Síníonn Éire Cairt Gaoithe Eorpach agus geallann sí go gcomhlíonfaidh sí a spriocanna fuinnimh gaoithe
- Foilsithe: 19 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leis an gCairt, cuirtear le ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Chumhacht Ghaoithe’ a foilsíodh le déanaí agus gealltar tuilleadh tacaíochta don tionscal fuinnimh gaoithe
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, gur chláraigh Éire le haghaidh Cairt Gaoithe Eorpach a bhfuil mar aidhm léi na dálaí a theastaíonn chun na spriocanna fuinnimh gaoithe a bhaint amach a fhorbairt agus a fheabhsú. Cuirtear idir fhuinneamh gaoithe ar talamh agus fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta san áireamh sa chairt. Dírítear inti ar réimsí éagsúla, lena n-áirítear Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, ceantanna gaoithe, an rialachas, an rialáil, agus monaraíocht trealaimh.
Leis an gCairt, cuirtear leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe ar fhoilsigh an Coimisiún Eorpach é i mí Dheireadh Fómhair agus a bhfuil mar aidhm leis tacú le cuideachtaí Aontais Eorpaigh san earnáil fuinnimh gaoithe agus feabhas a chur ar iomaíochas na gcuideachtaí sin. Meastar fuinneamh gaoithe in-athnuaite a bheith ina acmhainn thábhachtach le haghaidh pleananna dícharbónaithe na hEorpa agus d’fhéadfadh sé a bheith ar an bhfoinse leictreachais intíre is mó ar féidir léi teacht in ionad breoslaí iontaise allmhairithe so-ghalaithe.
Mar chuid den Chairt Gaoithe Eorpach, shínigh Éire ‘gealltanas gaoithe’ deonach freisin lena ngealltar go gcomhlíonfar spriocanna fuinnimh gaoithe don tréimhse 2024-2026 agus lena ngealltar spriocanna táscacha don bhliain 2030 agus don tréimhse tar éis na bliana 2030.
Le spriocanna táscacha an ghealltanais go soláthrófaí 9 GW de ghiniúint ar talamh faoin mbliain 2030, comhlánaítear na gealltanais a ghabhann leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 de chuid na hÉireann, rud a bhfuil mar aidhm leis Éire a chur chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le fuinneamh in-athnuaite ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a ghiniúint. Tá Éire ag súil le 4,812 MW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh a sholáthar faoi dheireadh na bliana agus leanfaidh earnáil fuinnimh gaoithe ar talamh an Stáit de bheith ar cheann de na teicneolaíochtaí is cost-éifeachtúla chun a spriocanna leictreachais in-athnuaite a bhaint amach, agus í ag fanacht le forbairt an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta.
Ó thaobh an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta de, is amhlaidh, maidir le spriocanna táscacha an ghealltanais don bhliain 2030 agus don tréimhse tar éis na bliana 2030, a chomhlánaítear an foilsiú atá déanta ag Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh le déanaí ar phleananna fadtéarmacha óna chuid ball, lena n-áirítear Éire, ar mhaithe le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt suas go dtí an bhliain 2040. Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear imchuach an Atlantaigh).
