Bród ar Éirinn as Lá Muirí na hEorpa 2025 a óstáil i gCorcaigh
- Foilsithe: 22 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2025
Tá bród ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as Lá Muirí na hEorpa 2025 a óstáil i gCorcaigh i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus leis an gCoimisiún Eorpach ón 21-23 Bealtaine. Ag an imeacht bliantúil seo de chuid an Aontais Eorpaigh, tugtar pobal muirí na hEorpa le chéile chun líonrú agus chun comhghníomhaíocht a phlé agus a leagan amach maidir le gnóthaí muirí agus maidir le tionscnaimh inbhuanaithe gheilleagair ghoirm.
Mar náisiún oileánda ag a bhfuil ceann de na limistéir mhara is mó san Eoraip, tá geilleagar, cultúr agus sochaí na hÉireann fite fuaite sa mhuir. Is áit iontach don tionól tábhachtach Eorpach seo í Corcaigh, mar gheall ar an oidhreacht mhuirí shaibhir atá aici agus mar gheall ar Inis Sionnach, bunáit chabhlaigh na hÉireann, an Coláiste Náisiúnta Mara, agus Ionad Thaighde Éireann um Fhuinneamh, an Aeráid agus an Mhuir a bheith suite inti.
Chuir an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh thionól na gceannairí muirí Eorpacha go Corcaigh, agus é ag rá:
"Is mór an onóir dom fáilte a chur roimh ár n-aíonna oirirce Eorpacha go hÉirinn agus, go háirithe, go Corcaigh, mo bhaile dúchais." Le breis agus 200 bliain anuas, tá Cathair Chorcaí á múnlú ag an oidhreacht mhuirí dhomhain atá aici. Téann an oidhreacht sin siar go 1814, tráth a thionóil Coimisinéirí Chuan Chorcaí an chéad chruinniú dá gcuid.
"Mar náisiún oileánda, ní hé amháin go bhfuil an mhuir mar chuid dár dtíreolaíocht, ach tá sí fite fuaite freisin i gcreatlach ár bhféiniúlachta, ár ngeilleagair agus ár dtodhchaí. D’éirigh leis na huiscí mórthimpeall orainn ár muintir a chothú le blianta fada anuas agus le sinn féin a cheangal leis an domhan mór agus, sa lá atá inniu ann, tairgeann siad deiseanna gan fasach dúinn fás agus nuálaíocht inbhuanaithe a bhaint amach. Tá rún daingean ag an rialtas a chinntiú go n-oiriúnóidh ár dtraidisiúin mhuirí agus go bhfásfaidh siad. Tá rún daingean aige freisin ár spriocanna dúshlánacha aeráide a bhaint amach, agus ár n-acmhainní nádúrtha á n-úsáid againn chun todhchaí fuinnimh ghlain a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú dár saoránaigh."
Dúirt Darragh O'Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh:
"Buntaca lenár gcur chuige i leith an aigéin is ea oidhreacht mhuirí shaibhir na hÉireann, a geilleagar gorm dinimiciúil agus an tiomantas láidir atá aici do rialachas inbhuanaithe aigéin. Cé gur náisiún beag oileánda sinn, is stát mór aigéin sinn freisin, agus is mórthimpeall orainn atá roinnt de na mara is saibhre agus is éagsúla atá le fáil. Imríonn Éire ról lárnach maidir le beartas muirí a mhúnlú agus maidir le nuálaíocht mhuirí, taighde muirí agus maoirseacht comhshaoil mhuirí a chur ar aghaidh.
"Trí Lá Muirí na hEorpa 2025 a óstáil i gCorcaigh, tugtar ardán iontach dúinn an cheannaireacht atá á léiriú ag Éirinn i gcuid mhór earnálacha a thaispeáint – fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, pleanáil spáis mhuirí, cosaint na bithéagsúlachta muirí, agus forbairt pobail cósta – agus comhoibriú a chothú le Ballstáit Eorpacha eile atá ar aon intinn linn, leis an gCoimisiún Eorpach agus le geallsealbhóirí muirí eile.
"Níos luaithe an mhí seo, bhí áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis an obair ar ár bPlean Náisiúnta nua Limistéir Mhuirí Ainmnithe d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Agus limistéar muirí againn atá seacht n-uaire níos mó ná méid ár limistéir talún, is ionann an Plean sin agus céim ríthábhachtach i dtreo leas a bhaint as ceann de na hacmhainní nádúrtha is mó atá ag Éirinn agus ár spriocanna dúshlánacha aeráide a bhaint amach. Ar Lá Muirí na hEorpa 2025, tugtar deis dúinn réitigh nuálacha a thaispeáint, amhail an Plean náisiúnta Limistéir Mhuirí Ainmnithe, ár bpobail chósta a chur chun cinn, agus na spriocanna comhroinnte Eorpacha atá againn spás muirí atá sláintiúil, slán agus athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide a bhaint amach a chur ar aghaidh."
Dúirt Timmy Dooley, an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá Lá Muirí na hEorpa 2025 á cheiliúradh againn ag am corraitheach d’earnáil mhuirí na hÉireann. Trí na forbairtí a rinneamar le déanaí ó thaobh rialachais mhuirí de, tríd an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú agus trí na spriocanna uaillmhianacha fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta atá againn, táimid ag léiriú ár dtiomantais do na caighdeáin is airde a leagan síos le haghaidh rialachas muirí. Tugann an t-imeacht seo ardán luachmhar chun caidreamh a dhéanamh le comhpháirtithe Eorpacha, chun saineolas a chomhroinnt agus chun comhoibriú ar réitigh ar na dúshláin mhuirí atá romhainn go léir."
Le linn an imeachta trí lá, reáchtálfar 24 sheisiún ceardlainne faoi shé phríomhthéama: Pobail Chósta; Slándáil Mhuirí agus Faireachas Muirí; Fuinneamh Gorm; Cumasóirí; Comhar Muirí; agus Slándáil Bia. Táthar ag súil leis go mbeidh breis agus 1,000 toscaire i láthair, lena n-áireofar: Costas Kadis, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um an Iascach; feisirí de Pharlaimint na hEorpa; an lucht déanta beartas; geallsealbhóirí muirí; eagraíochtaí neamhrialtasacha; agus an lucht léinn.
Tá an tionól mór le rá seo mar fhianaise eile ar an gceannaireacht atá á léiriú ag Éirinn i ngnóthaí muirí sula ndéanfaidh sí Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach sa dara leath den bhliain 2026.
Cuirfear imeacht poiblí saor in aisce – European Maritime Days To Play – ar siúl Dé hAoine, an 23 Bealtaine, agus Dé Sathairn, an 24 Bealtaine, ar lena linn a reáchtálfar turais bháid, taispeántais bhia mara, taispeántais eolaíochta agus siamsaíocht teaghlaigh feadh chuan Chorcaí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Lá Muirí na hEorpa, téigh chuig suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
CRÍOCH