Faigheann an tAire Ryan ceadú ón rialtas le haghaidh bearta chun an leictreachas in-athnuaite a luathú
- Foilsithe: 5 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2024
- Leis an mBeartas Stórála, luathófar soláthar na stórála ar chóras fuinnimh na hÉireann
- Beidh na freagraí ar an gcomhairliúchán mar bhonn eolais faoi Chreat nua maidir le Sreanga Príobháideacha a fhorbairt
Fuair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú ón rialtas an tseachtain seo le haghaidh dhá mheabhrán ar féidir leo soláthar fuinnimh in-athnuaite a luathú agus a chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó is féidir as ár n-acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite.
Leagtar amach sa dá mheabhrán na pleananna sa todhchaí le haghaidh stóráil leictreachais a fhorbairt, rud lena gcumasófar fuinneamh in-athnuaite barrachais a stóráil agus a úsáid nuair is gá, agus na pleananna sa todhchaí le haghaidh Sreanga Príobháideacha, rud lena gcumasófar do ghrúpaí fuinnimh pobail, do dhaoine aonair príobháideacha agus d’úsáideoirí eile fuinnimh a gcáblaí leictreachais féin a reáchtáil chun leictreachas a aistriú.
Is iad an dá fhorbairt sin an taobh eile den scéal ó fhorbairt mhórscála foinsí fuinnimh in-athnuaite. Is é atá sa dá fhorbairt sin ná bunchlocha riachtanacha aon chórais fuinnimh in-athnuaite, rud a bhíonn inathraithe agus inrochtana do chách, idir shealbhóirí tí aonair, thionscadail fuinnimh pobail agus úsáideoirí móra fuinnimh.
Is é an Creat Beartais maidir le Stóráil Leictreachais d’Éirinn an chéad bheartas dá chineál riamh agus leagtar amach ann an ról a bheidh ag córais stórála leictreachais ina chinntiú go mbeidh Éire in ann an fuinneamh barrachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite “a bhancáil” nuair a bheidh siad flúirseach ionas go mbeifear in ann é a úsáid ar an eangach in ionad breoslaí iontaise. D’fhéadfadh sé sin tarlú nuair atá an t-éileamh ard nó nuair atá an toilleadh ó fhuinneamh gaoithe nó ó fhuinneamh gréine íseal, mar shampla le linn tréimhse lagbhrú sa gheimhreadh. I láthair na huaire, is ionann toilleadh stórála na hÉireann agus thart ar 800 MW, agus moltar sa chreat beartais go bhfaigheadh Éire stóráil bhreise trí sholáthar lom láithreach.
Ní hé amháin gurb é an toradh a bheidh ar na córais stórála leictreachais sin a chur leis go méadófar na méideanna leictreachais in-athnuaite níos glaise atá ar an eangach, ar dá bharr a sholáthrófar leictreachas glas níos saoire don tomhaltóir sa deireadh, ach cinnteofar leis freisin go mbeidh eangach na hÉireann in ann leas a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh as luas tapa ár gcláir giniúna fuinnimh in-athnuaite, agus fás earnálacha tionsclaíocha na hÉireann á éascú ag an am céanna.
Tugtar le fios in anailís ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta gurb é an toradh a bheidh ar ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh a sholáthar go luath sa deacáid seo ná go mbrúfar praghsanna leictreachais mórdhíola síos faoi suas le 10%, rud ba chúis le billí níos ísle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.
Is é an dara meabhrán ná na Treoirphrionsabail Sreang Príobháideach le haghaidh Ceapadh Beartais.
Ar leibhéal bunúsach, is é atá i gceist le Sreanga Príobháideacha ná a gcáblaí leictreachais féin a bheith á gcur ar siúl ag daoine aonair príobháideacha nó gnóthais phríobháideacha chun leictreachas a aistriú. I bhformhór na gcásanna, is é a bheidh i gceist le Sreanga Príobháideacha ná talamh agus/nó réadmhaoin nach le húinéir an chábla nó le hoibritheoir an chábla é/í a thrasnú, bíodh an talamh sin faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí. I láthair na huaire, is ar an eangach leictreachais náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit, agus ar an eangach sin amháin, a aistrítear leictreachas ó ghiniúint sheachtrach chuig láithreáin éilimh (tithe, monarchana, agus araile).
