English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ó Dhramhaíl go Fiúntas – Seolann an tAire Dillon comhairliúchán poiblí ar Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha

Rinne Alan Dillon, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as an nGeilleagar Ciorclach ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, comhairliúchán poiblí a sheoladh inniu ar Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha.

Dúirt an tAire Dillon:

"Is é atá sa Ráiteas Beartais agus Treochlár seo ná tograí fadréimseacha atá ceaptha chun dul i ngleic le mearfhaisean agus leis an díghrádú comhshaoil a thagann as dramhaíl teicstílí. Tá na tograí sin bunaithe ar aiseolas ó phríomh-gheallsealbhóirí ar fud an tslabhra luacha teicstílí. Áirítear leo bearta atá ceaptha chun dearadh ciorclach a chur chun cinn ionas go mairfidh teicstílí tréimhse níos faide agus go mbeidh sé níos éasca iad a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil, mar aon le lipéadú níos fearr trí dhlíthe éigeantacha an Aontais Eorpaigh maidir le héicidhearthóireacht. Ar an tslí sin, cinnteofar go mbeidh táirgí teicstíle a thiocfaidh isteach i margadh an Aontais Eorpaigh deartha ón tús chun dramhaíl a íoslaghdú agus chun inbhuanaitheacht a uasmhéadú.

"Tá bearta ann freisin atá ceaptha chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm. Fágfaidh sé sin go mbeidh an tionscal faisin freagrach as a dhramhaíl teicstílí féin." A bhuí le pleananna chun scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a chruthú do theicstílí, tacófar le teicstílí a bhailiú, a shórtáil, a athúsáid agus a athchúrsáil go héifeachtúil, agus spreagfar úsáid snáithíní inbhuanaithe agus samhlacha inbhuanaithe gnó an tráth céanna. Creidim go gcabhróidh na tograí uaillmhianacha seo, i measc nithe eile, le treochtaí mearfhaisin a shrianadh, le hathúsáid agus athchúrsáil teicstílí a threisiú agus le lorg comhshaoil na hearnála a laghdú."

Na treochtaí reatha i dtáirgeadh, tomhaltas agus iarthomhaltas teicstílí, cruthaíonn siad mórdhúshláin chomhshaoil in Éirinn agus ar fud an domhain. Feidhmíonn an tionscal teicstílí de réir samhail líneach faoi láthair, ach tá acmhainneacht ollmhór ann geilleagar ciorclach i dteicstílí a bhaint amach. Tá ag teicstílí, éadaí san áireamh, an ceathrú tionchar is mó ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide, tar éis an bhia, na tithíochta agus an iompair. Mar sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ina leith mar ábhar tosaíochta ar mhaithe leis na huaillmhianta geilleagair chiorclaigh atá ag Éirinn a bhaint amach.

Sa dréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár, tugtar d’Éirinn treo beartais maidir le teicstílí den chéad uair riamh. Áirítear leis sin feabhas a chur ar ár gcóras bailithe teicstílí ar leithligh, rud a bhfuil ríthábhacht ag baint leis maidir le deiseanna athúsáide a uasmhéadú.

Is é aidhm an chomhairliúcháin phoiblí seo tuairimí a iarraidh ar eagraíochtaí agus ar dhaoine aonair maidir leis an dréacht-Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár maidir le Teicstílí Ciorclacha. Tá an dréacht seo bunaithe ar léargais agus moltaí ón nGrúpa Comhairleach um Theicstílí agus ó fhoinsí eile. Moltar sa doiciméad na bearta is gá d’Éirinn a dhéanamh chun geilleagar ciorclach i dteicstílí a bhaint amach.

Osclaíodh an comhairliúchán poiblí inniu (Dé Céadaoin, an 21 Bealtaine 2025), agus beidh sé ar oscailt ar feadh tréimhse sé seachtaine go dtí an Luan, an 7 Iúil 2025. Tá mionsonraí iomlána ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An Geilleagar Ciorclach

Is ionann an Geilleagar Ciorclach agus modh chun dramhaíl a chosc trí acmhainní a choinneáil in úsáid ar feadh na tréimhse is faide is féidir agus trí dheisiú, comhroinnt agus athchúrsáil a mhéadú.

