English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann dámhachtainí cistiúcháin do thionscadail ‘Gheo-oidhreachta’ pobail

Rinne Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann deontais 'gheo-oidhreachta' a dhámhachtain do sheacht dtionscadal phobalbhunaithe ar fud na tíre. Aidhm atá leis an gciste is ea scéal gheolaíocht na hÉireann agus an dóigh a mbaineann an gheolaíocht sin lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht agus an dóigh a dtéann sí i gcion orthu a insint. Aidhm eile atá leis is ea feabhas a chur ar an tuiscint ar an ngeo-eolaíocht agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí áitiúla ar fud na tíre.

Is fiú suas le €10,000 an ceann iad na deontais. Tá na cistí ar fáil faoin Scéim Deontas Geo-oidhreachta atá á riar faoin gClár Geo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. Leis na cistí, tacaítear le grúpaí áitiúla, le láithreáin sheanbhunaithe gheothurasóireachta, le geopháirceanna ionchasacha agus le Geopháirceanna Domhanda UNESCO ábhair oideachais agus for-rochtana a fhorbairt agus a fhoilsiú.


Cad is geo-oidhreacht ann

Cuid d’oidhreacht na hÉireann is ea an gheolaíocht. Ceiliúrtar mar chuid dár bhféiniúlacht í.

Imríonn an tírdhreach agus na carraigeacha faoina bhun tionchar ar ár dtionscal turasóireachta. Is ar na gnéithe geolaíocha agus geografacha a bhíonn ár dtalmhaíocht agus ár mbia agus, ina lán cásanna, ár logainmneacha agus ár dtraidisiúin bunaithe. Mar gheall ar éagsúlacht leathan na geolaíochta in Éirinn agus ar mhúnlú an tírdhreacha le déanaí, tá acmhainneacht ag gach baile fearainn scéal spéisiúil geo-oidhreachta a insint. Tá an ciste ar fáil do gach grúpa pobail agus áitiúil ón mbliain 2019 i leith, agus é mar aidhm leis oideachas geo-éagsúlachta, geo-oidhreachta agus geo-eolaíochta a chur chun cinn trí rannpháirtíocht an mhórphobail.

Leanann na hiarratais rathúla sa bhliain 2024 le héagsúlacht gheolaíocht agus gheo-oidhreacht na hÉireann, agus an luach ar an ngeolaíocht agus ar an ngeo-oidhreacht sin do thionscnaimh agus pobail áitiúla, a léiriú. I roinnt de na tionscadail, tarraingítear aird ar rannpháirtíocht an phobail.

Mar shampla, forbróidh Carraig Nua Science aip saor in aisce chun cuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a nascadh le hoidhreacht gheolaíoch Shligigh, Dhún na nGall agus Liatroma.

Tionscadal a dhéanfaidh Siga Hydro Ltd agus lena dtacófar le tionscadail phobail agus lena gcomórfar an ról tábhachtach a d’imir an mhianadóireacht inár stair, foilseofar leis imleabhar curtha in eagar de pháipéir eolaíocha a bhainfidh le ceantar mianadóireachta Bhéal Átha Gabhann agus le seanláithreán mianaigh Magcobar.

Cuirfidh Ionad Éiceolaíochta agus Gairdíní Sonairte an gheo-oidhreacht agus an gheolaíocht leis an tuiscint ar an mbithéagsúlacht ina chuid cosán agus conairí poiblí.

Déanfaidh Hotwell House cothú, cur chun cinn agus cosaint ar an oidhreacht chultúrtha, stairiúil agus eolaíoch atá ag láithreán oidhreachta geolaíche contae foinse bogthe ar a dtugtar Tobar Naomh Gormán agus atá lonnaithe ar a thalamh. Foilseoidh Gareth L. Jones treoir uathúil maidir leis an gcnocadóireacht in Éirinn agus in áiteanna níos faide anonn, rud a mbeidh nasc láidir aige le geolaíocht agus oidhreacht gheolaíoch thimpeallacht gach cosáin agus ina dtabharfar tuairisc ar an oidhreacht sin.

