Leantar le cistiú €29 milliún a sholáthar chun tacú le Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus imeacht á reáchtáil i Loch Garman
- Foilsithe: 3 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tháinig baill foirne um Ghníomhú ar son na hAeráide ó údaráis áitiúla ar fud na tíre le chéile i Loch Garman inniu de réir mar a leantar le cistiú €29 milliún ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a sholáthar.
Tá muinín ag an Aire O'Brien go dtacóidh an cur chuige ilbhliantúil cistiúcháin sin go mór le gach ceann de na 31 údarás áitiúil na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide uathu a chomhlíonadh. Tá cistiú curtha i leataobh thar thréimhse cúig bliana do Chéim 3, is é sin Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur chun feidhme.
A bhuí leis an gcistiú, cuireadh ar a gcumas do gach údarás áitiúil beirt sainbhall foirne aeráide a earcú – Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide. Oibríonn na sainbhaill foirne sin chun tacú le plean a n-údaráis áitiúil féin um ghníomhú ar son na haeráide.
Fágann an dá phost aeráide sin, atá i bhfeidhm ó bhí an bhliain 2022 ann, go bhfuil sainfhoireann i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil chun an plean um ghníomhú ar son na haeráide uaidh a chur chun feidhme. Tá siad freagrach as bainistiú a dhéanamh ar acmhainní a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, as formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear maolú agus oiriúnú, agus as feasacht agus ullmhacht a chothú i leith gníomhú ar son na haeráide.
Inné agus inniu (an 2 agus an 3 Aibreán), reáchtáil na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide an dara himeacht bliantúil dhá lá dá gcuid do na foirne um ghníomhú ar son na haeráide ar fud gach ceann de na 31 údarás áitiúil. Agus é ar siúl i gContae Loch Garman, ceiliúradh ag an imeacht an chéad bhliain a caitheadh ag cur na ngníomhartha atá sna pleananna áitiúla i gcrích. Lena linn, bhí deis ag baill foirne líonrú, cuairt a thabhairt ar thionscadail um ghníomhú ar son na haeráide i Loch Garman chun an méid a foghlaimíodh a chomhroinnt, agus an t-eolas is deireanaí a fháil ó chainteoirí ar na pleananna atá ar bun ar fud na tíre.
Cumhdaíonn an babhta cistiúcháin nua cúig bliana an tréimhse ó mhí na Samhna 2023 go mí na Nollag 2028, agus tagann sé sna sála ar an gcistiú a soláthraíodh roimhe seo do Chéimeanna 1 agus 2 de na Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide sna blianta 2022 agus 2023. Ós rud é gur i riaráiste a éilíonn gach údarás áitiúil a leithdháileadh cistiúcháin, níor thosaigh an tarraingt anuas do Chéim 3 ach amháin i mí na Nollag 2024.
Dúirt an tAire O'Brien:
"Tá áthas orm leanúint leis an obair atá déanta ag an roinn seo, agus, faoi mar a gheallamar don rialtas áitiúil, leanfaidh an rialtas náisiúnta le tacaíocht a thabhairt dó an sprioc atá againn don bhliain 2030 a bhaint amach, is é sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 51%. Agus sinn ag dul isteach i gcéim cur chun feidhme na bpleananna áitiúla um ghníomhú ar son na haeráide, is é an toradh a bheidh ar chistiú a sholáthar ná gach údarás áitiúil a chumasú tionscadail a bhrú chun cinn lena ndéanfar difear sa limistéar áitiúil agus lena gcuirfear ar aghaidh an obair thábhachtach atá ar bun ar son na haeráide.
"Is iad an tOifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide agus an Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide a bhíonn ag tabhairt an tsaineolais agus na tacaíochta is gá chun na pleananna a chomhlíonadh agus chun an méid sin a luathú. Táimid ag tnúth le torthaí na bhfoirne leathnaithe aeráide sin a fheiceáil ar fud na tíre, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar astaíochtaí agus a mbeidh ról ríthábhachtach aige maidir le hÉirinn a chumasú a spriocanna náisiúnta aeráide a bhaint amach."
Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide
D’íoc an roinn beagnach €14 mhilliún san iomlán le gach údarás áitiúil as na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide go dtí seo. Tá cistiú á sholáthar ag an roinn d’údaráis áitiúla freisin trí chláir eile aeráide, amhail an Clár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide agus Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide.
Tá an plean áitiúil ina ionstraim thábhachtach lena neartaítear na naisc idir an beartas náisiúnta agus idirnáisiúnta aeráide agus gníomhú éifeachtach ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail. Is trí ghníomhú áitbhunaithe ar son na haeráide a tharlaíonn sé sin. Beidh ról suntasach ag na pleananna maidir le treisiú a dhéanamh ar an ngealltanas a thug an earnáil rialtais áitiúil gníomhú ar son na haeráide a stiúradh ar an leibhéal áitiúil.