Aithníonn sé gur gá aistriú ar shiúl ón tsamhail líneach reatha táirgthe agus tomhaltais agus i dtreo samhail ina gcoinnímid acmhainní in úsáid ar feadh na tréimhse is faide is féidir, an luach is mó is féidir a bhaint astu fad a bhíonn siad in úsáid, agus táirgí agus ábhair a aisghabháil agus a athghiniúint ag deireadh a ré.

Tacaíonn an beartas rialtais leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach.

Beartas an rialtais maidir le teicstílí

Sruth ábhar tosaíochta le haghaidh uaillmhianta geilleagair chiorclaigh an rialtais a bhaint amach is ea teicstílí. Áirítear lenár mbeartas reatha Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach 2020-2025, rud lena mbunaítear ár ngealltanas go rachaimid i ngleic leis an díghrádú comhshaoil arb iad teicstílí is cúis leis in Éirinn, ag obair dúinn i ndlúth-chomhoibriú le geallsealbhóirí ábhartha. Leagtar amach ann bearta a bhfuil mar aidhm leo dul i ngleic leis an dúshlán teicstílí. Áirítear leo sin forbairt a dhéanamh faoin 1 Eanáir 2025 ar bhailiú leithleach na dramhaíola teicstílí arna nginiúint ag teaghlaigh, ar aon dul le ceanglais an Aontais Eorpaigh; tacú le sonraí feabhsaithe faoi chineál agus méid an tsrutha teicstílí úsáidte; éicidhearthóireacht le haghaidh éadaí agus teicstílí a chur chun cinn i gcomhoibriú le dearthóirí faisin agus miondíoltóirí faisin in Éirinn; agus tacú le feachtas oideachais agus feasachta maidir le teicstílí.

Sa bhliain 2022, bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Comhairleach Teicstílí, agus saineolas ábhartha ó chomhlachtaí tionscail, pobail agus rialála á thabhairt le chéile. Mar chuid dá plean oibre don tréimhse 2024/2025, chomhaontaigh an roinn Ráiteas Beartais Náisiúnta agus Treochlár a ullmhú agus a fhoilsiú. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin na roinne.

Tá an dréacht-Ráiteas agus Treochlár seo bunaithe ar léargais agus moltaí ón nGrúpa Comhairleach um Theicstílí agus ó fhoinsí eile. Leagtar amach ann fís, comhphrionsabail, cuspóirí straitéiseacha agus na chéad chéimeanna eile maidir le forbairt amach anseo an gheilleagair chiorclaigh teicstílí. Bonn eolais faoin dréacht seo ba ea ionchur fairsing a fuarthas ó gheallsealbhóirí, lenar áiríodh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an earnáil rialtais áitiúil.

Forbairtí beartais Eorpacha maidir le teicstílí

Sa bhliain 2022, sheol an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha mar chuid den Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe. Sa Straitéis Teicstílí, socraítear fís don bhliain 2030 ina mbeidh na nithe seo a leanas amhlaidh:

  • Táirgí teicstíle a chuirfear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh, beidh siad fadsaolach agus in-athchúrsáilte, beidh siad comhdhéanta de shnáithíní athchúrsáilte den chuid is mó, beidh siad saor ó shubstaintí guaiseacha agus táirgfear iad agus cearta sóisialta agus an comhshaol á n-urramú
  • ‘Beidh mearfhaisean as faisean’ – tairbheoidh custaiméirí ar feadh tréimhse níos faide de theicstílí ardchaighdeáin inacmhainne, agus beidh seirbhísí athúsáide agus deisiúcháin ar fáil go leathan
  • Glacfaidh táirgeoirí freagracht as táirgí ar fud an tslabhra luacha, lena n-áireofar dramhaíl, agus an aidhm ann táirgeoirí a mhonaraíonn earraí indiúscartha agus a dhíolann iad le haghaidh brabúis a choinneáil cuntasach ó thaobh an chomhshaoil de as na táirgí a chuirfidh siad ar an margadh