I gcás Sreanga Príobháideacha, is féidir an nasc idir úsáideoirí deiridh agus foinsí in-athnuaite a chur faoi rialú daoine aonair, rud lena gcumasaítear do ghrúpaí fuinnimh pobail, mar shampla, fuinneamh a thabhairt go díreach d’úsáideoirí éilimh nó lena gcumasaítear d’úsáideoirí móra fuinnimh amhail cuideachta cógaisíochta a bhfuinneamh a fháil go díreach ó ghrianfheirm áitiúil nach cuid dá campas iad.
Leanfar d’fhormhór mór riachtanais fuinnimh na hÉireann a sholáthar tríd an eangach náisiúnta. Oibreofar sreanga príobháideacha i gcomhlánú na mbeartas náisiúnta agus fhorbairt leanúnach na heangaí, an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRU) nó na n-oibritheoirí córas eangaí.
Sa chomhairliúchán poiblí, iarradh ionchur i ndáil le roinnt deiseanna ó thaobh an tsoláthair ar talamh agus an tsoláthair amach ón gcósta de, lenar áiríodh táirgeadh hidrigine glaise, giniúint áitiúil a nascadh leis an éileamh, agus giniúint agus éileamh atá i bhfad ar shiúl a nascadh, agus úsáidí féideartha amhail líonraí príobháideacha atá cosúil le heangacha beaga príobháideacha leictreachais.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Is iad an dá bheartas seo an taobh riachtanach eile den scéal ónár n-uaillmhianta leictreachais in-athnuaite. Tá siad ar na bunchlocha inár n-aistriú idircheangailte fuinnimh agus teicneolaíochta chuig modh níos fearr le haghaidh an tír a chumhachtú.
"Is léir ón gcaidreamh ar an mBeartas maidir le Stóráil Leictreachais agus ón líon mór freagraí ar an gcomhairliúchán ar Shreanga Príobháideacha gur réimsí spéise do mhórán daoine iad. Gabhann leo an acmhainneacht chun níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite a imscaradh laistigh den chóras fuinnimh agus chun cabhrú lenár spriocanna dícharbónaithe.
"Beidh ríthábhacht le níos mó foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur isteach sa chóras má táimid chun ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh. Is gá creat beartais maidir le stóráil leictreachais agus creat um Shreanga Príobháideacha a sholáthar chun leas a bhaint as acmhainní earnála príobháidí chun bonneagar leictreachais nua a thógáil."
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar an gCreat Beartais maidir le Stóráil Leictreachais agus ar an gComhairliúchán ar Shreanga Príobháideacha ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Stóráil
Ar aon dul le gealltanais an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide(gníomh EL/24/16 den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024), d’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Creat Beartais maidir le Stóráil Leictreachais d’Éirinn. Tugtar breac-chuntas sa chreat beartais ar na róil, na próisis theicniúla, na suíomhanna ar an margadh agus na struchtúir rialála atá ag an stóráil leictreachais in Éirinn.
Tugtar aghaidh leis an gcreat beartais ar riachtanais láithreacha agus gharthéarmacha na heangaí trí thacú le stóráil leictreachais a chur ar áireamh ón am seo go dtí an bhliain 2040.
Rinne CRU agus na hOibritheoirí Córais, mar atá EirGrid agus Líonraí BSL, an Creat Beartais maidir le Stóráil Leictreachais d’Éirinn a athbhreithniú agus a cheadú tríd an ngrúpa oibre um Sheirbhísí Stórála agus Córais atá mar chuid den Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú. Thug na trí gheallsealbhóir phríomha sin cabhair shuntasach ar fud fhorbairt an chreata beartais seo agus, i dteannta na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, is príomh-gheallsealbhóirí iad i gcur chun feidhme ghníomhartha an chreata beartais.
