Osclaíonn an tAire Ryan scéim iarfheistithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fiú €50 milliún í
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leis an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó, tacófar le fiontair bheaga agus mheánmhéide éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus airgead a shábháil
Sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó nua ar fiú €50 milliún í inniu chun tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh. Leis an scéim, soláthrófar tacaíocht shuntasach don earnáil fiontar beag agus meánmhéide (FBM) chun aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh agus chun astaíochtaí a laghdú ina bhfoirgnimh, agus iad a dhéanamh níos sláintiúla, níos compordaí agus níos saoire le reáchtáil dá réir.
Leis an scéim, a chistítear ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, tairgtear suas le €120,000 le haghaidh bearta coitianta éagsúla um fhoirgnimh a uasghrádú, lena n-áirítear caidéil, teicneolaíocht theirmeach gréine, rialuithe uathoibríocha, teaschaidéil, aeráil, agus insliú balla. De bhreis air sin, tairgtear tacaíocht chun feabhas suntasach a chur ar chórais bainistíochta foirgnimh atá ann cheana agus le haghaidh gníomhaíochtaí um iarfheistithe a dhearadh. Tá an scéim ar oscailt do gach gnólacht agus comhlacht poiblí beag atá i mbun foirgneamh atá faoina n-úinéireacht nó a áitíonn siad a uasghrádú.
Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) a riarfaidh an tionscnamh, agus beifear ag glacadh le hiarratais ón lá inniu i leith. Agus é ag cur lena rathúla a bhí Scéim Tacaíochta SEAI d’Iniúchtaí Fuinnimh agus a bhí an Deontas Micrighiniúna Neamhbhaile, ar thacaigh an dá cheann díobh le chéile leis na mílte gnólachtaí le blianta beaga anuas, tá gealladh faoin Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó mar scéim a bheidh gasta agus saoráideach.
Is féidir le FBM iarratas a dhéanamh go tapa, agus is féidir cinneadh agus tairiscint deontais a ghiniúint laistigh de dhornán nóiméad. Leis sin, tugtar aghaidh ar phríomhbhacainn atá os comhair FBManna, agus úinéirí gnó á gcumasú chun dul chun cinn a dhéanamh ar infheistíochtaí gan mhoill agus an t-am a chaitear ar thacaíocht deontais a rochtain á laghdú. Tá an scéim nua seo ar cheann de roinnt tionscnamh lena leanfar d’uas-scálú na gníomhaíochta iarfheistithe sna blianta atá le teacht.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá áthas orm an scéim seo a sheoladh inniu chun cur leis an leibhéal tacaíochta gan fasach a cuireadh ar fáil do ghnólachtaí chun a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, chun iad féin a chosaint ar luaineacht i gcostais fuinnimh agus chun ceannaireacht a thaispeáint ina dtionchar aeráide a laghdú.
"D’éisteamar le gnólachtaí agus is eol dúinn gur mhaith leo a bhfoirgnimh a iarfheistiú agus gur mhaith leo déanamh amhlaidh ar an mbealach is gasta agus is simplí is féidir. Leis an scéim seo, soláthraítear an méid sin go díreach. Is scéim spriocdhírithe, shimplí agus shothuigthe í. Dearadh é agus aird á tabhairt ar ghnólachtaí beaga go háirithe, agus ar ghnólachtaí atá ag fáil áitreabh ar cíos go mór mór. Tá sí ina céim ríthábhachtach i gcabhrú linn dícharbónú mar thír, agus déanann sí amhlaidh le linn di cabhrú le gnólachtaí faoi bhrú in áiteanna ar fud na tíre a gcostais fuinnimh a laghdú agus a n-áiteanna oibre a dhéanamh níos teo agus níos sláintiúla."
Dúirt Peter Burke, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:
"Déanann inbhuanaitheacht maith do ghnólachtaí. Is féidir léi costais a laghdú agus, dá réir sin, gnólachtaí a dhéanamh níos iomaíche.
