Seoladh an Chomhairliúcháin Phoiblí ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta Choinbhinsiún Aarhus (2025) agus ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta an Phrótacail maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (2025)
- Foilsithe: 7 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Seoladh Comhairliúcháin Phoiblí ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta na hÉireann 2025 de bhun Choinbhinsiún Aarhus agus ar an Tuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta 2025 de bhun an Phrótacail maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán.
Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide dhá chomhairliúchán phoiblí i ndáil leis an gcomhshaol Dé hAoine an 7 Márta 2025.
Baineann an chéad cheann leis an Tuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta 2025 de bhun Choinbhinsiún Aarhus, agus baineann an dara ceann leis an Tuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta 2025 faoin bPrótacal maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán do Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta na hÉireann faoin bPrótacal maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE).
Ceanglaítear an dá cheann de na tuarascálacha sin a ullmhú roimh Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus agus sa Phrótacal, rud a thionóltar gach ceithre bliana agus atá sceidealaithe do mhí na Samhna 2025.
Foilsítear na tuarascálacha ó na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar shuíomh Gréasáin Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE).
Is é aidhm na dtuarascálacha sin cur chun feidhme náisiúnta na bprionsabal a chumhdaítear i gCoinbhinsiún Aarhus a léiriú, ar Coinbhinsiún é lena dtugtar aghaidh ar rochtain ar fhaisnéis comhshaoil, ar rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht comhshaoil, agus ar rochtain ar cheartas i ndáil le nithe comhshaoil.
Leis na comhairliúcháin seo, tugtar deis don phobal agus do gheallsealbhóirí a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na gníomhaíochtaí a seoladh sna ceithre bliana seo a chuaigh thart, mar atá mionsonraithe sna tuarascálacha.
Beidh na comhairliúcháin ar oscailt ón 7 Márta go 5.30pm an 7 Aibreán 2025.
Tar éis tuairimí a fháil, tá sé beartaithe na haighneachtaí a thiomsú agus iad a chur san áireamh sna rannáin ábhartha den tuarascáil deiridh a chuirfear faoi bhráid Rúnaíocht Choinbhinsiún Aarhus.
Is féidir an téacs de Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta Choinbhinsiún Aarhus a fháil ag Comhairliúchán poiblí ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta Choinbhinsiún Aarhus 2025.
Is féidir an téacs de Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta an Phrótacail maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a fháil ag Comhairliúchán poiblí ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme Náisiúnta an Phrótacail maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán 2025.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí iad a sheoladh le ríomhphost chuig aarhus-decc@decc.gov.ie nó le casadh an phoist chuig:
An tAonad um Choinbhinsiún Aarhus, An Roinn Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh, Teach Tom Johnson, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath, D04 K7X4.
CRÍOCH