Plean Gnímh Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach seolta ag an Aire Ryan
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
• Soláthraíonn Beartas Náisiúnta Dramhaíola na hÉireann 2020-2025 mapa don aistriú go geilleagar ciorclach sa deich mbliana atá romhainn.
Leagfaidh Éire spriocanna nua uaillmhianacha síos chun dul i ngleic le dramhaíl agus aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh faoi phlean nua atá fógartha ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D. Ar na spriocanna atá sa phlean tá dramhaíl bhia a laghdú ar a leath faoi 2030, scéim éarlaise agus aisíoca a thabhairt isteach maidir le buidéil phlaisteacha agus cannaí, cosc ar úsáid plaistigh áirithe aon úsáide ó Iúil 2021 ar aghaidh, agus tobhach ar chupáin indiúscartha. Ar na bearta eile tá critéir ghlasa agus prionsabail geilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm i soláthar poiblí, tobhach tógáil dramhaíola chun an athchúrsaíl a spreagadh, agus a chinntiú faoi 2030 go bhfuil gach pacáistiú in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte.
Faoi 2050, bheadh trí cinn de phláinéid cosúil leis an Domhan de dhíth lenár n-éilimh ar acmhainní a shásamh dá leanfaimis ar aghaidh mar atá faoi láthair. Leis an aistriú go geilleagar ciorclach, is féidir todhchaí eile inbhuanaithe a chruthú dúinn féin; is bunchéim é i dtreo na spriocanna comhshaoil a fhíorú. Leis an bplean gníomhbhunaithe seo, beidh Éire chun tosaigh sna hiarrachtaí atá ar siúl ag an Aontas Eorpach. Leis an bpolasaí nua seo, ní bainistiú dramhaíola a bheidh ar siúl againn níos mó, ach beidh orainn úsáid acmhainní agus ábhar a cheistiú ó bhun, athmhachnamh a dhéanamh ar dhearadh táirgí chun giniúint dramhaíola a laghdú agus ar an dóigh sin saolré táirgiúlachta na n-earraí agus na dtáirgí a úsáidimid a mhéadú.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Tá a fhios againn nach bhfuil an tsamhail atá á leanúint faoi láthair againn maidir le táirgeadh agus caitheamh inbhuanaithe ó thaobh úsáid acmhainní, diúscairt dramhaíola, an athraithe ar an aeráid agus cailleadh bithéagsúlachta de. Ní mór dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh atá againn leis na rudaí agus leis an stuif againn – conas a tháirgimid é, a úsáidimid é agus a fhaighimid réidh leis. Tá sé leagtha amach sa phlean seo conas a thabharfaimid faoi sin ar dhóigh a théann chun sochair do dhaoine agus don phláinéad.”
Beidh deiseanna ann leis an ngeilleagar ciorclach nua poist a chruthú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a bhaint amach.
“Tá ról le himirt ag gach earnáil, gach teaghlach, gach gnó agus gach eagraíocht in Éirinn san aistriú go geilleagar ciorclach. Is féidir le hÉirinn ról ceannasaíochta a ghlacadh sa réimse seo, agus buntáistí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar fáil do na saoránaigh trí fheasacht mhéadaithe, trí chinntí níos eolasaí maidir le caitheamh agus trí ghlacadh le comhfhreagracht as na nithe seo.”
Is iad seo a leanas na cuspóirí uileghabhálacha sa phlean gnímh:
- An fócas a bhaint ó dhiúscairt agus cóireáil dramhaíola lena chinntiú go mbíonn ábhair agus táirgí feidhmiúil ar feadh tamall níos faide, rud a laghdóidh dramhaíl agus a thacóidh le hathúsáid trí chreat polasaí a spreagann daoine le gan acmhainní a chur amú agus a thugann buntáiste dóibh as dul leis an gciorclacht.
- Táirgeoirí a dhéanann agus a dhíolann earraí indiúscartha ar mhaithe le brabús a dhéanamh a dhéanamh cuntasach as na táirgí a chuireann siad ar an margadh.
- A chinntiú go dtacaíonn bearta le samhlacha inbhuanaithe eacnamaíochta (mar shampla trí úsáid ábhair athchúrsáilte a chur chun cinn ar ábhair nár úsáideadh riamh).
- Teacht i dtír ar an teagmháil atá ag gach earnáil ar leith le daoine agus ar an tionchar atá acu orthu, ina measc an earnáil dheonach, taighde agus forbairt, táirgeoirí / déantúsóirí, forais rialála, an tsochaí shibhialta
- Tacú le socruithe soiléire, daingne institiúidiúla don earnáil dramhaíola, lena n-áirítear ról treisithe d’údaráis áitiúla.
Is féidir cuid de na bearta a chur i bhfeidhm láithreach. Tá athruithe reachtaíochta nó institiúidiúla ag teastáil maidir le bearta eile. Shínigh an tAire trí Rialúchán ar na mallaibh a aistríonn Treoracha de chuid an AE. Beidh siad seo mar bhunús reachtúil le forálacha Geilleagair Chiorclaigh, agus tabharfar Bille nua um Bainistiú Dramhaíola (Geilleagar Ciorclach) isteach freisin maidir le bearta náisiúnta. Tiocfaidh athrú ar obair an Ghrúpa Chomhairligh Dramhaíola anois. Go dtí seo thug siad cúnamh agus an plean seo á fhorbairt agus tacóidh siad anois lena chur i bhfeidhm.
