Ráiteas ón Aire Ryan faoi shlándáil fuinnimh, faoi phraghsanna fuinnimh agus faoinár dteaghlaigh leochaileacha a chosaint
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2022
Rachaidh mé i bpáirt leis an gComhchoiste um Chomhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide inniu chun plé a dhéanamh ar na hábhair phráinneacha um shlándáil fuinnimh, um praghsanna fuinnimh agus um ár dtomhaltóirí leochaileacha a chosaint. Sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, rud ar cheadaigh an Rialtas é agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, tugtar breac-chuntas ar fhreagairt na hÉireann dár riachtanais slándála fuinnimh i gcomhthéacs an ionraidh ar an Úcráin agus ar ár n-imthosca náisiúnta ar leith. Leagfainn béim ar an tionchar atá á imirt ag an gcogadh san Úcráin ar phraghsanna margaidh gáis agus ar an tionchar a bheidh aige sin ar bhillí gáis agus ar bhillí leictreachais araon le linn an gheimhridh atá le teacht agus ina dhiaidh.
Slándáil an tSoláthair Ola
Tá cobhsú tagtha ar an dearcadh i leith an tsoláthair ola idir an gearrthéarma agus an meántéarma agus, toisc feabhas a bheith tagtha ar an bhfáil ar tháirgí peitriliam le déanaí, tá laghdú ag teacht de réir a chéile ar na praghsanna idirnáisiúnta ola. I láthair na huaire, tá stoic ola a mhairfidh thart ar 85 lá ag NORA (an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta). Is i riocht táirge fhisiciúil atá formhór mór an stoic sin, agus thart ar 85% de á stóráil ar oileán na hÉireann.
Slándáil an tSoláthair Gáis
Tá laghdú géar tagtha ar na soláthairtí gáis ón Rúis don Eoraip le bliain anuas agus is ábhar imní iad fós ó thaobh shlándáil fuinnimh na hEorpa de. Is é an toradh atá air sin ná praghsanna gáis nádúrtha atá thart ar dheich n-uaire níos airde ná mar a bhí siad dhá bhliain ó shin.
Go dtí seo, níl aon laghdú ná aon chur isteach tagtha ar an soláthar leantach gáis nádúrtha d’Éirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Tá ag an Ríocht Aontaithe, an áit as a dtagann 75% de sholáthar gáis na hÉireann, buntáiste straitéiseach i gcomórtas le tíortha eile san Eoraip toisc foinse éagsúil soláthairtí gáis a bheith aici.
Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú le déanaí faoi rialachán maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú faoi 15% an geimhreadh seo. Leis an rialachán sin, ceanglaítear ar na Ballstáit uile plean laghdaithe éilimh a chur i bhfeidhm. Ós rud é nach bhfuil Éire idircheangailte go díreach le Ballstát eile, ní cheanglaítear uirthi an sprioc éigeantach laghdaithe sa rialachán seo a chomhlíonadh. Tá ullmhúcháin á ndéanamh chun an plean deonach laghdaithe éilimh a chur i bhfeidhm.
Slándáil an tSoláthair Leictreachais
Ar leithligh ón gcogadh san Úcráin, tá dúshláin ann do shlándáil na soláthairtí leictreachais in Éirinn. Tháinig ábhair imní faoi rioscaí den sórt sin chun cinn den chuid is mó toisc nár soláthraíodh an toilleas a conraíodh roimhe, toisc go mbíonn an t-éileamh ar leictreachas ag méadú agus toisc go mbíonn roinnt gléasraí atá ann cheana ag éirí níos neamhiontaofa. Is féidir na lamhálacha dochta a fheiceáil sa mhéadú sa líon Foláireamh Córais atá ag teacht chun cinn ar an gcóras leictreachais.
Mar atá luaite sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, is gá leibhéal an toillte giniúna leictreachais is féidir a sheoladh a mhéadú go suntasach sna blianta atá le teacht – chun cur ar ár gcumas freastal ar an éileamh ionchais ar leictreachas. Tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais [CRF] ag bainistiú clár oibre a tionscnaíodh i mí Aibreáin 2021 agus a tugadh chun críche i mí Mheán Fómhair 2021 chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, le tacaíocht ó EirGrid agus ón Roinn seo.