Ag labhairt dó faoin gCairt Gaoithe agus gealltanas, dúirt an tAire Ryan:
“Tá fuinneamh gaoithe, bíodh sé ar talamh nó amach ón gcósta, ríthábhachtach d’iarrachtaí an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann ár ngeilleagar a dhícharbónú, slándáil an tsoláthair a threisiú, agus costais fuinnimh a laghdú go mear do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Tá an Chairt Gaoithe agus gealltanas ina léiriú ar an iarracht chomhordaithe leanúnach agus ar an bhfís chomhchoiteann atá ann ar fud tíortha Eorpacha chun a chinntiú gurb athléimneach agus inbhuanaithe a bheidh an t-aistriú chuig fuinneamh glas agus go mbeidh an t-aistriú ag dul le hiomaíochas tionsclaíoch. Ós rud é go bhfuil roinnt dúshlán ag teacht os comhair na hearnála fuinnimh gaoithe le déanaí, is sampla eile fós é sin den tiomantas comhchoiteann atá ann ar fud na hEorpa chun spriocanna fuinnimh gaoithe in-athnuaite a chomhlíonadh. Ní mór an t-imscaradh ollmhór tapa fuinnimh gaoithe ar fud na hEorpa a shamhlaítear faoin gcairt seo a mheaitseáil le clár láidir cuimsitheach um idirchaidreamh leis an bpobal agus um ghnóthachain phobail chun a chinntiú go mbainfidh gach saoránach leas as tairbhí an fhuinnimh gaoithe.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Is iad seo a leanas na príomhghealltanais atá leagtha amach sa Chairt Gaoithe:
- Píblíne tionscadal a bheidh leordhóthanach, láidir agus intuartha a chinntiú le haghaidh fuinneamh gaoithe a imscaradh, lena n-áirítear trí leaganacha nuashonraithe de Phleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a bheidh ag teacht leis na spriocanna níos uaillmhianaí le haghaidh fuinneamh in-athnuaite atá leagtha amach in Oiriúnach do 55 agus a bheidh níos tapa agus níos intuartha
- Comhsheasmhacht a sholáthar i ndearadh na gceantanna le haghaidh fuinneamh gaoithe agus an dearadh sin a fheabhsú agus a shimpliú
- A chinntiú gurb amhlaidh, maidir leis na próisis ghnó, an rialachas, na táirgí agus na seirbhísí a dtairgeann na hionadaithe don earnáil fuinnimh gaoithe a bhfuil a síniú anseo thíos iad, a chomhlíonfaidh siad ardchaighdeáin cháilíochtúla
- Feabhas a chur ar intuarthacht an éilimh agus an tsoláthair trí cheantanna soiléire
- Rannchuidiú le timpeallacht idirnáisiúnta a bheidh cothrom agus iomaíoch, lena n-áirítear tríd an Rialachán maidir le hInfheistíocht Dhíreach Choigríche
- An acmhainn monaraíochta trealaimh fuinnimh gaoithe san Aontas Eorpach a uas-scálú
Fuinneamh gaoithe ar talamh de chuid na hÉireann
Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Éirinn le deich mbliana anuas ar ár n-earnáil leictreachais a dhícharbónú. Príomhthoisc taobh thiar den dul chun cinn sin is ea foinsí giniúna in-athnuaite a thógáil agus iad a chomhtháthú isteach san eangach leictreachais go rathúil.
Tá Éire sa tríú háit ar domhan maidir le toilleadh suiteáilte cumhachta gaoithe in aghaidh an duine, agus thart ar 4.8 GW de thoilleadh giniúna fuinnimh gaoithe ar talamh aici. Chomh maith leis sin, tá sí chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le leictreachas in-athnuaite inathraitheach a chomhtháthú isteach san eangach.
A bhuí leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, tá Éire ar cheann de na tíortha is uaillmhianaí ar domhan maidir leis an aeráid. Is é atá ann ná plean mionsonraithe le haghaidh gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh chun laghdú 51% a bhaint amach in astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 agus chun sinn a chur ar an mbealach ceart i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050. Áirítear leis sraith beart chun tacú le clár foinsí fuinnimh in-athnuaite na hÉireann, amhail soláthar an fhuinnimh gaoithe ar talamh, an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus an ghrianfhuinnimh a luathú trí chreat iomaíoch chun go bhfreastalóidh foinsí fuinnimh in-athnuaite ar 80% den éileamh ar leictreachas faoin mbliain 2030. Áirítear na nithe seo a leanas leis na bearta le haghaidh fuinneamh gaoithe ar talamh:
- Sprioc go soláthrófaí 6 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh faoin mbliain 2025
- Sprioc go soláthrófaí 9 GW d’fhuinneamh gaoithe ar talamh faoin mbliain 2030
Príomhghníomh faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 ba ea Tascfhórsa um Leictreachas In-athnuaite a Luathú a bhunú, rud a dhíreodh ar ghiniúint in-athnuaite ar talamh a fhorbairt. Tá an Creat Beartais Spáis um Leictreachas In-athnuaite á dhearadh chun bonn beartaithe beartais a thairiscint le haghaidh cur chuige níos pleantreoraithe i leith leictreachas in-athnuaite ar talamh a fhorbairt agus a ghiniúint agus chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus comhleanúnachas idir an beartas náisiúnta, an beartas réigiúnach agus an beartas áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, ar aon dul leis na breithniúcháin phleanála, chomhshaoil agus phobail eile uile.