I mí Iúil 2023, d’fhógair an Coimisiún Eorpach togra reachtach nua le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime Dramhaíola, a bhfuil i gceist leis scéimeanna éigeantacha Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a thabhairt isteach do theicstílí. Is é an príomhchuspóir atá leis an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora atá beartaithe ná an "prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as" a chur i bhfeidhm agus, an tráth céanna, geilleagar a chruthú le haghaidh bailiú, sórtáil, athúsáid agus athchúrsáil teicstílí. Leis an scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora, dreasófar táirgeoirí a chinntiú go dtabharfar aird ar chiorclaíocht le linn dóibh a gcuid táirgí a dhearadh, agus táirgí níos fearr á gcruthú ón tús dá bharr sin. Chomh maith leis sin, is é an toradh a bheidh ar rialacha coiteanna freagrachta leathnaithe táirgeora ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ná go mbeidh sé níos éasca do na Ballstáit an ceanglas maidir le bailiú ar leithligh teicstílí a chur chun feidhme. Tá an togra seo ag an gcéim dheiridh den chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh anois, agus táthar ag súil leis go nglacfar sa bhliain 2025 é.

Is é an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, a foilsíodh an 30 Márta 2022, an bhunchloch do chur chuige an Choimisiúin i leith táirgí ciorclacha atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach. Faoin Rialachán, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach ceanglais éigeantacha Éicidhearthóireachta a fhorbairt do tháirgí áirithe, teicstílí san áireamh, ionas go mairfidh siad tréimhse níos faide agus go mbeidh sé níos éasca iad a dheisiú agus a athchúrsáil, mar aon le ceanglais maidir leis an íosmhéid ábhair athchúrsáilte. Tabharfar isteach leis freisin Pas Táirge Digiteach do tháirgí, teicstílí san áireamh, a bheidh bunaithe ar cheanglais éigeantacha faisnéise maidir le ciorclaíocht agus maidir le gnéithe tábhachtacha comhshaoil eile ionas go mbeidh faisnéis shoiléir, struchtúrtha agus inrochtana ann faoina inbhuanaithe atá táirgí ó thaobh an chomhshaoil de. Tá sé beartaithe freisin oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach lena gceanglófar ar chuideachtaí móra an líon táirgí, teicstílí san áireamh, a chaitheann siad amach agus a scriosann siad a nochtadh go poiblí, mar aon le toirmisc a thabhairt isteach ar scriosadh teicstílí atá neamhdhíolta nó atá tugtha ar ais. Glacadh an Rialachán go foirmiúil i mí an Mheithimh 2024, agus tá obair ar siúl anois chun na forálacha a bhaineann le teicstílí a chur chun feidhme, toisc gur ainmníodh iad mar tháirge tosaíochta faoin reachtaíocht.

Príomhfhíorais maidir le teicstílí

  • Meastar an tionscal faisin a bheith freagrach as 10% de na hastaíochtaí carbóin ar domhan*. Dá ainneoin sin, ní aithníonn ach 31% de mhuintir na hÉireann go bhfuil nasc ann idir teicstílí a cheannach agus an t-athrú aeráide
  • Tá ag teicstílí (éadaí san áireamh) an ceathrú tionchar is mó ar an athrú aeráide, tar éis an bhia, na tithíochta agus an iompair
  • Déantar breis agus 100 billiún mír nua éadaigh gach bliain agus ní athchúrsáiltear ina éadaí nua ach níos lú ná 1% den ábhar a úsáidtear chun éadaí a tháirgeadh
  • Aimsíodh i dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí gur freagrach as 9% den dramhaíl san araid dramhaíola ginearálta atá teicstílí amhail éadaí agus teicstílí teaghlaigh

* Tionchar an táirgthe teicstílí agus na dramhaíola teicstílí ar an gcomhshaol (grafaicí faisnéise) | Nuacht | Parlaimint na hEorpa (europa.eu)