I mí an Mheithimh, cheadaigh an Rialtas reachtaíocht agus cistiú caipitil chun tacú le ról EirGrid i soláthar an toillte giniúna sealadaí a bhrostú. Chomh maith leis sin, chuir mé in iúl don Oireachtas i mí an Mheithimh gur cheadaigh an Rialtas an moladh uaim go mbreithneofaí na tosca ba chúis leis an staid reatha. Chuige sin, earcaíodh an tUas. Dermot McCarthy, iarArd-Rúnaí don Rialtas agus do Roinn an Taoisigh, chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar conas a tháinig an staid reatha chun cinn.
De bhreis air sin, fáiltím roimh an nuacht go bhfuil CRF ag athbhreithniú an tSásra um Íocaíocht Toillte, arb é atá ann ná na ceantanna toillte, chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh, tá sé ríthábhachtach go dtacóimis leis na tionscadail ar dámhadh conarthaí dóibh faoin sásra atá ann cheana agus go leanfadh na ceantanna toillte atá beartaithe ar aghaidh.
Slándáil Fuinnimh idir an Meántéarma agus an Fadtéarma
Maidir leis an dearcadh níos fadtéarmaí i leith slándáil fuinnimh, tá an Roinn seo ag déanamh athbhreithniú ar shlándáil fuinnimh chórais gáis agus leictreachais na hÉireann sa tréimhse go dtí an bhliain 2030 ó thaobh aeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050 de. San athbhreithniú sin, breithnítear rioscaí féideartha dár soláthairtí gáis nádúrtha agus dár soláthairtí leictreachais araon, agus scrúdaítear bearta éagsúla chun na rioscaí sin a mhaolú. Fuair an Roinn seo an anailís theicniúil chríochnaitheach chun an t-athbhreithniú a threorú agus táim ag súil go seolfar comhairliúchán sna seachtainí atá le teacht.
Tacaí do Chustaiméirí Leochaileacha agus dóibh sin a bhfuil Tearcrochtain Fuinnimh acu nó atá i mbaol í a bheith acu
Is maith is eol don Choiste go bhfuil na praghsanna rí-arda gáis mórdhíola atá ag teacht chun cinn ón uair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i leith mar chúis le méaduithe gan fasach sna praghsanna leictreachais agus gáis miondíola atá le híoc ag tomhaltóirí. Is é an toradh atá air sin faoi seach ná méadú an-suntasach sa líon daoine atá i mbaol na tearcrochtana fuinnimh. Tugtar le fios i meastacháin ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) le déanaí go bhfuil 29.4% de theaghlaigh ag caitheamh níos mó ná 10% dá n-ioncam ar a riachtanais fuinnimh baile.
Tá an Rialtas an-eolach ar an mbrú atá ar theaghlaigh a bhfuil na billí sin le híoc acu agus chuir sé pacáiste beartas agus beart is fiú €2 billiún chun feidhme cheana féin chun tacú le custaiméirí fuinnimh. Áiríodh leis na tacaí sin creidmheas Costas Leictreachais a cuireadh le breis agus 2.1 milliún cuntas leictreachais baile, laghdú CBL ó 13.5% go 9% ar bhillí leictreachais agus gáis, agus méaduithe sa Liúntas Breosla.
Ina theannta sin, chuir an Rialtas go mór leis na tacaí iarfheistithe baile atá ar fáil do theaghlaigh. Mar shampla, is breis agus dhá uair níos mó ná mar a bhí sé anuraidh atá an líon uasghráduithe fuinnimh in aisce do theaghlaigh atá i mbaol na tearcrochtana fuinnimh a soláthraíodh gach mí, agus tugadh tacaíocht deontais nua 80% isteach le haghaidh insliú balla chuasaigh agus insliú áiléir mar fhreagairt do na praghsanna rí-arda fuinnimh. Leis na tacaí sin, cabhrófar le húinéirí tí a chosaint ar mhéaduithe i bpraghsanna fuinnimh sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.
Aithníonn an Rialtas, áfach, gur gá tuilleadh a dhéanamh de réir mar a leanann praghsanna ar aghaidh ag méadú, agus tá bearta breise chun tacú le teaghlaigh á scrúdú i gcomhthéacs an Bhuiséid atá le teacht. Fáiltím go mór roimh an bhfógra ó CRF an tseachtain seo caite go dtabharfaí cosaintí éagsúla breise do thomhaltóirí isteach faoin gCreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh.