Bearta beartais chun tacú le giniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide roinnt scéimeanna chun tacú le fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus, dá réir sin, chun cur ar ár gcumas ár spriocanna don bhliain 2030 a chomhlíonadh. Ar na scéimeanna sin tá an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite (RESS), an Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite Beagscála (SRESS), agus an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS).
An Tascfhórsa um Leictreachas In-athnuaite a Luathú
Príomhghníomh faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 ba ea Tascfhórsa um Leictreachas In-athnuaite a Luathú a bhunú, rud a dhíreodh ar ghiniúint in-athnuaite ar talamh a fhorbairt. Bunaíodh an Tascfhórsa sin i mí an Mhárta 2023, agus é comhdhéanta d’oifigigh shinsearacha ó Ranna ábhartha agus ó Chomhlachtaí Stáit ábhartha.
Bunaíodh an tascfhórsa chun sainaithint agus comhordú a dhéanamh ar na beartais riachtanacha a theastaíonn chun na spriocanna leictreachais in-athnuaite ar talamh agus spriocanna gaolmhara a bhaint amach, agus chun na beartais sin a chur in ord tosaíochta, agus chun a chinntiú go mbainfí na bacainní le beartais den sórt sin a chur chun feidhme nó go n-íoslaghdófaí iad a mhéid is féidir.
Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite
Cuireadh an chéad cheant RESS (Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite), mar atá RESS 1, ar siúl sa bhliain 2020 agus ba mar thoradh air a bhí an bhliain 2022 ar cheann de na blianta ba rathúla riamh maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite a bheith á nascadh leis an eangach in Éirinn. Táthar ag súil leis gurb é an toradh a bheidh ar an dara ceant RESS (RESS 2) ná go méadófar giniúint leictreachais in-athnuaite na hÉireann faoi 20%, beagnach, faoin mbliain 2025. Fógraíodh torthaí deiridh an tríú ceant RESS (RESS 3) an 11 Deireadh Fómhair. Beidh na tionscadail rathúla freagrach as méadú 12% i dtoilleadh fuinnimh in-athnuaite na hÉireann i gcomparáid leis na leibhéil reatha. Cé gurb ísle na méideanna sin ná babhtaí ceant roimhe seo, spriocdhírigh RESS 3 d’aon turas ar thionscadail aibí atá réidh le tosú, a bhfuil cead pleanála agus tairiscintí naisc eangaí acu agus a meastar go soláthróidh siad torthaí go tapa, agus faoi mhíonna tosaigh na bliana 2027 ar a dhéanaí. Tá ceathrú ceant RESS, a bheidh níos mó fós, le cur ar siúl sa bhliain 2024.
Príomhghné de RESS is ea nach mór do gach tionscadal rathúil Ciste Tairbhe Pobail a bhunú lena úsáid ar son mhórfholláine chultúrtha, chomhshaoil agus gheilleagrach an phobail áitiúil. Tá sé beartaithe na cistí a úsáid chun cur ar chumas an phobail áitiúil leas a bhaint as tairbhí na giniúna leictreachais in-athnuaite. Molann an Roinn do gach tionscadal Ciste Tairbhe Pobail a bhunú, lena n-áirítear Comhaontuithe Corparáideacha Ceannaigh Cumhachta, toisc go n-imríonn na cistí sin ról tábhachtach i nglacadh an phobail leis na forbairtí a bhreisiú.