CRÍOCH
Nótaí d’eagarthóirí
Is iad seo a leanas na príomhspriocanna sa Phlean Gnímh Dramhaíola do Gheilleagar Ciorclach:
Teaghlaigh agus Gnónna
- Spriocanna athchúrsála do bhailitheoirí dramhaíola
- Dathanna caighdeánaithe araidí ar fud an Stáit: glas d’athchúrsáil, donn do dhramhaíl orgánach agus dubh do dhramhaíl iarmharach
- Tobhaigh chomhshaoil – as dramhaíl a thógáil agus as cupáin chaifé aon úsáide d’fhonn an athchúrsáil agus an athúsáid a chur chun cinn
- Foras maoirseachta dramhaíola chun cearta tomhaltóirí a bhainistiú
- Feachtas oideachais agus feasachta chun scagadh dramhaíola a fheabhsú
Dramhaíl Bhia
- Dramhaíl bhia a laghdú ar a leath faoi 2030
- Roghanna inbhuanaithe bainistiú dramhaíola bia do gach teaghlach agus gach gnó
- Bonneagar scagtha dramhaíola dóibh siúd atá ina gcónaí in árasán
Plaisteach, Pacáistiú agus Plaisteach Aon Úsáide
- Scéim éarlaise agus aisíoca do bhuidéil phlaisteacha agus cannaí alúmanaim
- Cosc ar phlaistigh aon úsáide, lena n-áirítear baitíní cadáis, sceanra, plátaí, meascthóirí, cipíní itheacháin, soip, soithigh polaistiréine agus táirgí plaisteacha ocsó-inmhillte ó Iúil 2021 ar aghaidh
- Gealltanas chun táirgí eile a chosc, ina measc (ach d’fhéadfadh tuilleadh a bheith i gceist) ciarsúir fhliucha (neamh-mhíochaine); earraí maisíochta óstáin aon úsáide; réada aon úsáide siúcra/anlainn/maonáise srl
- Líon na n-earraí plaisteacha aon úsáide atá ar an mhargadh a laghdú faoi 2026.
Freagracht Shínte Táirgeoirí
- Freagracht shínte éigeantach ar gach táirgeoir pacáistithe faoi spriocdháta an AE in 2024
- Is ar tháirgeoirí a bheidh éiceamhodhnú a dhéanamh ar tháillí
- Gach pacáistiú le bheith in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030
Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála
- Athbhreithniú ar Threoirlínte Dea-Chleachtais 2006 maidir le dramhaíl foirgníochta agus scartála
- Fógairt iartháirgí agus próisis chinnteoireachta faoi dheireadh saolré dramhaíola a shruthlíniú
- Grúpa oibre chun aipeanna náisiúnta deireadh saolré dramhaíola a fhorbairt maidir le sruthanna tosaíochta dramhaíola
Teicstílí
- Grúpa gnímh teicstílí le roghanna a fhiosrú chun ciorclacht teicstílí sa todhchaí a fheabhsú
- Obair le dearthóirí agus miondíoltóirí Éireannacha chun éiceadhearadh éadaí agus teicstílí a chur chun cinn
- Tionchair dhomhanda na trádála idirnáisiúnta a bhíonn in úsáid i dteicstílí a bhreithniú
Cóireáil
- Athbhreithniú a dhéanamh ar thacaíocht Stáit d’fhorbairt an bhonneagair athchúrsála
- Reachtaíocht agus gnáthaimh maidir leis an mbonneagar bainistithe dramhaíola a imscrúdú
- Caighdeánú a dhéanamh ar shruthanna dramhaíola a nglactar leo ag láithreáin taitneamhachtaí poiblí
Forfheidhmiúchán
- Ról méadaithe do Phríomhúdaráis Réigiúnacha Forfheidhmiúcháin Dramhaíola chun dul i ngleic leis na dúshláin tosaíochta forfheidhmiúcháin dramhaíola
- lean gnímh maidir le láithreáin neamhúdaraithe agus sraith straitéisí frithdhumpála
- Fógraí um pionós socraithe as sáruithe ar dhlíthe dramhaíola
Ceannasaíocht Rialtais maidir leis an nGeilleagar Ciorclach
- Straitéis ardleibhéil Uile-Rialtais um Gheilleagar Ciorclach
- Na céimeanna riachtanacha a ghlacadh le go mbeidh critéir ghlasa agus prionsabail chiorclacha i bhfeidhm i ngach soláthar poiblí
- Mapaí Earnála Geilleagair Chiorclaigh a fhorbairt
- A fhiosrú conas is féidir le hearnáil dhigiteach na hÉireann an t-aistriú go geilleagar ciorclach a luasghéarú
Ní féidir leanúint ar aghaidh ar an dóigh seo
- Má leantar leis na rátaí reatha caithimh, beidh trí cinn de phláinéid cosúil leis an Domhan de dhíth faoi 2050 lenár riachtanais acmhainní a chomhlíonadh.
- Caitear 200 milliún cupán caifé amach in Éirinn gach bliain – is ionann é sin agus 6 cinn in aghaidh an tsoicind.
- In 2016, táirgeadh 15 mhilliún tonna dramhaíola in Éirinn, arb ionann é agus 3.2 tonna ag gach fear, gach bean agus gach páiste sa Stát.
- Cuireann Éire aon mhilliún tonna bia in aghaidh na bliana amú; sin costas 700 euro in aghaidh na bliana ag an ngnáth-theaghlach.
- Meastar gur tháinig méadú 40% in aghaidh an duine ar an méid éadaí a ceannaíodh san AE idir 1996 agus 2012. Mar sin féin, i gcás 30% de na héadaí, níor caitheadh iad le bliain.
- In 2018 luaíodh i dtuarascáil de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil go bhféadfaí tuairim is 70% den dramhaíl uile in araidí iarmharacha san earnáil tráchtála a chur in araidí athchúrsála nó in araidí donna.