English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ar an gCibear-Ionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Thug FSS faoi deara go ndearnadh ionsaí bogearraí éirice suntasach ar chuid dá cuid córas aréir. Cuireadh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LINCS) ar an eolas faoin bhfadhb agus chuir a bplean freagartha géarchéime i ngníomh láithreach.

Tá LINCS i mbun dianteagmhála le FSS agus ag baint feidhm as a cuid acmhainní chun lántacaíocht a thabhairt do FSS agus iad ag iarraidh na córais ar cuireadh isteach orthu a shainaithint agus gach córas a thabhairt ar ais ar líne.

Tá LINCS ag oibriú le FSS chomh maith chun sonraí teicniúla na mbogearraí éirice a úsáideadh san ionsaí a shainaithint agus eiseoidh siad comhairle ina dhiaidh seo d’fhonn na sonraí seo a chomhroinnt.

Tá LINCS ag oibriú i bpáirt freisin leis an AE agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile d’fhonn faisnéis i dtaca leis an teagmhas seo a chomhroinnt agus lena chinntiú go mbíonn rochtain láithreach ag FSS ar chibearthacaíochtaí idirnáisiúnta.

Chuir LINCS an tAire Eamon Ryan agus an tAire Stáit Ossian Smyth ar an eolas faoin gcás níos luaithe ar maidin agus tabharfar faisnéis bhreise dóibh arís ag meán lae. Beidh an bheirt airí i dteagmháil lena gcomhghleacaithe Rialtais agus le hoifigigh shinsearacha FSS ar feadh an lae.


Nótaí

Bogearraí Éirice

Is cineál de bhogearraí mailíseacha iad bogearraí éirice nó ransomware a chriptíonn comhaid an íospartaigh. Ansin, éilíonn an cibearionsaitheoir éiric nó airgead fuascailte ón íospartach sula dtabharfaí ar ais rochtain ar na sonraí, tar éis íocaíochta.

An Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála

Cuireadh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (LINCS) ar bun in 2011.

Tá foireann ardoilte de speisialtóirí sibhialtacha teicniúla ag LINCS, a bhfuil scileanna acu i réimsí amhail ríomheolaíocht, innealtóireacht bogearraí, anailís ar bhogearraí mailíseacha, fóiréinsic theicneolaíocht na faisnéise, cripteolaíocht, forbairt bogearraí agus comhlíontacht chibearshlándála, mar aon le scileanna ginearálta cibearshlándála.

Ar chroí-fheidhmeanna an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála (LINCS), tá, go soláthraíonn siad tacaíocht chun mórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú, soláthraíonn siad treoir agus comhairle do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus bainistíonn siad rioscaí do chroí-sheirbhísí a mbíonn baint acu leis an gcibearshlándáil.

Tá LINCS freagrach freisin as láimhseáil na gcibear-rioscaí agus na gcibeartheagmhas sa Stát agus soláthraíonn siad réamhrabhaidh, foláirimh, fógraí agus scaipeann eolas faoi rioscaí agus faoi theagmhais do na páirtithe leasmhara iomchuí mar aon le bheith ag soláthar anailís dhinimiciúil riosca agus teagmhais agus feasacht cáis ar bhonn leanúnach le linn teagmhais bheo chibearshlándála.