"Tá an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó ina cuid thábhachtach de phacáiste beart an Rialtais chun tacú le gnólachtaí éirí níos inbhuanaithe agus níos iomaíche. Mholfainn do gach gnólacht incháilithe an scéim seo ó SEAI a rochtain, i dteannta na Scéime Deontas Éifeachtúlachta Fuinnimh ó na hOifigí Fiontair Áitiúil, rud is féidir a infheistiú i dtrealamh nua atá tíosach ar fhuinneamh, i gcórais rialaithe chliste, in aisghabháil teasa agus i nithe eile."
Dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI:
"Má táimid chun ár n-uaillmhianta um ghníomhú ar son na haeráide a bhaint amach go rathúil, beidh ar gach earnáil den tsochaí gníomhaíocht thapa shuntasach a dhéanamh. Bhí SEAI i gceannas cheana féin ar réabhlóid in uasghráduithe fuinnimh tí, rud is mian linn a mhacasamhlú san earnáil gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Leis an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó nua seo freisin, cuirtear leis na scéimeanna fíor-rathúla iniúchtaí agus grianphainéal fótavoltach dár gcuid, ar scéimeanna iad a thacaigh leis na mílte gnólachtaí dul i mbun gnímh agus aghaidh a thabhairt ar chostais fuinnimh agus ar astaíochtaí fuinnimh.
"Leis an scéim nua seo, i dteannta na dtacaíochtaí agus na seirbhísí eile ó SEAI do ghnólachtaí, spreagfar athrú ó bhonn in uasghráduithe fuinnimh san earnáil tráchtála, agus na scileanna atá riachtanach don earnáil sin á dtógáil, agus tacófar le hearnáil fiontar a bheidh faoi bhláth agus ar bheagán carbóin. Is ar ghnólachtaí beaga a mhaireann geilleagar na hÉireann, agus teastaíonn uathu tacaíocht inrochtana chun na hathruithe is mian leo a fheiceáil ina ngnólachtaí a bhrú chun cinn."
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin SEAI.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó
Tá an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó nua mar chuid de phunann fhoriomlán SEAI um Thacaíochtaí do Ghnólachtaí. Áirítear leis an bpunann sin an tAcadamh Fuinnimh, Oiliúint i dTús Eolais ar Bhainistíocht Fuinnimh, an Scéim Tacaíochta d’Iniúchtaí Fuinnimh, an Deontas Micrighiniúna Neamhbhaile, an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite, agus Sármhaitheas i nDearadh atá Éifeachtúil ar Fhuinneamh (EXEED). Leis na tacaíochtaí sin, cuirtear ar chumas gnólachtaí a n-úsáid fuinnimh a thuiscint agus a mheasúnú.
Tá an Scéim Uasghráduithe Fuinnimh Gnó spriocdhírithe go sonrach ar ghnólachtaí beaga amhail óstáin, gnólachtaí miondíola, oifigí agus gnólachtaí fáilteachais chun tacaíocht a sholáthar le haghaidh bearta éagsúla um fhuinneamh a uasghrádú lena dtacófar le baint amach spriocanna astaíochtaí timpeallachta tógtha tráchtála na hÉireann, le linn costais reáchtála gnólachtaí a laghdú, compord a mhéadú, agus tacú leis na huaillmhianta laghdaithe fuinnimh atá ag gnólachtaí iad féin.
Maidir le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann
Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) údarás náisiúnta fuinnimh na hÉireann, agus é mar mhisean aige a bheith mar chuid lárnach de réabhlóid fuinnimh na hÉireann a sholáthar. Oibríonn SEAI i gcomhpháirt le saoránaigh, le pobail, le gnólachtaí agus leis an Rialtas chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú agus a athsholáthar. Infheistíonn SEAI i réitigh atá cuí, éifeachtach agus inbhuanaithe, agus soláthraíonn sé réitigh den sórt sin, chun cabhrú le haistriú na hÉireann chuig todhchaí fuinnimh ghlain.
Cistíonn Rialtas na hÉireann SEAI tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.