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Roinn seo athbhreithniú le déanaí ar an Straitéis chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac, mar aon le comhairliúchán poiblí a sheoladh lena dtreorófar an fhorbairt ar Phlean Gníomhaíochta nua chun Tearcrochtain Fuinnimh a Chomhrac. Sa Phlean Gníomhaíochta nua, leagfar amach bearta éagsúla atá le cur chun feidhme roimh an ngeimhreadh atá le teacht, chomh maith le bearta tábhachtacha níos fadtéarmaí, chun a chinntiú go dtabharfar tacaíocht agus cosaint dóibh sin atá níos neamhábalta costais mhéadaithe fuinnimh a sheasamh. Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an plean nua tamaillín tar éis an Bhuiséid. Tá Grúpa Stiúrtha trasrannach atá faoi chathaoirleacht na Roinne seo ag déanamh formhaoirseacht ar fhorbairt agus cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta nua.
Mar fhocal scoir, is é atá sa dúshlán fuinnimh is mó atá os comhair na hÉireann agus na hEorpa ná praghas an gháis nádúrtha agus an éifeacht a bheidh aige sin ar bhillí gáis agus leictreachais de réir mar a théimid isteach sa gheimhreadh. Nílimid inár n-aonar le linn aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus leanfaimid ar aghaidh ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an gComhairle Eorpach agus muid ag freagairt dó.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Creat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh
Is é atá sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, rud ar sheol an Rialtas é i mí Aibreáin 2022, ná freagairt uileghabhálach chuimsitheach do riachtanais slándála fuinnimh na hÉireann i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin.
Leagtar amach ann conas is féidir leis an Rialtas tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus díriú ar leith á leagan ar chosaint a thabhairt dóibh sin atá sa bhaol is mó go bhfulaingeoidh siad tearcrochtain fuinnimh, conas atá slándáil fuinnimh na hÉireann á cinntiú aige cheana féin, agus conas a bhrostóidh sé aistriú na tíre chuig éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh agus chuig córais fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh. Leagtar amach ann freisin conas is féidir tacú le tomhaltóirí agus le gnólachtaí fuinneamh agus airgead a shábháil.
Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh
Bunaíodh Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh chun comhordú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar fhreagairt na hÉireann do na dúshláin reatha. Ag gníomhú dó faoi chathaoirleacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, rinne an grúpa sin formhaoirseacht ar Chreat Náisiúnta Slándála Fuinnimh nua a fhorbairt.
Leis an gCreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, comhordaítear obair ar shlándáil fuinnimh ar fud na hearnála ola, na hearnála gáis agus na hearnála leictreachais agus leagtar amach freagairt ‘uile-Rialtais’ do shlándáil fuinnimh, lena n-áirítear príomhdhíriú ar inacmhainneacht fuinnimh.
Leagtar amach sa Chreat an ghníomhaíocht atá á déanamh ag an Rialtas mar fhreagairt do na saincheisteanna sin ar fud príomhthéamaí:
- An tionchar ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí a bhainistiú
- Slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú sa ghearrthéarma
- Ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte a laghdú
Leagtar amach sa Chreat freisin conas a thacófar le teaghlaigh agus le gnólachtaí fuinneamh agus airgead a shábháil trí chlár cumarsáide lena dtabharfar eolas dóibh faoi na gníomhartha is féidir leo a dhéanamh chun a n-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, faoi conas a d’fhéadfadh siad a mbillí fuinnimh a laghdú agus faoi na tacaí atá ar fáil dóibh.
An Feachtas 'Úsáid Níos Lú'
Tá feachtas faisnéise poiblí – Úsáid Níos Lú – ar bun chun eolas a thabhairt don phobal faoi na gníomhartha is féidir leo a dhéanamh chun rannchuidiú leis an iarracht náisiúnta. Leis an bhfeachtas, tabharfar de chumhacht do dhaoine a n-úsáid fuinnimh a laghdú agus iompraíocht a bheidh inbhuanaithe san fhadtéarma a spreagadh. Cuirfear san áireamh san fheachtas na héilimh shéasúracha ar thomhaltas fuinnimh chun a chinntiú gurb ábhartha agus tráthúil a bheidh an fhaisnéis agus an chomhairle.