Pleanáil spáis
Tá an Creat Beartais Spáis um Leictreachas In-athnuaite á dhearadh chun bonn beartaithe beartais a thairiscint le haghaidh cur chuige níos pleantreoraithe i leith leictreachas in-athnuaite ar talamh a fhorbairt agus a ghiniúint agus chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus comhleanúnachas idir an beartas náisiúnta, an beartas réigiúnach agus an beartas áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, ar aon dul leis na breithniúcháin phleanála, chomhshaoil agus phobail eile uile.
Na huaillmhianta gaoithe amach ón gcósta de chuid na hÉireann
Tá Rialtas na hÉireann ag cur dlús leis an mbeartas maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. I lár na bliana 2021, sheol an rialtas an Item was unpublished or removed Is é sin an chéad chreat cuimsitheach de chuid na hÉireann riamh le haghaidh pleanáil spáis mhuirí. Achtaíodh an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, i mí na Nollag 2021. Bunaíodh leis córas nua ceadúnúcháin agus bainistíochta forbartha sa limistéar muirí atá le riar ag gníomhaireacht nua darb ainm an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí, ag obair di i gcomhar leis an mBord Pleanála, atá ag cabhrú le fuinneamh amach ón gcósta a fhorbairt.
Sa bhliain 2022, bunaíodh an córas Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Ag teacht sna sála ar phróiseas cuimsitheach measúnachta, rinne an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint chuig seacht dtionscadal fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta i mí na Nollag 2021. Mar thoradh air sin, bhí na tionscadail sin in ann idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBord Pleanála roimh iarratas pleanála a chur isteach. Bhí siad in ann freisin páirt a ghlacadh sa chéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta.
Ní ba luaithe i mbliana, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – tá sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Is é sin an méid is mó d’fhuinneamh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é freisin chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona sa bhliain 2030.
Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar, atá ag déanamh comhordú ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta.
An Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe i mí Dheireadh Fómhair 2023. Leagtar amach ann bearta láithreacha atá le déanamh i gcomhpháirt ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag an lucht tionscail chun tacú leis an earnáil fuinnimh gaoithe. Leis an bplean, cuirtear le beartais agus reachtaíocht atá ann cheana agus dírítear ar shé phríomhréimse:
- Dlús a chur leis an gcur in úsáid trí intuarthacht mhéadaithe agus ceadú níos tapúla
- Dearadh ceant feabhsaithe
- Rochtain ar mhaoiniú
- Timpeallacht idirnáisiúnta atá cothrom iomaíoch
- Scileanna
- Rannpháirtíocht tionscail agus gealltanais na mBallstát
Tá tuilleadh faisnéise faoin bplean gníomhaíochta ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Sceideal le haghaidh ceantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030
An mhí seo caite, mar chuid de sheoladh comhordaithe i gcomhar leis na balltíortha de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (an Comhar Fuinnimh), d’fhoilsigh Éire sceideal de cheantanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta suas go dtí an bhliain 2030, ar faoina mbun atá breis agus 13 GW de thoilleadh le himscaradh faoin mbliain 2040. Tá an toilleadh sin i dteannta na 3 GW a dámhadh in ORESS 1, an chéad cheant fuinnimh gaoithe amach ón gcósta riamh de chuid na hÉireann. Ní bhaineann sé ach leis na himchuacha muirí laistigh de limistéar an Chomhair Fuinnimh (Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach). Is cothrom le 20 GW go fóill atá an sprioc fhoriomlán fuinnimh gaoithe amach ón gcósta atá ag Éirinn don bhliain 2040 (lena n-áirítear imchuach an Atlantaigh). Tá sé beartaithe ag Éirinn baint amach a dhéanamh ar an sprioc atá aici don bhliain 2040 go soláthrófaí 20 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta trí phróisis iomaíocha sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, agus an tógáil ghaolmhar ag tarlú suas go dtí an bhliain 2040.
