Ráiteas ón Aire Stáit um Sheirbhísí Poist, Hildegarde Naughton TD
- Foilsithe: 9 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá cinneadh déanta ag an Rialtas Grúpa Idir-Rannán a bhunú faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus na Roinne Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht níos mó gnó Rialtais a threorú chuig líonra oifigí an phoist. Tuairisceoidh an Grúpa ar ais don Rialtas faoi dheireadh mhí Iúil.
Dúirt an tAire Naughton,
“Tá an Rialtas tiomanta do sheirbhísí a sholáthar ag úsáid bealaí atá dírithe ar riachtanais an phobail. Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí do Líonra Oifig an Phoist inbhuanaithe mar phríomhchuid den bhonneagar eacnamaíoch agus sóisialta i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Léirigh an phaindéim éiteas láidir an líonra maidir le seirbhís do chustaiméirí. Tá an Rialtas tiomanta chun oibriú le An Post agus le máistrí poist lena chinntiú go leanfaidh an líonra den ról láidir atá aige maidir le seirbhísí Stáit a sheachadadh.”
Tá forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide tar éis claochlú a dhéanamh ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn an Rialtas agus saoránaigh lena chéile le blianta beaga anuas agus tá athchóiriú radacach déanta acu ar an mbealach a sholáthraíonn an Rialtas a sheirbhísí. Tháinig méadú ar an teagmháil ar líne leis an Rialtas le linn na paindéime Covid agus bhí córais ar líne ríthábhachtach i bpróiseáil thapa na n-iarratas ar thacaíochtaí na Paindéime agus ar sheirbhísí eile Rialtais. Tá sé tábhachtach a aithint, áfach, nach bhfuil rochtain ag cohórt den daonra ar sheirbhísí ar líne nó níl ar a gcumas leas a bhaint as seirbhísí ar líne agus beidh rochtain mhalartach, trí bhealaí traidisiúnta, riachtanach dóibh agus cinnteofar leo go leanfaidh seachadadh seirbhíse poiblí de bheith dírithe ar an gcustaiméir is cuma conas is mian leo dul i dteagmháil leis an Rialtas.
Creideann an Rialtas go bhfuil acmhainneacht nár úsáideadh ag An Post chun níos mó a dhéanamh agus rannchuidiú suntasach eile a dhéanamh thar go leor réimsí den saol poiblí, de shaol an ghnó agus de shaol an phobail in Éirinn. Is leis an gcúlra sin agus mar chéim a haon, a thug an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan in éineacht leis an Aire Stáit do Sheirbhísí Poist, Hildegarde Naughton, an Tuarascáil ar Sheirbhísí As Líne don Rialtas inniu.
CRÍOCH