English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taighde a dhéanamh ar an am atá thart chun ullmhú don todhchaí: Déanann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann measúnú ar dheich mbliana d’infheistíocht i dtaighde geo-eolaíochta

D’fhoilsigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann inniu athbhreithniú ar an gClár Taighde 2015-2024 uaidh, ina ndéantar meastóireacht ar thionchar a hinfheistíochta.

Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus, sna deich mbliana atá imithe thart, d’infheistigh sí €17 milliún, beagnach, i 226 thionscadal taighde lena gcistítear go díreach 160 taighdeoir, beagnach, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus sa saol acadúil. A bhuí leis an obair thábhachtach sin, tá tuiscint níos fearr againn ar phróisis an Domhain agus ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine, ag an athrú aeráide agus ag guaiseacha nádúrtha ar ár ndomhan.

Bíonn córais nádúrtha an Domhain riachtanach chun beatha a chothú agus chun acmhainní amhail teas, miotail, ábhair thógála, fuinneamh, bia agus uisce a sholáthar. I measc na samplaí d’aschuir ardtionchair ó thionscadail taighde atá cistithe ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann tá: tuiscint a fháil ar an gcúis le damáiste piríte do thithe i nDún na nGall chun tacú le rialáil nua; measúnú a dhéanamh ar ár n-acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh chun cabhrú leis an earnáil fuinnimh ghlain sin atá ag teacht chun cinn a fhorbairt; faisnéis riachtanach faoi ghrinneall na farraige a sholáthar le haghaidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta; measúnú a dhéanamh ar leochaileachtaí in acmhainní screamhuisce, amhail i Ros Comáin agus i nGaillimh; agus réamhaisnéis a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar ár n-imeallbhoird chun tacú le húdaráis áitiúla agus leis an bpleanáil.

Ón mbliain 2015 i leith, tá breis agus ceithre huaire luach iomlán na dtionscadal ginte ag an infheistíocht €17 milliún atá déanta ag Clár Taighde Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, agus breis agus €65 mhilliún de chistiú taighde geallta trí chomhchistiú agus trí chistí seachtracha a ghiaráil. Chomh maith leis sin, thug an-chuid de na tionscadail chomhchistithe sin deiseanna do thaighdeoirí Éireannacha páirt a ghlacadh i dtionscadail thrasnáisiúnta le comhghleacaithe san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ag fáiltiú dó roimh sheoladh an athbhreithnithe deich mbliana, dúirt Darragh O’Brien, an tAire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh:

"A bhuí leis na sonraí, leis na léarscáileanna agus leis an eolas nua a gineadh ó na tionscadail taighde seo, cabhraíodh leis an lucht déanta beartas, le rialálaithe, le cuideachtaí, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus leis an bpobal cinntí níos fearr a dhéanamh ar úsáid agus bainistíocht ár n-acmhainní nádúrtha. Tá sé sin ríthábhachtach agus muid ag tabhairt aghaidh ar éileamh méadaitheach ar acmhainní chun tithe a thógáil, chun uisce óil sábháilte a sholáthar agus chun tionscadail fuinnimh agus bhonneagair a phleanáil. Léirítear sa tuarascáil seo cé chomh luachmhar agus atá infheistíocht a dhéanamh i dtaighde den scoth ar féidir leis fianaise a sholáthar le haghaidh beartais agus rialála."

Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:

"Cabhraíonn Clár Taighde Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann linn tacú ar bhealach níos fearr le beartas, le rialáil agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide, ach tá sé ag cabhrú linn freisin acmhainn agus comhpháirtíochtaí láidre taighde a thógáil, ar rudaí iad a bheidh ag teastáil amach anseo agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna casta aeráide agus comhshaoil a mbíonn tionchar acu ar gach réimse dár sochaí."

I gcomhoibriú le comhpháirtithe taighde, thacaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann freisin le bonneagar taighde náisiúnta riachtanach ardchaighdeáin, lena n-áirítear bunachair sonraí oscailte agus bailiúcháin fhisiciúla, agus saoráidí amhail Saotharlann Taighde Dhromchla an Domhain i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus Líonra Seismeach Náisiúnta na hÉireann in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI)

Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an ghníomhaireacht Náisiúnta Domhaneolaíochta. Tá freagracht uirthi as comhairle agus faisnéis gheolaíochta a sholáthar agus as sonraí a fháil chun na críche sin. Táirgeann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann táirgí éagsúla, lena n-áirítear léarscáileanna, tuarascálacha agus bunachair sonraí, agus gníomhaíonn sí mar lárionad eolais agus mar chomhpháirtí tionscadail i ngach gné de gheolaíocht na hÉireann. Is rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í.

Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann seirbhís ‘Geolaí ar Dualgas' don phobal freisin chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna agus ábhair imní a bhaineann leis an ngeolaíocht. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Cláir Taighde Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Cistíonn Clár Taighde Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann taighde den scoth trí shásraí iomaíocha éagsúla cistiúcháin deontais agus trí chláir chomhchistiúcháin le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), le Taighde Éireann, le Fulbright Ireland agus le comhlachtaí eile. Glacann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann páirt freisin i gcláir idirnáisiúnta chomhchistiúcháin trí líonraí idirnáisiúnta le haghaidh mianraí agus fuinneamh geoiteirmeach.

I measc na dtionscadal taighde tá treoirthionscadail ghearrthéarmacha bheagscála agus tionscadail chomhoibríocha ilbhliantúla i réimsí amhail an gheo-eolaíocht mhuirí, an t-athrú cósta, mianraí agus amhábhair, an fuinneamh geoiteirmeach agus stóráil gheolaíoch le haghaidh fuinnimh, an screamhuisce agus an léarscáiliú geolaíoch, lena n-áirítear tacair sonraí náisiúnta gheoiceimice/ithreach agus gheoifisice. Baintear úsáid as torthaí na dtionscadal agus as sonraí atá á n-óstáil ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann i réimsí éagsúla feidhmeanna, lena n-áirítear tionchar an athraithe aeráide, pleanáil, beartas agus rialáil acmhainní nádúrtha agus mar sin de.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

Tá liosta iomlán de na tionscadail a cistíodh sa tréimhse 2015-2024 ar fáil ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.