English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Ryan dréachtphlean ina sainaithnítear limistéir bheartaithe amach ón gcósta theas atá oiriúnach do thionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta

  • Sa dréacht-Phlean nua Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, sainaithnítear ceithre limistéar bheartaithe amach ón gcósta theas le haghaidh tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta
  • Is é an Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas an chéad phlean spásúlachta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite de chuid na hÉireann riamh. Tá comhairliúchán poiblí sé seachtaine ar an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe ar oscailt anois

D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas inniu. Is é an chéad phlean spásúlachta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite ar muir de chuid na hÉireann riamh é.

Sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, sainaithnítear ceithre limistéar mhuirí amach ón gcósta theas ina bhfuil sé beartaithe fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sna deich mbliana romhainn.

In anailís eacnamaíoch neamhspleách, a foilsíodh i dteannta an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, leagtar béim ar na tairbhí eacnamaíocha féideartha a bhaineann le cur chun feidhme an phlean, rud a d’fhéadfadh infheistíocht isteach ab fhiú €4.4 billiún agus fostaíocht a mheastar a bheith cothrom le 49,000 bliain coibhéise lánaimseartha a sholáthar do gheilleagar na hÉireann. Leagtar béim san anailís freisin go bhféadfadh réigiún an chósta theas níos mó ná 65% den infheistíocht isteach agus deiseanna fostaíochta a ghabháil.

Tá an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas mar chuid de chur chuige pleantreoraithe chun a chinntiú nach lonnófar fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta ach amháin i limistéir amach ón gcósta theas atá oiriúnach ó thaobh an chomhshaoil de d’fhorbairt den sórt sin.

Codanna lárnacha d’fhorbairt inbhuanaithe acmhainneacht an chósta theas ó thaobh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta de is ea an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus tacaíocht a thabhairt do shaoránaigh a bhíonn ag brath ar an muir le haghaidh a mbeatha a shaothrú.

Maidir leis na ceithre limistéar mhuirí atá beartaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, sainaithníodh iad tar éis próiseas cuimsitheach measúnachta timpeallachta agus tar éis próiseas caidrimh aon bhliana, beagnach, le pobail chósta agus le geallsealbhóirí, agus na rioscaí á mbaint de na Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a oiread agus ab fhéidir.

Tá sé beartaithe sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas go ndéanfar an chéad tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta, arbh ionann a thoilleadh agus thart ar 900 MW, a chur ar siúl i dTonn Nua, atá lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge, agus féachfar le hé a imscaradh faoin mbliain 2030. Tá sé beartaithe freisin ann gurb amhlaidh, sna deich mbliana romhainn, a fhorbrófar tuilleadh tionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta i limistéar ‘Lí Ban’, atá lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge freisin, agus i limistéir ‘Manannán’ agus ‘Danu’, a bhfuil an dá cheann díobh lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman.

Ag fáiltiú dó roimh an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, dúirt an tAire Ryan:

"Is garsprioc ríshuntasach í seo – is í an chéad uair riamh a d’fhorbair an Stát réamhphlean spásúlachta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite ar an scála seo í. Ó theacht i mbun oifige dúinn i leith, tá sé ina thosaíocht agamsa agus ag an Rialtas seo an córas rialála agus reachtach a ollchóiriú chun go mbeimis in ann an méid seo a bhaint amach. Is féidir linn anois pleananna a dhéanamh chun ceant a reáchtáil, agus beidh na buaiteoirí in ann ansin leanúint le déileáil le rialálaí úrnua a forbraíodh le cuspóir (an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí) sula ndéanfadh siad iarratas chuig an mBord Pleanála ar chead forbartha.

"Rud eile atá ríthábhachtach is ea gur bhonn eolais agus múnlaithe faoi fhorbairt gach céime den dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ba ea dlúth-chomhoibriú le pobail áitiúla, agus breithniú á dhéanamh ar na gníomhaíochtaí muirí uile, amhail an iascaireacht agus an táirgeacht bia mara, agus ar chosaint an chomhshaoil. Molaim do dhaoine anois páirt a ghlacadh ann an athuair thar na sé seachtaine de chomhairliúchán poiblí atá le teacht.

"Faoin mbliain 2030 agus ina diaidh, is é an toradh a bheidh ar thionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt i limistéir an Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas ná go dtairgfear deiseanna eacnamaíocha ollmhóra do phobail chósta i ndáil le fás post agus le forbairt pobail áitiúil."

Rachaidh an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas agus na measúnachtaí timpeallachta tionlacain anois faoi thréimhse comhairliúcháin phoiblí reachtúil sé seachtaine.

Chun amharc ar an dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas agus chun faisnéis a fháil faoi conas is féidir leat aighneacht a dhéanamh chuig an gcomhairliúchán, féach anseo: Item was unpublished or removed

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An uaillmhian fuinnimh gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann

Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá 2 GW eile curtha in áirithe lena n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus lasmuigh den eangach. Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:

  • Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
  • Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach, agus
  • An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán

I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – bhí sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Ba é sin an méid is mó fuinnimh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.

An Dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas

Ar an bPlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas a chur i gcrích, is a bhuí le bunú an Phlean a thabharfar éifeacht don chinneadh ón Rialtas agus ón Oireachtas sa bhliain 2023 gurb amhlaidh, mar chuid den chóras pleantreoraithe náisiúnta nua le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, a bheidh gach ceann de na forbairtí fuinnimh gaoithe amach ón gcósta tar éis Chéim a hAon in Éirinn lonnaithe laistigh de limistéir mhuirí a bheidh sainaitheanta chun na críche sin ag an Rialtas trí Phleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe a bhunú. Ar an mbealach sin, beidh sé ina chreat le haghaidh acmhainn fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus spás muirí an Stáit a úsáid go hinbhuanaithe trí chinnteoireacht chomhordaithe, chomhtháite agus thrédhearcach maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. A luaithe a bheidh na freagraí ar an gcomhairliúchán cóimheasta agus curtha ar áireamh, leagfar dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe deiridh faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Ní mór don dá Theach an dréacht-Phlean a cheadú agus, má cheadaíonn siad é, féadfaidh an tAire a dhearbhú go bhfuil an Plean glactha. Tagann sé chun bheith ina phlean spásúlachta reachtúil ansin.

Sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas, cuirtear ceithre Limistéar Mhuirí bheartaithe ar aghaidh, ar laistigh díobh a d’fhéadfaí bonneagar fosaithe gaoithe amach ón gcósta (tuirbíní buin fhosaithe) a imscaradh sa todhchaí, faoi réir an toraidh ar chomhairliúchán poiblí sé seachtaine. Tá siad sin mar a leanas:

  • Tonn Nua lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge agus is ionann a achar muirí iomlán agus 312.6 km2. Tá an fad go dtí an cladach idir 12.2 km feadh na teorann thiar agus 12.4 km feadh na teorann thuaidh. Tá ag Tonn Nua meándoimhneacht uisce 57 m, íosdoimhneacht uisce 48 m agus uasdoimhneacht uisce 69 m, á fhágáil gurb ionann a raon foriomlán agus 21 m. Agus gnáthdhoimhneacht 4.5 MW/km2 aici, bhainfeadh forbairt 900 MW úsáid as thart ar 65% den spás muirí iomlán laistigh de Thonn Nua. A bhuí leis an tsolúbthacht spásúil atá ann, beifear in ann leagan amach na feirme gaoithe agus teorainneacha an tionscadail a choigeartú de réir na mbeart riachtanach breise a sainaithníodh sa dréacht-Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair fhéideartha chomhshaoil. Beidh scála agus suíomh an imscartha sin ag brath ar raon tosca breise, áfach, lena n-áirítear measúnachtaí timpeallachta agus anailís theicniúil sa bhreis ar leibhéal an tionscadail.
  • Lí Ban (Naomh na Maighdean Mara) lonnaithe amach ó chósta Chontae Phort Láirge. Is ionann a achar iomlán agus 486 km2, agus na faid go dtí an cladach idir 49 km feadh na teorann thiar agus 29 km feadh na teorann thuaidh. Tá ag Lí Ban meándoimhneacht uisce 71 m, íosdoimhneacht uisce 66 m agus uasdoimhneacht uisce 76 m, á fhágáil gurb ionann a raon foriomlán agus 10 m.
  • Manannán (dia mara atá bainteach le hÉirinn agus tiarna diaga Thuatha Dé Danann) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 342 km2. Tá an fad go dtí an cladach idir 52 km feadh na teorann thiar agus 27 km feadh na teorann thuaidh. Tá ag Manannán meándoimhneacht uisce 69 m, íosdoimhneacht uisce 64 m agus uasdoimhneacht uisce 72 m, á fhágáil gurb ionann a raon foriomlán agus 8 m.
  • Danu (máthair Thuatha Dé Danann agus bandia Ceilteach an nádúir) lonnaithe amach ó chósta theas Chontae Loch Garman agus is ionann a achar iomlán agus 304 km2. Tá an fad go dtí an cladach idir 52 km feadh na teorann thiar agus 27 km feadh na teorann thuaidh. Tá ag Danu meándoimhneacht uisce 67 m, íosdoimhneacht uisce 55 m agus uasdoimhneacht uisce 78 m, á fhágáil gurb ionann a raon foriomlán agus 23 m.

ORESS 2.1

Foilsíodh le haghaidh comhairliúcháin inniu dréachtdearadh an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá le cur ar siúl sa Phlean Limistéir Mhuirí Ainmnithe don Chósta Theas tar éis a ghlactha. Is féidir amharc air ar Item was unpublished or removed

Sna dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh an Cheant Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta do Thonn Nua, dá ngairtear ORESS (Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Amach ón gCósta) 2.1, leagtar amach na critéir cháiliúcháin bheartaithe le haghaidh an cheant, nósanna imeachta an cheant, na nascachtaí leis an bpróiseas Toilithe Limistéir Mhuirí, agus na hoibleagáidí atá ar an tairgeoir buaiteach. Iarrtar aighneachtaí ar na dréacht-Téarmaí agus Coinníollacha faoin 7 Meitheamh 2024, agus an dearadh ceant deiridh le foilsiú i dtús mhí Iúil. Tá sé beartaithe an ceant a thosú roimh dheireadh na bliana 2024.

An Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar

Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa tras-Rialtais um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an Tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú. Ar na gníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Osclófar an comhairliúchán poiblí ar ball. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.

Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar Item was unpublished or removed Cliceáil anseo chun síntiús a ghlacadh leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.