English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faigheann an tAire Ryan ceadú ón rialtas le haghaidh dul i mbun idirbheartaíochta ar Oifig Tionscadail de chuid Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe a bhunú i mBaile Átha Cliath

  • Dá lonnófaí oifig i mBaile Átha Cliath, d’fhéadfaí cur leis an dea-theist ar Éirinn i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta

Fuair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ceadú ón Rialtas le haghaidh dul i mbun idirbheartaíochta ar Oifig Tionscadail de chuid Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) a bhunú i mBaile Átha Cliath.

Is é UNDP an ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe a gcuirtear de chúram uirthi cabhrú le tíortha deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus fás geilleagrach inbhuanaithe agus forbairt dhaonna inbhuanaithe a bhaint amach.

Tá an t-airgeadas inbhuanaithe ina chuid lárnach d’fhorbairt inbhuanaithe agus ina chuid dhílis de dhul i ngleic leis an athrú aeráide. Baineann ríthábhacht ar an leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon le ról na margaí airgeadais a mhéid a bhaineann le faisnéis thrédhearcach a sholáthar maidir le rioscaí inbhuanaitheachta a bhaineann le cinntí infheistíochta, agus a mhéid a bhaineann le sreafaí airgeadais a aistriú i dtreo an dícharbónaithe agus na forbartha inbhuanaithe.

Ba í seo an chéad uair riamh a bheadh láithreacht fhoirmiúil ag UNDP in Éirinn. Tá plé le UNDP ar siúl le tamall anuas agus meastar go bhféadfaí cur leis an dea-theist ar Éirinn i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta dá lonnófaí an oifig i mBaile Átha Cliath.

Óstálfaidh an oifig bheartaithe an Rúnaíocht dhomhanda le haghaidh ghníomhaíochtaí na nIonad Airgeadais don Inbhuanaitheacht (FC4S) agus an Fhóraim Árachais Inbhuanaithe de chuid UNDP. De bhreis air sin, tacóidh sí le hiarrachtaí leanúnacha maoinithe aeráide agus dúlra UNDP ar leibhéal na tíre trí ionaid airgeadais agus rialálaithe i níos mó ná 40 tír a nascadh le fóraim bheartais dhomhanda, mar shampla an G20, Comhar Eacnamaíochta an Aigéin Chiúin agus na hÁise (APEC), na Comhdhálacha de na Páirtithe, agus a dtionscnaimh faoi seach.

Dúirt an tAire Ryan:

"Aithníonn Éire gurb é maoiniú leordhóthanach inrochtana aeráide an chuid is tábhachtaí de dhícharbónú agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach ar an leibhéal domhanda. Beidh maoiniú ó fhoinsí poiblí, príobháideacha, daonchairdiúla agus nuálacha ag teastáil má táthar chun na leibhéil riachtanacha mhaoiniúcháin le sroicheadh. Tá an-áthas orm ceadú a fháil le haghaidh na hidirbheartaíochta sin, ar féidir léi cabhrú lena chinntiú go n-aistreoimid i dtreo bhaint amach na sreafaí airgeadais is gá chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is onóir d’Éirinn agus léiriú ar an dea-theist atá orainn i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta go bhféadfadh go mbeadh an oifig seo de chuid UNDP lonnaithe anseo. Tá ról soiléir ann don earnáil seirbhísí airgeadais ar an leibhéal intíre agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon a mhéid a bhaineann le sreafaí airgeadais a aistriú amach ó ghníomhaíochtaí a dhéanann dochar don aeráid agus don chomhshaol agus i dtreo an dícharbónaithe agus na forbartha inbhuanaithe."

Dúirt Marcos Neto, Ard-Rúnaí Cúnta agus Stiúrthóir ar Bhiúró Tacaíochta Beartas agus Clár UNDP:

"De réir mar a ghéaraíonn an pobal domhanda ar a iarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, tá Baile Átha Cliath in áit uathúil chun teacht chun bheith ina mhol ríthábhachtach le haghaidh an airgeadais inbhuanaithe agus le haghaidh tionscnaimh a bhaineann leis an aeráid. Tá ríméad orainn a bheith ag dul ar aghaidh le plé ar oifig tionscadail nua le hÉirinn, ar tír í a bhfágann a tiomantas don fhorbairt inbhuanaithe agus do réitigh nuálacha mhaoiniúcháin gur comhpháirtí foirfe í le haghaidh an tsaothair uaillmhianaigh seo."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Ról na hÉireann san Airgeadas Inbhuanaithe

Roghnaíodh Éire mar láthair le haghaidh Oifig Tionscadail UNDP don Airgeadas Inbhuanaithe de bharr na sártheiste atá orainn i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta agus de bharr na n-éachtaí sa Mhaoiniú Aeráide/san Airgeadas Inbhuanaithe a bhaineamar amach trí shraith straitéisí Rialtais ar bhrúigh an Roinn Airgeadais iad chun cinn. Áirítear leo sin: ‘IFS2020’ agus 'Éire d’Airgeadas'.

Oibreoidh Oifig Tionscadail UNDP don Airgeadas Inbhuanaithe atá beartaithe i gcomhar le balltíortha na Náisiún Aontaithe, le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta amhail Bainc Forbartha Iltaobhacha (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), an Banc Domhanda, agus mar sin de) agus leis an earnáil phríobháideach (an lucht gnó agus an earnáil seirbhísí airgeadais) chun sainaithint, forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais lena soláthraítear cistiú chun a chur ar chumas tíortha atá i mbéal forbartha dúshláin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a shárú, go háirithe an t-athrú aeráide agus an tionchar a bhíonn aige ar an mbia, ar an uisce, ar an tsláinte, agus mar sin de. Chomh maith leis sin, oibreoidh an Oifig Tionscadail le tíortha forbartha agus le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta amhail an tAontas Eorpach chun réitigh a sholáthar ar fhadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide, lena n-áirítear bannaí glasa/inbhuanaithe, bonneagar inbhuanaithe agus pleanáil rioscabhunaithe le haghaidh tubaistí a bhaineann leis an aeráid agus leis an aimsir.