English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas Beartais maidir le hIomportáil an Gháis Fhraiceáilte á fhoilsiú

Fuair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, faomhadh an rialtais inniu le haghaidh Ráiteas Beartais maidir le hIomportáil an Gháis Fhraiceáilte lena n-áirítear moratóir ar fhorbairt chríochfoirt iompórtála Gáis Nádúrtha Leachtaithe (GNL) ar fheitheamh chur i gcrích athbhreithniú ar shlándáil an tsoláthair. Tá an ráiteas beartais ag eascairt as gealltanas i gClár an Rialtais, agus dearbhaíonn sé nach dtacaíonn an Rialtas le hiompórtáil an gháis fhraiceáilte.

Arsa an tAire Ryan,

“Tá an gás fraiceáilte ina chionsiocair le damáiste timpeallachta ar bhonn áitiúil, san áit a n-eastósctar é agus ar bhonn domhanda agus níor cheart d’Éirinn, i ndiaidh di cosc a chur ar a shaothrú ar talamh, na rioscaí seo a bhrú ar aon phobail eile in áiteanna eile ar domhan. Tá mise chomh meáite céanna is a bhí riamh ar stad a chur leis an damáiste a eascraíonn as an bhfraiceáil agus tapóidh mé gach uile dheis ag leibhéal na hEorpa agus ag leibhéal idirnáisiúnta chun é sin a dhéanamh.”

Lean an tAire leis,

“Is é a chiallaíonn tiomantas na hÉireann i leith córas fuinnimh a bheadh nialasach ó thaobh an charbóin de, go mbeidh muid ag imeacht go pras ó úsáid na mbreoslaí iontaise le haghaidh fuinnimh. Úsáidfear forbairtí san fhuinneamh in-athnuaite a léiríonn ár n-uaillmhian aeráide mar bhonn eolais don staidéar ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh lena chinntiú go mbíonn córas fuinnimh glan iontaofa slán againn.”

Tá leagtha amach sa Ráiteas Beartais:

  • ar fheitheamh thoradh an athbhreithnithe ar shlándáil sholáthar fuinnimh chóras leictreachais agus gáis nádúrtha na hÉireann, níor chuí forbairt aon chríochfoirt GNL in Éirinn a cheadú nó a chur chun cinn;
  • beidh an Rialtas ag comhoibriú le Stáit eile san Eoraip a bhfuil an dearcadh céanna acu chun tacú le hathruithe ar dhlíthe fuinnimh na hEorpa agus chun iad a chur chun cinn – go háirithe an leasú atá ag teacht aníos ar Threoir Gáis agus Rialáil Gáis an Aontais Eorpaigh – lena cheadú srian a chur ar iompórtáil an gháis fhraiceáilte; agus
  • beidh an Rialtas ag oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun céimniú amach na fraiceála a chur chun cinn ag leibhéal idirnáisiúnta i gcomhthéacs níos leithne chéimniú amach shaothrú na mbreoslaí iontaise.

Ní mór d’Údaráis Pleanála, agus iad i mbun measúnaithe ar aon iarratas pleanála ar bith, aird a bheith acu ar an mbeartas Rialtais iomchuí.

Ní féidir cosc dlíthiúil ar iompórtáil an gháis fhraiceáilte a chur i bhfeidhm ag an tráth seo. Leis sin a dhéanamh, bheadh gá le hathruithe ar rialacha idirnáisiúnta, amhail dlíthe fuinnimh na hEorpa. D’fhéadfadh a leithéid d’athruithe éascaíocht a dhéanamh ar chosc nó srian dlíthiúil a chur i bhfeidhm ar iompórtáil an gháis fhraiceáilte amach anseo. Cuireann an ráiteas beartais seo de cheangal ar an rialtas tabhairt faoi seo mar chuid den leasú atá ag teacht aníos ar Threoir Gáis agus Rialáil Gáis an Aontais Eorpaigh.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is é is gás fraiceáilte ann gás nádúrtha a dhéantar trí shéamaí de charraig a scoilt óna chéile go domhain thíos faoin talamh trí uisce, gaineamh agus ceimiceáin a phumpáil faoi bhrú ard. Tá cosc ar a húsáid ar talamh faoi reachtaíocht in Éirinn ó bhí 2017 ann mar gheall ar an riosca timpeallachta a thagann leis. De bhreis ar rioscaí timpeallachta ar bhonn áitiúil, is minic a bhíonn baint idir gás fraiceáilte agus sceitheadh meatáin, rud a dtagann lorg carbóin i bhfad níos mó leis ná mar a thagann le gás nádúrtha a eastósctar ar an mbealach traidisiúnta.

Is féidir gur ó ghás fraiceáilte a thiocfadh gás nádúrtha leachtaithe, nó GNL, nó is féidir gur gás a eastósctar ar an mbealach traidisiúnta a bheadh ann. Is iondúil go mbíonn lorg carbóin níos airde ag baint leis ná mar a bheadh ag gás nádúrtha a sholáthraítear trí phíblíne mar gheall ar an bhfuinneamh a bhíonn de dhíth leis an ngás nádúrtha a leachtú, a iompar agus a athghású. Ós rud é gur in Éirinn a bheadh an t-athghású le déanamh, d’fhágfadh sé go mbeadh astaíochtaí carbóin níos airde in Éirinn i gcomparáid le gás nádúrtha a sholáthrófaí trí phíblíne.

Tá Éire ag tabhairt faoi athbhreithniú ar shlándáil sholáthar fuinnimh chórais leictreachais agus gáis nádúrtha na hÉireann. Bainfear leas as an athbhreithniú le bonn eolais a thiomsú maidir le cén dóigh a bhféadfaidh Éire a chinntiú go mbeidh córais fuinnimh shlána againn agus muid ag díriú ar an tréimhse a fhad le 2030 faoin chomhthéacs ina mbeifí ag iarraidh cosán inbhuanaithe a chinntiú i dtreo astaíochtaí neodracha faoi 2050. Díreofar an t-athbhreithniú ar mar is féidir uaillmhian mhéadaithe na hÉireann i dtaca leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus forbairt na bhfoinsí úra glana dúchasacha fuinnimh amhail hidrigin agus bithmheatán, fuinneamh iontaise a laghdú agus mar a d’fhéadfadh sé seo an riosca a bhaineann le slándáil an tsoláthair a laghdú. Díreoidh sé freisin ar a chinntiú go seachnóimid an riosca suntasach a bhaineann le sócmhainní tréigthe, go háirithe bonneagar breoslaí iontaise, i gcomhthéacs ghealltanas an Rialtais astaíochtaí neodracha a bhaint amach faoi 2050.

Gheofar treoir ón athbhreithniú maidir le cé acu ab iomchuí, nó nárbh iomchuí, críochfoirt GNL a fhorbairt in Éirinn agus, dá mbeifí lena leithéid de chríochfoirt a fhorbairt cé acu ba cheart sin a dhéanamh chun soláthar teagmhasach a bheith ann sa chás go dteipfí ar bhonneagar reatha soláthraithe an gháis nádúrtha.