English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Ryan agus an tAire O’Gorman an Tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid

D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid 2024. Is é atá sa tuarascáil seo ná cuid dhílis den Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus den Phlean Gnímh bliantúil don Aeráid ón rialtas.

Cuireadh an tríú Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid ar siúl an 11 Aibreán. San iomlán, d’fhreastail 67 dtoscaire óige idir 12 bhliain d’aois agus 24 bliana d’aois ó áiteanna ar fud na hÉireann air, agus iad ag déanamh ionadaíocht d’eagraíochtaí óige, do Chomhairle na nÓg agus d’eagraíochtaí leasmhara eile. Tháirg na toscairí naoi bpríomh-mholadh, a leagtar béim orthu sa tuarascáil seo.

Baineann na príomh-mholtaí ón Tionól Óige leis na réimsí seo a leanas: an t-oideachas, caidreamh, agus an t-iompar inbhuanaithe. Bhí na moltaí seo a leanas i measc an lín aird moltaí ó na daoine óga:

  • Ba cheart an t-athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht a theagasc go gníomhach i ranganna OSSP
  • Chun daoine a choinneáil gafa leis an aeráid, ba cheart tionscnaimh, gairmeacha agus córas luaíochtaí a bheith i bhfeidhm
  • Ba cheart don rialtas tús áite a thabhairt do chistiú don iompar poiblí agus ba cheart dó feabhas a chur ar an mbonneagar iarnróid go háirithe
  • Ba cheart cárta taistil uilíoch atá ar nós an Chárta Leap agus is féidir a úsáid ar fud oileán na hÉireann a bheith ann
  • Ba cheart méid níos lú cánach a ghearradh ar mhíreanna atá éiceabhách agus ba cheart méid níos mó cánach a ghearradh ar mhíreanna nach bhfuil éiceabhách

Is ar áireamh sa tuarascáil atá na moltaí uile le haghaidh gníomhaíocht a dhéanamh.

Sa tuarascáil ón Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, tugtar taifead mionsonraithe ar phlé an tionóil, gabhtar tuairimí na ndaoine óga ó áiteanna ar fud na hÉireann agus léirítear na hábhair imní atá ag daoine óga maidir le saincheisteanna aeráide.

D’fháiltigh an tAire Ryan roimh fhoilsiú na tuarascála:

"Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó atá os comhair gach duine dínn, go háirithe daoine óga atá ag déileáil cheana féin leis an tionchar a bhí ag gníomhartha na nglúnta a tháinig rompu. Is gá dúinn éisteacht leis na fíorábhair imní atá acu faoinár bpláinéad agus faoina dtodhchaí agus aird a thabhairt orthu. Ní mór dúinn éisteacht go gníomhach leo, áfach, agus páirt a thabhairt do dhaoine óga inár bhforbairt beartais agus gníomhú de bhun an mhéid atá siad ag rá linn. Leis an Tionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, tugtar do dhaoine óga bealach an-inláimhsithe an-phraiticiúil chun an beartas náisiúnta a threorú, agus gabhaim buíochas le gach duine lenar bhain as an am agus an dua a chuir siad isteach chun na moltaí seo a dhéanamh, ar moltaí iad a bheidh mar bhonn eolais faoin mbeartas náisiúnta aeráide agus a úsáidfear chun Éire níos fearr a mhúnlú."

D’fháiltigh an tAire O’Gorman freisin roimh an bhfoilseachán agus na moltaí ón tionól, agus é ag rá:

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na toscairí as a n-iarrachtaí leantacha maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha seo agus le dearcadh a theastaíonn go géar i leith an chomhrá faoin aeráid a sholáthar. Breithneofar na moltaí atá sa tuarascáil seo lena gcur ar áireamh sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025."

Is féidir an tuarascáil a rochtain arItem was unpublished or removed

CRÍOCH