Bhí sé mar gharsprioc ollmhór ag an earnáil rialtais áitiúil na pleananna a chríochnú, agus iad ag léiriú ceannaireachta maidir le gníomhú ar son na haeráide a sholáthar agus maidir le cuspóirí agus spriocanna beartais náisiúnta a aistriú ina ngníomhú áitiúil. I dteannta a chéile, tá 4,000 gníomh, beagnach, leagtha amach ar fud na bpleananna uile. Cumhdaítear leo réimsí amhail an timpeallacht nádúrtha agus bonneagar glas, an timpeallacht thógtha agus bonneagar, agus athléimneacht agus aistriú pobail.
Dúirt an tUas. Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Cathaoirleach ar an gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um an nGeilleagar Ciorclach de chuid an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach:
"Téann an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar gach duine. Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach maidir le beartas aeráide na hÉireann a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Den chéad uair riamh, is i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil anois atá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide dá chuid féin, ina sainaithnítear na tionchair sin a imríonn an t-athrú aeráide nach mór d’údaráis áitiúla ullmhú dóibh chun a chinntiú go mbeimid in ann leanúint le seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar. Féachtar iontu freisin ar an dóigh ar féidir le gach údarás áitiúil ceannaireacht a thabhairt trína astaíochtaí carbóin féin a laghdú.
"Le tacaíocht ón roinn, tá baill foirne thiomnaithe um ghníomhú ar son na haeráide i bhfeidhm anois chun cabhrú leo na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide uathu a chomhlíonadh. Tá ríthábhacht ag baint leis na scileanna agus leis an saineolas atá acu maidir lena chinntiú go n-éireoidh leis an earnáil rialtais áitiúil a spriocanna laghdú fuinnimh agus carbóin a bhaint amach agus go mbeidh sí athléimneach ó thaobh soláthar seirbhíse de an tráth céanna.
"Gabhaimid buíochas leis an Aire agus leis an roinn as ucht a dtacaíochta don obair ríthábhachtach seo; is aitheantas soiléir é sin don fhís chomhroinnte atá againn laistigh den rialtas láir agus den rialtas áitiúil araon maidir lenár spriocanna aeráide a bhaint amach."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide
Mar atá leagtha amach san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Plean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú ina sonraítear na bearta maolaithe agus na bearta oiriúnaithe atá le glacadh.
Is é an toradh a bheidh ar na pleananna ná go n-aistreoidh gach údarás áitiúil an beartas náisiúnta aeráide go gníomhach de réir imthosca áitiúla, le linn bearta fianaisebhunaithe a luathú agus tús áite a thabhairt dóibh. Cabhróidh sé sin le baint amach ár spriocanna aeráide ar an leibhéal áitiúil agus ar leibhéal an phobail.
Mar chuid den phlean um ghníomhú ar son na haeráide uaidh, rinne gach údarás na nithe seo a leanas:
- measúnú a dhéanamh ar leibhéil reatha astaíochtaí ó fhoinsí údaráis áitiúil agus laistigh den chontae nó den chathair i gcoitinne trí Fhardal Astaíochtaí Bonnlíne
- Measúnú Riosca ar an Athrú Aeráide a dhéanamh chun guaiseacha aeráide a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an leochaileacht i leith na nguaiseacha sin
- "crios dícharbónaithe" a shainaithint agus a bhunú. Is ionann crios dícharbónaithe agus cuid shonrach den chontae nó den chathair a ghníomhaíonn mar 'bhinse tástála' maidir leis na nithe is féidir a dhéanamh chun gníomhartha ísealcharbóin a luathú
Áirítear iad seo a leanas leis na gníomhartha atá i bpleananna údaráis áitiúil, mar shampla: tionscadail taistil ghníomhaigh chun úsáid modhanna taistil ghníomhaigh, amhail siúl agus rothaíocht, a spreagadh; 25% den stoc tithíochta sóisialta údaráis áitiúil a iarfheistiú go caighdeán B2 den Rátáil Fuinnimh Foirgnimh; agus Córais Draenála Uirbí Inbhuanaithe agus réitigh dhúlrabhunaithe eile a chomhtháthú.
Ag obair dóibh i gcomhar leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, cabhróidh na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide le gach údarás áitiúil rianú a dhéanamh ar a dhul chun cinn ar an bplean um ghníomhú ar son na haeráide uaidh a chomhlíonadh, agus foilseoidh siad na torthaí ina leith sin sa Tuarascáil bhliantúil ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil maidir le Príomhtháscairí Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide (atá le foilsiú i mí Lúnasa). Ullmhóidh gach údarás áitiúil athbhreithniú bliantúil ar dhul chun cinn ar an bplean áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide uaidh freisin.
Criosanna Dícharbónaithe
Mar chuid den Phlean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide uaidh, ceanglaíodh ar gach údarás áitiúil "Crios Dícharbónaithe" a roghnú. Is ionann crios dícharbónaithe agus limistéar spáis atá deartha le gníomhú mar bhinse tástála do thionscadail nuálacha dícharbónaithe atá ceaptha chun raon beart a chur chun feidhme i leith maolú aeráide, i leith oiriúnú don aeráid agus i leith bithéagsúlachta. Sa chrios sin, tá an tsaoirse ag an rialtas áitiúil nuáil, seansanna a thógáil, agus tionscadail taispeána a fhorbairt, ar tionscadail iad, i gcás go n-éireoidh leo, a mbeifear in ann iad a mhacasamhlú ar an leibhéal náisiúnta.
