Faomhann an Chomh-Aireacht maoiniú €108m do phlean ceannródaíoch athshlánaithe Bhord na Móna Ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
- Foilsithe: 24 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Feabhra 2021
- Fógraíonn an tAire Ryan gur faomhadh 47 tionscadal eile freisin sa Lár Tíre, dar luach €27.8 milliún, faoin gCiste um Aistriú Cóir
D’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, dhá leithdháileadh maoinithe mhóra don chlár um Aistriú Cóir sa Lár Tíre, a ceapadh chun cabhrú le pobail aistriú ón mbaint mhóna go geilleagar nua, glas agus inbhuanaithe.
D’fhaomh an chomh-aireacht maoiniú €108 milliún do thionscadal mór athshlánaithe na dtailte portaigh de chuid Bhord na Móna. Faoin Scéim, cosnófar stóráil 100 milliún tona astaíocht CO2, cuirfear leis an mbithéagsúlacht, cruthófar 310 post agus cuirfidh sí le sprioc na hÉireann a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Trí chur i bhfeidhm na scéime, meastar freisin go seachnófar 3.2 milliún tona astaíocht CO2 sa tréimhse go 2050 (lena n-áirítear ceapadh carbóin amach anseo), i gcomparáid le cás athshlánaithe caighdeánach. Treiseofar maoiniú an Rialtais, a thiocfaidh ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, le hinfheistíocht €18 milliún ó Bhord na Móna, atá tiomanta d’aistriú “donn go glas”.
Beidh go leor díobh siúd a fhostófar sa tionscadal seo ina n-iarbhainteoirí móna ag a bhfuil dlútheolas agus stair fhada ar oibriú ar ár bportaigh.
Mar bharr ar an dea-nuacht don réigiún, rinneadh tairiscintí maoinithe ar choinníoll, dar luach €27.8 milliún, inniu do 47 tionscadal sa lár tíre faoin gCiste um Aistriú Cóir. Léiríonn na tionscadail pleananna nuálacha agus spreagúla ó ghnóthaí, údaráis áitiúla agus pobail sa lár tíre atá tiomanta do gheilleagar glas agus inbhuanaithe a chruthú don réigiún. De thairbhe an tiomantais seo ón bpobal agus na tacaíochta spriocdhírithe, beidh an réigiún ina áit mhealltach agus inbhuanaithe chun cónaí agus oibriú ann. Maoineofar oiliúint agus athoiliúint ionas gur féidir le gnóthaí agus pobail áitiúla dul in oiriúint don aistriú ísealcharbóin.
Áirítear leis na tionscadail ar éirigh leo, agus ar tairgeadh maoiniú os cionn €100,000 an ceann dóibh:
- An tionscadal Empower Eco a bheartaíonn deiseanna fiontraíochta a sholáthar tríd an mol nuálaíochta i Loch na Buaraí. Is é bunsprioc an tionscadail an chéad ghlúin eile de nuálaithe fiontair ghlais sa Lár Tíre a ghríosú agus cruthú réigiúnach post a spreagadh.
- An tionscadal Medicinal Herbs de chuid Bhord na Móna, mar a mbeidh Bord na Móna ina sholáthróir de chomhábhair orgánacha dheimhnithe a tháirgtear go heiticiúil agus go hinbhuanaithe do chuideachtaí luibheanna, cosmaidí, bia agus deochanna ar fud na cruinne. Beidh sé d’acmhainn ag an tionscadal tacú le suas le 105 post díreach agus tionscal mór le rá le haghaidh luibheanna leighis a chruthú i réigiún an Láir Tíre.
- Tionscadal chun Mol Breisoideachais agus Oiliúna um Fhoghlaim Dhigiteach a thógáil ar champas Bhord Oideachais agus Oiliúna an Longfoirt agus na hIarmhí ar an Longfort. Cuimseofar lárionad tástála ar líne, seomraí ranga agus spásanna do cheardlanna praiticiúla sa Mhol. Úsáidfidh foghlaimeoirí i réigiún forleathan an Láir Tíre an Mol chun tabhairt faoi chláir scileanna as a n-eascrófar speisialtachtaí i TFC, gairneoireacht, dobharshaothrú, foirgníocht agus déantúsaíocht chun cloí le héiteas an Aistrithe Chóir.
Dúirt an tAire Ryan, atá ar cuairt ar Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí, áit a gcasfar ionadaithe ar oibrithe agus lucht bainistíochta Bhord na Móna air:
"Is éacht mór é cinneadh an rialtais €108 milliún a chur ar fáil mar mhaoiniú don scéim athshlánaithe portaigh do na mílte heicteár de thailte portaigh. Is iontach í acmhainn ár bportach chun na milliúin tona carbóin a ghabháil agus a stóráil ar feadh na mblianta. Is sampla iontach é athshlánú agus feabhsúchán na bportach den Aistriú Cóir i mbun gnímh, mar a mbeidh oibrithe a bhíodh ag baint mhóna chun cumhacht a ghiniúint ina gcaomhnóirí ar ár bportaigh. Tiontóidh an tionscadal seo foinsí carbóin ina linnte carbóin, athchóireofar an bhithéagsúlacht agus cabhróidh sé linn ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh. Fostófar 350 duine, agus beidh sé ina threoirthionscadal freisin don aistriú cóir a chaithfimid a bhaint amach agus muid ag oiriúnú ár sochaí agus ár ngeilleagair chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Aire Stáit Oidhreachta Malcolm Noonan agus lenár Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra as a ról sa tionscadal seo."