Is creat beartais uileghabhálach d’Éirinn é sin agus tá an creat beartais comhdhéanta de dheich ngníomh beartais, de cheithre chaibidil agus d’iarscríbhinní gaolmhara. Is iad seo na deich ngníomh beartais:
Cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a choimeád i leith na gcóras stórála leictreachais uile
- Tionscadal 'bosca gainimh' a chruthú chun cur leis an eolas teicneolaíoch atá ag Oibritheoirí Córais ar theicneolaíochtaí stórála leictreachais atá ag teacht chun cinn
- Grúpa oibre um sheirbhísí stórála agus córais leictreachais a thionól mar chuid den Tascfhórsa um Fhorbairt Leictreachais In-athnuaite a Luathú
- Fóram a thionól le haghaidh grúpa leathnaithe geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhlachtaí reachtúla, príomhionadaithe tionscail agus grúpaí acadúla/sainleasa
- Tacú le rochtain ar na margaí leictreachais mórdhíola, le harbatráiste agus le cruachadh ioncaim le haghaidh córais stórála leictreachais
- Tacú le táirgí solúbthachta éilimh agus stóráil (fhadtréimhseach) leictreachais a fháil trí sholáthar lom láithreach chun freastal ar riachtanais shonracha líonra sa chóras dáileacháin agus sa chóras tarchurtha faoi seach
- Comhairliúchán 'cainníochta' a thionscnamh chun na ceanglais bharrmhaithe stórála (fadtréimhsí) leictreachais a bhunú chun spriocanna aeráide agus leathnú an líonra eangaí leictreachais idir an bhliain 2030 agus an bhliain 2040 a chomhlíonadh
- Comhairliúchán 'airgeadais' a thionscnamh chun a shuí an soláthrófar leis na sásraí margaidh ionchais atá le teacht chun cinn idir an bhliain 2025 agus an bhliain 2028 cinnteacht leordhóthanach ó sholáthraithe seirbhíse chun na ceanglais bharrmhaithe córas stórála (fadtréimhsí) leictreachais don tréimhse ón mbliain 2030 go dtí an bhliain 2040 a chomhlíonadh
- Más gá, agus go dtí go soláthrófar an toradh ar an gcomhairliúchán 'airgeadais', creat margaidh a fhorbairt chun cur ar áireamh teicneolaíochtaí córais stórála (fadtréimhsí) leictreachais san eangach a dhreasú tuilleadh chun ceanglais na tréimhse ón mbliain 2030 go dtí an bhliain 2040 a chomhlíonadh
- A chinntiú gur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana 2028 a bheidh bealach chun an mhargaidh le haghaidh na gceanglas barrmhaith sainaitheanta stórála (fadtréimhsí) leictreachais don tréimhse ón mbliain 2030 go dtí an bhliain 2040
Sreanga Príobháideacha
Tá Sreanga Príobháideacha á gcur chun cinn ag daoine laistigh den tionscal leictreachais le roinnt blianta anuas. Cuireadh gníomhaíocht i leith Sreanga Príobháideacha ar áireamh sna Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide a foilsíodh le déanaí freisin. I mí Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RECC) comhairliúchán poiblí ar Shreanga Príobháideacha, rud lenar cuireadh gníomh EL/23/15 den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 i gcrích agus a bhí ar cheann amháin de na chéad chéimeanna i dtreo beartas deiridh a fhorbairt maidir le Sreanga Príobháideacha.
Fuarthas 128 bhfreagra ar an gcomhairliúchán agus tiomsaíodh tuarascáil achoimre ar na freagraí sin. Tá an tuarascáil achoimre agus aguisín de na freagraí uile á bhfoilsiú inniu agus léirítear sa tuarascáil toradh an phróisis comhairliúcháin sin.
Áirítear leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 gealltanas go bhforbródh an roinn Creat Beartais maidir le Sreanga Príobháideacha faoi dheireadh na bliana 2024. Chun cabhrú le forbairt an bheartais sin atá le teacht, cheadaigh an rialtas ocht bprionsabal a bheidh mar bhonn eolais faoi cheapadh an bheartais. Tá na prionsabail sin á bhfoilsiú inniu agus beidh siad ina gcabhair do dhaoine den phobal i gcoitinne agus iad ag iarraidh treo an réimse beartais seo a thuiscint. Níl éifeacht dhíreach ag na prionsabail sin agus ní dhéantar leo aon athruithe ar an gcóras reatha. Tá sé mar aidhm leo cabhrú le beartas sa todhchaí a fhorbairt.
