  • scoileanna/leanaí scoile (4.6%)

Agus na torthaí don bhliain 2021 á bhfógairt aige, luaigh an tAire Stáit Smyth an ról tábhachtach a chomhlíonann Údaráis Áitiúla agus pobail araon i ndul i ngleic le dúshláin bhruscair na hÉireann. Dúirt an tAire:

"Tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil laghdú ann sa líon limistéar atá aicmithe mar limistéir a bhfuil méid ollmhór truaillithe iontu. Dá ainneoin sin, tá laghdú beag ann freisin sa líon limistéar nach bhfuil aon truailliú iontu nó nach bhfuil ach beagán truaillithe iontu. Meabhraíonn sé sin dúinn go léir ar an ngá le tógáil ar an obair atá á déanamh againn chun dul i ngleic leis an truailliú ó bhruscar. Leagtar béim sna torthaí a foilsíodh inniu ar na réimsí is dúshlán don bhruscar a chosc in Éirinn. Is é atá sa bhruscar a bhaineann le toitíní fós ná an chatagóir aonair truaillithe bruscair is mó sna láithreacha a ndearnadh suirbhé orthu, agus é cothrom le 48.4%. Táim meáite ar dhul i ngleic leis an bhfadhb sin. Tá mo chuid oifigeach ag obair i gcomhar leis an tionscal chun a scrúdú cad é an bealach is fearr chun é sin a bhaint amach.

"Is ábhar misnigh é a fheiceáil go mbíonn bruscar guma coganta ag laghdú fós – ó 30.8% sa bhliain 2008, arbh é an buaicphointe é, go 9.1% sa bhliain 2021. Cuireadh plé i gcrích le déanaí chun an Comhaontú Idirbheartaithe idir an Roinn agus an tionscal guma coganta a athnuachan chun dul i ngleic le fadhb an bhruscair guma coganta don tréimhse 2022-2024. Tugtar le fios sna torthaí sin go bhfuil ag éirí leis na bearta a glacadh faoi na comhaontuithe.

"De bhreis air sin, sholáthair an Roinn suim €5 mhilliún sa bhreis d’Údaráis Áitiúla sa bhliain 2021 le haghaidh bonneagar bruscair agus feachtais feasachta chun cabhrú le bainistiú a dhéanamh ar an mbruscar a tháinig chun cinn sa samhradh atá imithe thart, ar lena linn a bhí méadú ann sa líon daoine a bhí ag ithe amuigh faoin spéir agus ag dul ar saoire sa bhaile mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19. Is ábhar misnigh é a fheiceáil nár tháinig méadú ar leibhéil bhruscair.

"Is ann freisin do bhearta sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach a mbeidh tionchar suntasach acu, a luaithe a bheidh siad tugtha isteach, ar iarrachtaí a bhfuil mar aidhm leo bruscar a chosc, amhail an Scéim Aisíoca Éarlaise (DRS) le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim agus tobhach ar chupáin chaife indiúscartha."

Leanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide le tacaíocht a thabhairt do roinnt clár múscailte feasachta comhshaoil agus le hiad a chur chun cinn. Áirítear leo sin Clár na Scoileanna Glasa, atá dírithe ar oideachas a chur ar dhaoine óga, agus na Scéimeanna Deontais Frithbhuscair agus Frithghraifítí do phobail áitiúla (a n-oibríonn Údaráis Áitiúla iad). De bhreis air sin, tacaíonn an Roinn le hobair a dtugann grúpaí áitiúla fúthu – trí urraíocht a dhéanamh ar an nGlantachán Náisiúnta Earraigh a reáchtálann An Taisce.

Tá torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar don bhliain 2021 ar fáil ina n-iomláine ar litter.ie agus ar shuíomh gréasáin na Roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Comhlacht Monatóireachta Bruscair

Cheap an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Tobin Consulting Engineers chun feidhmiú mar Chomhlacht Monatóireachta Bruscair (LMB) don tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 – chun leanúint le forbairt a dhéanamh ar an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar (NLPMS) a bunaíodh sa bhliain 1999 agus chun cur chun feidhme an chórais sin ag Údaráis Áitiúla a chomhordú. Trí bhíthin suirbhéanna ó na hÚdaráis Áitiúla (dá raibh breis agus 5,000 ceann ann sa bhliain 2021), gintear sonraí iontaofa leis an NLPMS chun cur ar chumas gach Údaráis Áitiúil athruithe i méid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme a thomhas go cruinn le himeacht ama, rud a chabhraíonn leo bainistíocht bruscair a phleanáil ar bhealach níos éifeachtaí.