Treochlár táscach Rialtas na hÉireann don chéad cheant eile de chuid an Stáit le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta
I gcomhthráth le foilsiú amchlár ceantanna an Chomhair Fuinnimh i mí na Samhna, d’fhoilsigh an Tascfhórsa um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar ‘treochlár táscach’ ina dtugtar breac-chuntas ar amchlár i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, eadhon ORESS 2.1. Cuirfear ORESS 2.1 ar siúl amach ó chósta theas na hÉireann chun go mbeidh sé ag teacht leis an toilleadh eangaí atá ar fáil ar talamh agus soláthrófar leis suas go dtí 900 MW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Sa treochlár sin, leagtar amach roinnt céimeanna i dtreo an chéad cheant eile de chuid na hÉireann le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Tá na céimeanna sin bunaithe ar roinnt cásanna difriúla.
Is féidir amharc ar thuilleadh faisnéise faoi threochláir ORESS 2.1 ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
An Creat Todhchaíoch um Ghaoth Amach ón gCósta
Tugtar an Creat Todhchaíoch ar an tsamhail agus ar an bhfís fhadtéarmach sin d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta in Éirinn. Déanfar dréacht-Chreat Todhchaíoch le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a imscaradh tar éis na bliana 2030 a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin i mí Eanáir 2024. Ceadóidh an Rialtas leagan deiridh den Chreat Todhchaíoch agus foilseofar é i gcomhthráth leis an Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta ón Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta i mí an Mhárta 2024.
An Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Ghaoth Amach ón gCósta
Ceadaíodh forbairt a dhéanamh ar Straitéis Thionsclaíoch Náisiúnta um Ghaoth Amach ón gCósta le cinneadh ón rialtas i mí na Bealtaine 2023. Is é a bheidh i gcuspóir uileghabhálach na straitéise ná a chinntiú go n-uasmhéadóidh Éire na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le spriocanna an rialtais chun 37 GW d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Foilseofar Treochlár Straitéiseach i gcéad leath na bliana 2024, i gcomhthráth le foilsiú an Chreata Thodhchaíoch.
Díreofar ar na nithe seo a leanas sa chéad treochlár straitéiseach:
- Slabhraí Soláthair – Bearta a shainaithint chun rannpháirtíocht na hÉireann sa slabhra soláthair intíre agus idirnáisiúnta um fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar dheiseanna
- Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht – Na príomhdheiseanna d’Éirinn a leagan amach maidir le leas a bhaint as a hacmhainneacht shainiúil nuálaíochta mar gheilleagar oscailte beag a bhfuil traidisiún an-láidir taighde, forbartha agus nuálaíochta aige. Is í an uaillmhian ná éiceachóras um thaighde, forbairt agus nuálaíocht i réimse an fhuinnimh gaoithe amach ón gcósta in Éirinn a fhorbairt chun an comhoibriú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuideachtaí ilnáisiúnta agus institiúidí breisoideachais agus ardoideachais a chur chun cinn.
An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí Earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat amharc ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag Item was unpublished or removed
Tá Éire tar éis bogadh chuig cur chuige pleantreoraithe chun ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a chomhlíonadh. Tá ár n-uaillmhianta aeráide agus fuinnimh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta á gcomhlíonadh ag an Rialtas trí roinnt céimeanna forluiteacha:
- Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear don chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
- Céim a Dó, ar lena linn a sheolfar clár oibre luathaithe lena ndíreofar ar sholáthar garthéarma, agus é bunaithe ar theicneolaíocht ar cruthaíodh a hinscálaitheacht i ndlínsí eile, agus lena soláthrófar an toilleadh breise fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a theastaíonn chun sprioc an Rialtais don bhliain 2030 a bhaint amach agus
- An Creat Todhchaíoch atá pleantreoraithe go hiomlán