English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glacann Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála na hÉireann páirt go rathúil i gcleachtadh 'Locked Shields' 2024

Tá Éire ag glacadh páirt i gcleachtadh cibearchosanta 'Locked Shields' den chéad uair riamh faoi láthair, áit a gcuirtear ar chumas saineolaithe sa tír seo feabhas a chur ar na scileanna atá acu córais náisiúnta TF agus bonneagar criticiúil náisiúnta a chosaint.

Ghlac comhfhoireann ó Éirinn agus ón gCóiré Theas páirt san imeacht seachtaine. Bhí beagnach 200 duine ar an bhfoireann sin, agus tugadh deis dóibh an cumas atá acu cibearchórais fhisiciúla a chosaint i bhfíor-am a thástáil, mar aon le tabhairt faoi chleachtaí straitéiseacha i réimse an dlí agus i réimse na cumarsáide araon.

Tá rannpháirtíocht na hÉireann faoi threoir ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, le tacaíocht ó Óglaigh na hÉireann, ó chuideachtaí príobháideacha teicneolaíochta agus ón lucht léinn. Bhí ríthábhacht ag baint leis an gcur chuige comhoibríoch sin maidir le formhaoirseacht na hearnála poiblí a chumasc le nuálaíocht agus saineolas na hearnála príobháidí agus an lucht léinn.

Ag labhairt dó le linn cuairt a thabhairt ar an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála chun breathnú ar chleachtadh 'Locked Shields', dúirt Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid:

"Tá lúcháir orm an leibhéal tallainne agus díograise atá á thaispeáint ag an bhfoireann Éireannach a fheiceáil. Léiriú soiléir ar láidreacht na hÉireann mar gheilleagar digiteach a bhfuil scileanna beoga cibearshlándála aige is ea an raon saineolais atá ar fáil ó eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus acadúla.

"Bhí áthas ar leith orm an comhoibriú atá ar bun leis an gCóiré Theas a fheiceáil, tar éis dom cuairt a thabhairt ar an tír sin ar Lá Fhéile Pádraig."

Chuaigh na foirne a bhí rannpháirteach i mbun an róil mar fhoirne náisiúnta mearfhreagartha cibearshlándála a imscaradh chun cúnamh a thabhairt do thír bhréagach teagmhas cibearshlándála mórscála, agus na himpleachtaí gaolmhara uile, a láimhseáil. Gach bliain, is féidir breis agus 5,500 córas fíorúlaithe a chur faoi réir breis agus 8,000 ionsaí mar chuid den chleachtadh.

Mar aon le córais chasta TF a dhaingniú, ní mór do na foirne rannpháirteacha teagmhais a thuairisciú agus dúshláin chogaíochta fóiréinsí, dlí, meán agus faisnéise a réiteach go héifeachtach, toisc nach é amháin go dtástálann an cleachtadh an fhreagairt theicniúil agus oibríochtúil do chibirionsaithe, ach go gcuimsíonn sé freisin gnéithe de chumarsáidí straitéiseacha, de chinnteoireacht shinsearach beartais phoiblí, agus de chomhordú uile-rialtais agus sochaí.

Ag labhairt dó tar éis an chleachtaidh, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:

"Tugann an cleachtadh cosanta líonra fíor-ama seo deis uathúil dúinn cleachtadh a fháil ar chórais náisiúnta TF agus bonneagar criticiúil náisiúnta a chosaint agus iad faoi bhrú ag cibirionsaí dian. Tugann sé deis dúinn freisin caidrimh a fhorbairt ar fud na hEorpa agus ar fud na cruinne araon, mar a bhí le feiceáil sa dóigh a ndeachamar i bpáirt leis an gCóiré Theas.

"Mar an gcéanna, bhíomar in ann obair i gcomhar le comhpháirtithe laistigh den earnáil phríobháideach agus an fhoireann á cur le chéile againn, chun a chinntiú go mbeadh ár bhfreagairt chomh cuimsitheach agus ab fhéidir."

Dúirt an Coirnéal Mark Staunton, Stiúrthóir Chór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais Óglaigh na hÉireann:

"Agus sinn ag glacadh páirt i gCleachtadh ‘Locked Shields’ 2024, ar timpeallacht fhíorúlaithe é ina n-ionsamhlaítear dúshláin fíorshaoil, tá deis iontach ag Óglaigh na hÉireann scileanna ár bpearsanra Cibearchosanta a fhorbairt i gcomhar leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus lenár gcomhghleacaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bíonn cibirchleachtaí idirnáisiúnta cosúil leis an gceann seo i measc na bpríomhbhealaí inar féidir linn cur le hinniúlacht Óglaigh na hÉireann de réir mar a chuirimid Comhcheannasaíocht Cibearchosanta Óglaigh na hÉireann chun feidhme."

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Mar aon le baill foirne ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála, áiríodh leis an mbuíon Éireannach líon mór daoine ó Óglaigh na hÉireann agus baill foirne ó raon cuideachtaí príobháideacha éagsúla, lenar áiríodh Microsoft, Trellix, BAE Systems, Threatscape, EY, KPMG, Flutter Entertainment, eir evo, Palo Alto Networks, an tIonad um Imscrúdú Cibearshlándála agus Cibearchoireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.

Tá cleachtadh 'Locked Shields' á reáchtáil ón mbliain 2010 i leith. Is é an cleachtadh cibearchosanta 'beo-lámhaigh' idirnáisiúnta is mó agus is casta ar domhan. Agus é ar an aon chleachtadh straitéiseach cibearshlándála amháin dá chineál, is é aidhm an chleachtaidh seo eispéireas oiliúna atá réalaíoch agus dúshlánach a sholáthar agus cibear-athléimneacht, comhar agus an slabhra ceannais a thástáil i dtimpeallacht strusmhar.

Is é an Lárionad Barr Feabhais um Chibearchosaint Chomhoibríoch de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO), atá lonnaithe san Eastóin, a reáchtálann an cleachtadh. Tá Éire ar cheann amháin de na hocht bpáirtí nach baill de NATO iad a bhíonn ag rannchuidiú le hobair an Lárionaid Barr Feabhais. Cuirtear cleachtadh ‘Locked Shields’ i gcrích mar chleachtadh idir Foireann Dhearg agus Foireann Ghorm, áit a mbíonn fíor-ionsaitheoirí ag déanamh ionsaí ar fhíor-ríomhchórais.