Na ceanglais ar Údaráis Áitiúla

  • na foinsí féideartha bruscair ina limistéar feidhme a shainaithint/a léarscáiliú
  • na sonraí sin a úsáid chun láithreacha suirbhé a shainaithint ar mhaithe le comhdhéanamh agus méid an truaillithe ó bhruscar ina limistéar a dhéanamh amach
  • sraith suirbhéanna a dhéanamh gach bliain, ar féidir na torthaí orthu a chur i gcomparáid leis an "tagarmharc" nó le torthaí suirbhé na mblianta roimhe chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar dhul i ngleic le bruscar, agus na foirmeacha suirbhé cuí a chomhlánú lena seoladh ar ais chuig an gComhlacht Monatóireachta Bruscair (LMB) lena n-anailísiú/lena measúnú

Tuairisciú

Ar na sonraí suirbhé a fháil ó Údaráis Áitiúla, déanann an Comhlacht Monatóireachta Bruscair (LMB):

  • tuairisciú ar ais do gach Údarás Áitiúil lena mheasúnú ar na sonraí suirbhé uathu
  • na torthaí suirbhé a thiomsú i bhforbhreathnú náisiúnta agus é a chur faoi bhráid na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Suirbhéanna a dhéanann Údaráis Áitiúla

Is ann do dhá chineál suirbhé a dhéanann Údaráis Áitiúla:

  • Suirbhéanna ar Thruailliú ó Bhruscar chun méid agus déine an truaillithe ó bhruscar a dhéanamh amach
  • Suirbhéanna ar Chainníocht Bruscair chun comhdhéanamh (is é sin, cineál agus bunús) an truaillithe ó bhruscar atá i réim i limistéar ar leith a shainaithint

Catagóirí bruscair

Sainaithnítear naoi gcatagóir leathana bruscair sna Suirbhéanna ar Chainníocht Bruscair:

  • bruscar a bhaineann le toitíní
  • bruscar pacáistíochta
  • bruscar a bhaineann le bia
  • bruscar a bhaineann le milseáin
  • bruscar páipéir
  • bruscar plaisteach (is é sin, bruscar nach bruscar pacáistíochta é – sceanra plaisteach agus bréagáin, mar shampla)
  • bruscar dochrach (salú madraí, clúidíní, snáthaidí agus steallairí, mar shampla)
  • mórmhíreanna bruscair (fearais tí agus troscán, mar shampla)
  • bruscar ilghnéitheach (is é sin, míreanna nach gclúdaítear leis na catagóirí eile – sreangán, éadaí, fabraicí)

Measúnuithe tagarmhairc

Ba é an toradh a bhí ar an gcéad sraith de shuirbhéanna a rinneadh sa bhliain 2000/2001 ná gur cuireadh ar chumas na nÚdarás Áitiúil measúnuithe "tagarmhairc" a bhunú ar mhéid agus comhdhéanamh an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme, agus táthar in ann comparáidí idir na torthaí suirbhé bhliantúil agus na suirbhéanna tagarmhairc sin a úsáid chun an dul chun cinn a thomhas ón uair sin i leith. Leis an anailís ar shonraí suirbhé, cuirtear ar chumas na nÚdarás Áitiúil éifeachtacht a straitéisí bainistíochta bruscair a mheasúnú ar bhonn leanúnach.

Sonraí a tháirgtear tríd an NLPMS

Is é an toradh atá ar na sonraí a tháirgtear tríd an gCóras Náisiúnta Monatóireachta maidir le Truailliú ó Bhruscar (NLPMS) ná go gcuirtear ar chumas na nÚdarás Áitiúil na nithe seo a leanas a shainaithint:

  • méid agus déine an truaillithe ó bhruscar ina limistéar feidhme
  • na cineálacha bruscair, na foinsí bruscair is dóchúla agus na cúiseanna is dóchúla le bruscar
  • na hathruithe i leibhéil bhruscair ó láthair go láthair agus le himeacht ama
  • láthair na ndubhphointí bruscair
  • tionchar na mbeart nua frithbhruscair