Sainmhíniú ar Shreanga Príobháideacha
Ar leibhéal bunúsach, is é atá i gceist le Sreanga Príobháideacha ná a gcáblaí leictreachais féin a bheith á gcur ar siúl ag daoine aonair príobháideacha nó gnóthais phríobháideacha chun leictreachas a aistriú. I bhformhór na gcásanna, is é a bheidh i gceist le Sreanga Príobháideacha ná talamh agus/nó réadmhaoin nach le húinéir an chábla nó le hoibritheoir an chábla é/í a thrasnú, bíodh an talamh sin faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi úinéireacht phoiblí. Roimhe seo, ba ar an eangach leictreachais náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit a aistríodh leictreachas ó ghiniúint sheachtrach chuig láithreáin éilimh (tithe, monarchana, agus araile).
Tá Sreanga Príobháideacha ina saincheist a bhfuil spéis ag mórán geallsealbhóirí inti agus atá tábhachtach do mhórán geallsealbhóirí, agus lear deiseanna féideartha ann le haghaidh a n-imscartha. Sa chomhairliúchán poiblí, iarradh ionchur i ndáil le roinnt deiseanna ó thaobh an tsoláthair ar talamh agus an tsoláthair amach ón gcósta de, lenar áiríodh táirgeadh hidrigine glaise, giniúint áitiúil a nascadh leis an éileamh, agus giniúint agus éileamh atá i bhfad ar shiúl a nascadh, agus úsáidí féideartha amhail líonraí príobháideacha atá cosúil le heangacha beaga príobháideacha leictreachais.
Téarma ceannoscailte uileghabhálach nach mbaineann gach duine an bhrí chéanna as is ea Sreanga Príobháideacha. Chun críche an chomhairliúcháin phoiblí, mar sin, d’fhéach an Roinn le cineálacha Sreang Príobháideach a aicmiú agus sainmhínithe oibre a leithdháileadh orthu. D’aicmíomar Sreanga Príobháideacha a bheith ina 'Líne Phríobháideach' nó ina 'Líonra Príobháideach'.
Chun críche an chomhairliúcháin, tá roinnt saintréithe comhchosúla ag 'Línte Príobháideacha' agus ag 'Líonraí Príobháideacha' araon:
- Ní bhaineann siad ach le bonneagar leictreachais
- Tá siad faoi úinéireacht phríobháideach agus déantar iad a oibriú agus a chothabháil go príobháideach, is é sin le rá nach bhfuil aon smacht ag BSL, ag aon fhochuideachta de BSL ná ag EirGrid orthu
- Is féidir giniúint leictreachais le haghaidh féinsoláthair nó giniúint leictreachais lena dhíol nó lena dháileadh ar aghaidh a bheith i gceist leo
- Ní úsáidtear leo an eangach leictreachais náisiúnta chun leictreachas a aistriú, agus
- Is féidir leo a bheith ar bun ar leibhéal Tarchurtha nó ar leibhéal Dáileacháin
- Is é is 'Líne Phríobháideach' ann ná líne leictreachais agus bonneagar gaolmhar atá faoi úinéireacht phríobháideach, a úsáidtear chun leictreachas a sholáthar, agus lena nasctar láithreán giniúna aonair le húsáideoir éilimh aonair.
Is é is 'Líonra Príobháideach' ann ná córas leictreachais atá faoi úinéireacht phríobháideach, ina bhfuil cáblaí gaolmhara agus bonneagar gaolmhar, a úsáidtear chun leictreachas a iompar agus a sholáthar, agus
- Lena nasctar láithreán giniúna aonair le roinnt úsáideoirí éilimh, nó
- Lena nasctar roinnt láithreán giniúna le húsáideoir éilimh aonair, nó
- Lena nasctar roinnt láithreán giniúna le roinnt úsáideoirí éilimh, nó
- Ina bhfuil leaganacha éagsúla de na nithe thuas a bhfuil níos mó ná dhá ghnóthas i gceist leo