English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála an Plean Náisiúnta Cibiréigeandála de chuid na hÉireann

  • Leagtar amach sa phlean an cur chuige náisiúnta a ghlacfar i leith freagairt do theagmhais thromchúiseacha chibearshlándála a dhéanann difear do chórais agus líonraí lena mbaineann tábhacht náisiúnta

Tá an Plean Náisiúnta Cibiréigeandála de chuid na hÉireann á fhoilsiú inniu. Forbraíodh an plean agus leas á bhaint as caidreamh fairsing a rinneadh san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, as dhá chleachtadh éigeandála a bhí sonrach don earnáil a rinneadh sna blianta 2022 agus 2023, agus as ceachtanna a foghlaimíodh ón ionsaí bogearraí éirice ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2021.

Tugtar breac-chuntas sa phlean ar an bpróiseas trína ndéantar Cibiréigeandáil Náisiúnta a fhógairt, a bhainistiú agus a chomhordú. Cinntítear leis go dtuigeann gach duine a róil agus a bhfreagrachtaí le linn cibiréigeandála agus go ndéantar cur chuige an rialtais i leith teagmhais thromchúiseacha chibearshlándála a mhíniú agus a chur in iúl don phobal go soiléir.

Bíonn teagmhais chibearshlándála éagsúil ó dhúchas agus, mar sin de, is ann do raon ollmhór cásanna féideartha ina bhféadfaí an plean a thionscnamh. Chinntigh sé sin faoi seach gur cuireadh próiseas freagartha an-solúbtha isteach sa phlean le linn a fhorbartha.

Bíonn na gníomhaíochtaí a ndéantar cur síos orthu sa Phlean Náisiúnta Cibiréigeandála ag brath ar thrí mhód comhair:

  • Mód Buan: Baineann an mód seo leis an ngnáthchúrsa gnó, ar lena linn a choinnítear feasacht ar an staid ar bun agus a dhéantar gníomhaíochtaí um ullmhacht don teagmhas
  • Mód Rabhaidh: Gníomhachtaítear an mód seo nuair a thugtar le fios san fhianaise go bhfuil riosca méadaithe ann go dtiocfaidh teagmhas de chineál ‘cibiréigeandála’ chun cinn in earnáil ar leith nó in earnálacha ar leith. Is é atá i gceist leis ná cumarsáidí le geallsealbhóirí ar fud an rialtais agus san earnáil phríobháideach de réir mar is cuí
  • Mód Gníomhachtaithe Iomláin: Gníomhachtaítear an mód seo má tharlaíonn teagmhas a chomhlíonann an tairseach mar chibiréigeandáil náisiúnta ar gá ina leith an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí a ndéanann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála cathaoirleacht air a ghníomhachtú chun a chinntiú go mbeidh freagairt éifeachtach chomhordaithe ilghníomhaireachta agus trasrialtais ann ar mhaithe le srianadh, le maolú nó le téarnamh

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú an phlean, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:

"Is cúram casta é freagairt d’éigeandálaí cibearshlándála go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta mar gheall ar an raon an-leathan teagmhas a d’fhéadfadh a bheith ann agus mar gheall ar an nádúr éagsúil, an fhairsinge éagsúil agus na hiarmhairtí éagsúla a bhaineann leo sin. Leis an bplean seo, bunaítear ailtireacht le haghaidh fhreagairt an rialtais a chomhordú de réir na reachtaíochta agus na mbeartas atá i bhfeidhm in Éirinn agus san Eoraip."

Is iad an príomh-spriocphobal don phlean ná oifigigh ó ranna/gníomhaireachtaí rialtais a bhfuil ról acu sa fhreagairt do chibiréigeandálaí náisiúnta agus eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-íospartaigh (soláthraithe seirbhísí poiblí agus príobháideacha riachtanacha). Áirítear leo sin oifigigh shinsearacha, baill foirne cumarsáide, agus pearsana a bhfuil freagrachtaí orthu a bhaineann le freagairt do theagmhais laistigh dá n-eagraíocht, ach gan a bheith teoranta dóibh.

A bhuí le foilsiú an phlean, cinntítear comhordú réidh leis an gcur chuige náisiúnta i leith bainistíocht éigeandálaí a bunaíodh sa doiciméad dar teideal ‘Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála: Struchtúir agus Creat Náisiúnta’. Tá an creat seo ceaptha chun feabhas a chur ar leas an phobail agus ar an gcosaint agus an tacaíocht a thugtar don phobal in amanna éigeandála trína chinntiú go mbíonn struchtúir agus nósanna imeachta náisiúnta atá oiriúnach don fheidhm i bhfeidhm chun déileáil leis an raon leathan éigeandálaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn, bíodh siad de thionscnamh inmheánach nó de thionscnamh seachtrach.

Ós rud é gur forbraíodh an plean i gcomhréir leis an doiciméad dar teideal ‘Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála: Struchtúir agus Creat Náisiúnta’, bunaítear leis an bplean na struchtúir le haghaidh cur chuige ‘uile-shochaí’ a chomhordú i leith ullmhú agus freagairt do chibiréigeandáil.

Tá an plean ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is féidir go mbeidh oifigeach sinsearach ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ar fáil le haghaidh teagmháil leis na meáin ar an topaic seo. Ba cheart iarrataí a sheoladh chuig an bPreasoifig (an tAonad um Chaidreamh leis na Meáin) sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (press.office@decc.gov.ie nó 0876937580).

Sainmhínítear cibiréigeandáil mar aon teagmhas cibearshlándála is cúis leo seo a leanas nó is baol a bheith ina chúis leo seo a leanas:

  • bás nó díobháil throm nó damáiste do mhaoin, don chomhshaol nó don gheilleagar, nó teagmhais shuntasacha a dhéanann difear do cheann amháin nó níos mó d’earnálacha criticiúla
  • agus ar gá ina leith an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí a ghníomhachtú chun a chinntiú go mbeidh freagairt éifeachtach chomhordaithe ann ar mhaithe le srianadh, le maolú nó le téarnamh