Tá sé beartaithe go ndíreofar ar chriosanna dícharbónaithe i mbearta éagsúla i leith maolú aeráide, i leith oiriúnú don aeráid agus i leith bithéagsúlachta. Cabhróidh na criosanna sin le húdaráis áitiúla sainaithint a dhéanamh ar thionscadail a rannchuideoidh leis an gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach.
Tá 41 chrios dícharbónaithe san iomlán ann ar fud na hÉireann, agus 70% díobh lonnaithe i limistéir uirbeacha nó leathuirbeacha. I gcás criosanna dícharbónaithe, ní ann d’aon chur chuige ‘a oireann do gach cás’ lena mbrúitear dícharbónú chun cinn, amhail soghluaisteacht, teas, foirgnimh, bonneagar, bochtaineacht fuinnimh breosla, scileanna, fostaíocht, folláine, an geilleagar ciorclach, agus úsáid talún. Bhunaigh an roinn Grúpa Comhairleach um Chriosanna Dícharbónaithe chun cabhrú le húdaráis áitiúla plé le Criosanna Dícharbónaithe ar an leibhéal náisiúnta. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Imeacht Bliantúil Aeráide an Rialtais Áitiúil
Óstálann na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide imeacht bliantúil dhá lá do bhaill foirne um ghníomhú ar son na haeráide ar fud na n-údarás áitiúil uile. Bhí an t-imeacht i mbliana ar siúl i gContae Loch Garman idir an 2-3 Aibreán. Tugadh cuairteanna ar láithreáin um ghníomhú ar son na haeráide ar fud Chontae Loch Garman ar an gcéad lá den imeacht, lenar áiríodh Trá Bhaile Uí Éilí, Grianfheirm na Tulaí Bige, agus Club CLG an Ghleanna-Bhaile an Bharúnaigh. Is é an cuspóir atá leis sin ná deis a thabhairt do bhaill foirne údaráis áitiúil cuairt a thabhairt ar thionscadail eile aeráide atá spéisiúil agus nuálach, foghlaim faoi na tionscadail sin agus faoin dóigh a ndearna an t-údarás áitiúil lena mbaineann iad a bhainistiú agus a sholáthar, agus féachaint le cuid den fhoghlaim sin a úsáid ina gcontae féin mar shamhail um malartú idir piaraí.
Cuireadh comhdháil ar siúl ar an dara lá den imeacht. Thug an tAire O’Brien aitheasc tosaigh (taifeadta) chun tús a chur léi. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí Sean McKeown, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, agus Marie Donnelly ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide. Bhí na cainteanna dírithe ar an Measúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide, ar Chultúr Eagraíochta a Athrú, agus ar thaispeántais ó údaráis áitiúla maidir leis an gcéad bhliain a chaith siad ag cur na bpleananna uathu chun feidhme.
Oifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide
Sa bhliain 2018, bunaíodh ceithre Oifig Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide mar sheirbhís chomhroinnte údaráis áitiúil mar aitheantas don ghá le hacmhainn a fhorbairt laistigh den earnáil rialtais áitiúil chun freagairt agus oiriúnú don athrú aeráide. Imríonn na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide ról tábhachtach maidir lena chinntiú go sainaithnítear saincheisteanna aeráide trasearnála agus go dtugtar aghaidh orthu sin.
Síníodh Comhaontú Seirbhíse sa bhliain 2023, agus €12 mhilliún san iomlán á leithdháileadh don tréimhse 2023 – 2029. Cuirfidh sé sin ar chumas na nOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide leanúint dá gcuid oibre ar thacú leis an rialtas áitiúil gníomhartha aeráide a chomhordú agus a sholáthar agus na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide uathu a fhorbairt.
Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA)
Forbraíodh na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide i gcomhpháirt leis an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA), atá ar an 'nguth ionadaíoch' don lucht bainistíochta rialtais áitiúil agus a chabhraíonn le húdaráis áitiúla seirbhísí comhroinnte a bhainistiú.
An Clár Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide
Cistíonn an roinn uasoiliúint agus fothú acmhainneachta san earnáil rialtais áitiúil tríd an gClár Oiliúna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus €1.792 milliún geallta don chlár don tréimhse 2024-2027. Tagann sé sin sna sála ar an gclár oiliúna roimhe a soláthraíodh sa tréimhse 2021-2023.
Dearadh an clár oiliúna um ghníomhú ar son na haeráide chun cur leis an tuiscint ar an athrú aeráide agus ar an ngá le dul i mbun gnímh i measc baill foirne údaráis áitiúil agus comhaltaí tofa údaráis áitiúil.
Faoin gclár oiliúna roimhe, soláthraíodh 27,000 áit oiliúna do thart ar 23,000 duine de bhaill foirne agus de chomhaltaí tofa. Ciallaíonn sé sin gur chuir thart ar 73% de bhaill foirne údaráis áitiúil agus thart ar 35% de chomhaltaí tofa údaráis áitiúil oiliúint i gcrích tríd an gclár.