Leanann Geopháirceanna Domhanda UNESCO lena ngeolaíocht áitiúil a cheiliúradh agus, i mbliana, tá Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair ag leanúint le tógáil ar ghlúin nua de chonairí atá dírithe ar an ngeo-oidhreacht, ar conairí iad a bheidh ar fáil go fíorúil agus ar an talamh araon. Tá sé mar aidhm ag geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair cosán a fhorbairt lena dtaispeánfar gnéithe geolaíocha trí bholláin atá ina léiriú ar na príomhliteolaíochtaí (saintréithe carraige) ó réigiún na geopháirce a roghnú agus iad a chur feadh na conaire atá ann cheana chuig an eas i gCoillte Thuar Mhic Éadaigh.

D’fháiltigh Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, roimh an bhfógra, agus an méid seo á rá aige:

"Tá an tSuirbhéireacht Gheolaíochta ag obair ar fud na tíre ón mbliain 1845 i leith, agus tá sé seo ar cheann amháin de na bealaí inar féidir rannchuidiú le pobail, dea-chaidreamh a chothú agus daoine a spreagadh obair i gcomhar linn chun sonraí, léarscáileanna agus saineolas a úsáid ar mhaithe le hacmhainní áitiúla turasóireachta agus oideachais a fhorbairt. Tá na tionscadail a sheolfar i mbliana mar fhianaise ar an raon leathan bealaí inar féidir an gheolaíocht agus an gheo-oidhreacht a úsáid chun an turasóireacht agus an t-oideachas a fhorbairt agus chun bród áitiúil a chothú as an obair a rinne na tionscadail phobail áitiúil a fuair cistiú den chineál céanna i mblianta roimhe ó bhí an bhliain 2020 ann. Is cúis áthais dom go bhfuair an Scéim Deontas Geo-oidhreachta an oiread sin iarratas i mbliana, agus táim ag tnúth le torthaí na gcomhthionscadal pobail a fheiceáil."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í.

Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann seirbhís Geolaí ar Dualgas don phobal chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus ábhair imní a bhaineann leis an ngeo-eolaíocht. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Tuilleadh faisnéise a fháil faoin gClár Geo-oidhreachta agus faoi na tionscadail gheo-oidhreachta de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Liosta iomlán faighteoirí deontais