Tá an tAire Ryan ag bualadh freisin le roinnt de na hiarratasóirí ar éirigh leo maoiniú a bhaint amach faoin Aistriú Cóir:
"Tá áthas orm cuairt a thabhairt ar an Lár Tíre inniu agus na cineálacha tionscadal nuálach atá á nginiúint anseo a fheiceáil agus cloisteáil fúthu mé féin. Ó na hiarratais a fuarthas ar an gCiste um Aistriú Cóir, is léir go bhfuil réigiún an Láir Tíre réidh agus ábalta todhchaí nua, ísealcharbóin a chruthú, agus fostaíocht inbhuanaithe a fhorbairt do na glúine amach romhainn. Is spreagadh dom an tiomantas ó na pobail, daoine aonair agus gnóthaí sa réigiún ar an aistear seo agus an meon fiontraíoch agus nuálach sa réigiún. Táim ag súil go mór leis an lá a gcuirfear na tionscadail seo i gcrích agus go gcruthóidh siad na deiseanna atá tuillte ag muintir an láir tíre."
Dúirt an Coimisinéir um Aistriú Cóir, Kieran Mulvey:
"Fáiltím roimh fhógra an lae inniu go bhfuil maoiniú breise á thairiscint do na tionscadail seo sa Lár Tíre. Beidh ról tábhachtach ag gach tionscadal maoinithe in oiriúnú rathúil an Láir Tíre don Aistriú Cóir agus rachaidh siad chun tairbhe freisin na bpobal agus na ndaoine is mó a bhfuil tionchar ag an aistriú ón mbaint mhóna orthu. Áirítear leis na tionscadail nuálacha seo gníomhaíochtaí iarfheistithe inbhuanaithe agus tionscnaimh fáis atá neodrach ó thaobh carbóin de. Bunófar moil ghnó réigiúnacha, tacófar le forbairt gnó áitiúil agus le fiontair ghlasa, tionscadail turasóireachta, oidhreachta agus soghluaisteachta gníomhaí, tionscnaimh athoiliúna agus oiliúna. Tá sé de chumas ag na tionscadail sin ar fad réigiún an Láir Tíre agus a phobail a aistriú ó bhonn. Cruthóidh siad fiontair nua, nuálacha, fuinnimh ghlais ag a bhfuil an acmhainn geilleagar an réigiúin a neartú agus poist a chruthú."
Dúirt Tom Donnellan, Príomhfheidhmeannach Bhord na Móna:
"Is bua mór é seo do dhul chun cinn na hÉireann maidir leis an nGníomhú ar son na hAeráide. Níl na tailte portaigh ach ar 3% de dhromchla an Domhain, ach tá 30% den Charbón ar fad a stóráiltear ar talamh iontu. Tá cumhacht nádúrtha uathúil acu carbón a ghabháil agus buanna suntasacha a sholáthar dúinne agus do na glúine atá le teacht. Oibreoidh Plean Athshlánaithe na dTailte Portaigh de chuid Bhord na Móna leis an dúlra chun é seo a bhaint amach agus léireofar a ról ceannaireachta i ngníomhú ar son na haeráide, ag baint amach bheartas an rialtais agus cuspóirí dícharbónaithe náisiúnta."
CRÍOCH
Nótaí chuig an Eagarthóir
Tá liosta iomlán de na tionscadail a fuair tairiscintí ar fáil anseo.
Maoiníonn Rialtas na hÉireann an Ciste um Aistriú Cóir ó ioncam cánach carbóin le €5m breise tiomanta ag Bord Soláthair an Leictreachais.
Eisíodh tairiscint ar choinníoll inniu do thionscadail a rinne iarratais ar mhaoiniú €100,000 agus os a chionn.
Is tairiscintí ar choinníoll iad seo agus éileofar ar na hiarratasóirí faisnéis deimhnithe a sholáthar chun tacú lena n-iarratais, lena n-áirítear fianaise ar chistiú meaitseála, árachais agus aon toilithe breise, sula ndéanfar tairiscint deiridh.
Bíonn tairiscintí ar choinníoll ar mhaoiniú faoi réir measúnú ar Státchabhair a dhéanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas má bhaineann státchabhair lena dtionscadal agus más ábhartha, tabharfar faoi phróiseas chun an leibhéal maoinithe is féidir a dheonú tríd an gCiste um Aistriú Cóir a ríomh.
Tá na tionscadail fhaofa a fógraíodh inniu sa bhreis ar 16 thionscadal rathúla, a raibh luach faoi bhun €100,000 ag baint le gach ceann díobh, a foilsíodh an 9 Meán Fómhair 2020.