Carraig Nua Geoscience Contae Shligigh Leis an tionscadal, soláthrófar aip gheospásúil chun feabhas a chur ar theagmháil na gcuairteoirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le geolaíocht agus geo-oidhreacht an bhealaigh i gContae Dhún na nGall, i gContae Liatroma agus i gContae Shligigh. Leis an aip, treorófar geothurasóirí chuig 60 eispéireas nua ar líne atá sonrach don láithreán agus a forbraíodh chun oideachas a chur orthu faoi na gnéithe geolaíochta agus geo-oidhreachta is féidir leo a fheiceáil agus a eispéiriú.
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Chósta an Chopair Contae Phort Láirge Leis an tionscadal seo, cruthófar léarscáil inphriontáilte stílithe nua do chuairteoirí de Gheopháirc Chósta an Chopair, agus an gheolaíocht á cumasc leis an oidhreacht dhaonna agus nádúrtha. Chomh maith leis sin, cruthófar leis leagan léarscáile scéalaíochta ar líne den léarscáil inphriontáilte trí úsáid a bhaint as an íomháineachas agus íocónagrafaíocht léarscáile a bheidh cruthaithe. Beidh dhá chuspóir ag an leagan digiteach den léarscáil, ag fónamh dó mar áis oideachasúil do chuairteoirí agus mar áis oideachasúil do leanaí scoile áitiúla. Beidh sé ina bhuntreoir áitbhunaithe éasca maidir leis an oidhreacht gheolaíoch agus mhianadóireachta. Beifear in ann freisin an leagan digiteach den léarscáil a thaispeáint mar ghníomhaíocht oideachasúil in situ in Ionad Cuairteoirí Chósta an Chopair i bhformáid dhigiteach, mar shampla ar ríomhaire táibléid.
Geopháirc ionchasach Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair Contae Mhaigh Eo agus Contae na Gaillimhe Leis an tionscadal atá beartaithe, forbrófar cosán geo-éagsúlachta i gCoillte Thuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo – coillearnach atá faoi úinéireacht Coillte agus a dhíríonn ar an áineas agus a bhfuil conair náisiúnta aici. Tá sé mar aidhm leis an gcosán gnéithe geolaíocha a thaispeáint trí líon idir deich mbollán agus 12 bhollán atá ina léiriú ar na príomhliteolaíochtaí ó réigiún na geopháirce a roghnú go hinbhuanaithe agus iad a chur feadh na conaire atá ann cheana chuig an eas i gCoillte Thuar Mhic Éadaigh Chomh maith le painéil faisnéise i dtús gach conaire agus ag deireadh gach conaire, beidh ag gach bollán a phainéal faisnéise féin ina dtabharfar tuairisc ar cá háit ar féidir an charraig a aimsiú i réigiún na geopháirce, ar ghnéithe sonracha den charraig agus ar an bpróiseas taobh thiar dá foirmiú.
Gareth L. Jones Ar fud na tíre Classic Mountain Days – beathaisnéis sléibhe phictiúrtha is leabhar 300 leathanach faoi chlúdach crua agus ina léirítear breis agus 60 bliain de thaiscéalaíocht agus eachtraíocht ardchríche. Leis na cosáin sin, aithnítear geo-oidhreacht struchtúr geolaíoch na gcnoc agus an ghníomhaíocht oighreach, an fhorbairt charstach agus na hathruithe tírdhreacha is féidir a shainaithint. Tá ag gach ceann de na cosáin, dá bhfuil breis agus 50 ceann ann, léarscáil agus buntreoir maidir leis na gnéithe geolaíocha agus topagrafacha atá i láthair. Sa leabhar sin, socraítear cosáin agus conairí dreaptha iontacha Éireannacha i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Siga-Hydro Ltd Contae Thiobraid Árann Le linn dó tacú le tionscadail phobail agus an ról tábhachtach a d’imir an mhianadóireacht i stair Bhéal Átha Gabhann agus i stair na hÉireann araon a chomóradh, tá sé beartaithe ag SIGA Hydro foilsiú a dhéanamh ar imleabhar curtha in eagar de pháipéir a bhainfidh le ceantar mianadóireachta Bhéal Átha Gabhann agus le seanláithreán mianaigh Magcobar. Áireofar leis an imleabhar sin ailt ó staraithe pobail áitiúil, ó thaighdeoirí oidhreachta agus ó gheolaithe Éireannacha a d’oibrigh ar thionscadail a bhain le Béal Átha Gabhann thar na blianta. Cuirfear an obair i gcrích i gcomhpháirt le Cumann Staire Bhéal Átha Gabhann, agus tabharfar na fáltais uile, tar éis costais a íoc, don ghrúpa neamhbhrabúis sin chun tacú leis an oidhreacht mhianadóireachta i mBéal Átha Gabhann.
Ionad Éiceolaíochta agus Gairdíní Sonairte Contae na Mí Leis an tionscadal seo, is é an aidhm ná comharthaíocht faisnéise a chur le bealach isteach Sonairte agus feadh na conaire foraoise chun oideachas a chur ar chuairteoirí faoi thábhacht gheolaíoch an láithreáin. Ar na comharthaí sin, leagfar béim ar thábhacht gheolaíoch na hAiní agus na gceantar máguaird. Is ann do raon leathan bithéagsúlachta sa cheantar. Tá an Ainí, ar abhainn taoide í, feadh an chosáin foraoise. Tá aici a riasc goirt agus a réileáin láibe féin, atá ina limistéar cosanta speisialta a gcónaíonn raon leathan fiadhúlra ann.
Hotwell House – Tobar Naomh Gormán Contae na Mí Is é an aidhm ná comharthaíocht agus bileoga faisnéise a chruthú le haghaidh fhoinse bhogthe Naomh Gormán in aice an Bhóthair Bhuí, Contae na Mí. Tá eolaithe, George Victor Du Noyer ina measc, i mbun staidéar fairsing a dhéanamh ar an láithreán seo ó na 1800í i leith. Chomh maith leis sin, tá an fhoinse bhogthe ina tobar beannaithe a bhfuil oidhreacht uathúil chultúrtha agus gheolaíoch aige. Tá eolas maith uirthi sa cheantar áitiúil agus tugann daoine fiosracha ó áiteanna ar fud an domhain cuairt uirthi freisin. Bainfidh an láithreán tairbhe as comharthaíocht chun faisnéis a thabhairt do mhuintir na háite agus don phobal i gcoitinne, rud ina míneofar tábhacht ár n-oidhreachta geolaíche, an méid is eol faoin bhfoinse bhogthe agus na rudaí a rannchuidíonn le huisce te airtéiseach a thonnadh aníos.