Seoladh an Fhóraim Náisiúnta Bitheacnamaíochta
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2021
D’fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan T D, agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., inniu seoladh an Fhóraim Náisiúnta Bitheacnamaíochta chun forbairt inbhuanaithe na bitheacnamaíochta in Éirinn a chur chun cinn agus chun tacú léi.
Tabharfaidh an Fóram Náisiúnta Bitheacnamaíochta guth do réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear lucht tionscail, grúpaí pobail, eagrais neamhrialtasacha agus forais stáit ghaolmhara.
Sa bhitheacnamaíocht, bíonn acmhainní in-athnuaite bitheolaíocha in úsáid a fhaightear ón talamh agus ón bhfarraige, mar shampla barra, foraoisí, iascaigh, dobharshaothrú, miocrorgánaigh agus ainmhithe, agus déantar díobh bith-tháirgí a bhfuil luach breise leo, ina measc próitéiní, cothuithe, leasúcháin, plaistigh agus fuinneamh. Tá féidearthachtaí sa bhitheacnamaíocht chun deiseanna nua inbhuanaithe a chruthú d’fheirmeoirí agus poist ardcháilíochta ghlasa a chur ar fáil i gceantair thuaithe agus ar an gcósta. Aithníonn an Rialtas an ról tábhachtach is féidir le bitheacnamaíocht na hÉireann a imirt sna hiarrachtaí chun ár spriocanna maidir leis an athrú ar an aeráid a bhaint amach, agus tá réimse coimitmintí luaite sa Chlár don Rialtas chun an earnáil a fhorbairt agus a fhás.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Trí bhitheacnamaíocht na hÉireann a fhorbairt, beimid in ann na hacmhainní nádúrtha bitheolaíocha atá againn sa talamh agus san fharraige a úsáid ar dhóigh inbhuanaithe, chiorclach – agus tacú leis an ngeilleagar, leis an tír agus leis an aeráid san am céanna. Cuideoidh sé linn freisin na hathruithe is gá dúinn a dhéanamh a dhéanamh, go háirithe san earnáil talmhaíochta, trí roghanna nua inbhuanaithe a chruthú d’fheirmeoirí.”
Díreoidh an Fóram Náisiúnta Bitheacnamaíochta ar chothromú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla a bhaineann le taighde agus forbairt, le rialáil agus leis an margadh chun cuidiú leis an earnáil bisiú agus bláthú. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) ag obair in éineacht lena chéile anois chun an Fóram a bhunú, agus cuirfear tús le clár oibre go luath in 2021.
Tá an Fóram á sheoladh le linn Sheachtain Bhitheacnamaíochta Éireann 2020, a mhaireann ón Luan, an 19 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine, an 23 Deireadh Fómhair 2020. Tarraingeoidh Seachtain Bhitheacnamaíochta Éireann aird ar bhitheacnamaíocht na hÉireann trí shraith imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar líne a bheidh oiriúnach do réimse leathan cineálacha daoine (saoránaigh, gairmigh sna tionscail agus lucht ceaptha polasaithe). Is eagrais éagsúla as measc na bpríomhpháirtithe leasmhara i Líonra Bitheacnamaíochta Éireann a chuirfidh na himeachtaí agus gníomhaíochtaí sin ar fáil. Tá an tseachtain imeachtaí á comhordnú ag RTBM agus RCAC i gcomhar le ceannairí bitheacnamaíochta, ina measc Ionad Taighde Bitheacnamaíochta BiOrbic Fhondúireacht Eolaíochta Éireann agus Fondúireacht Bhitheacnamaíochta Éireann.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin Bhitheacnamaíocht Éireann.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
- Foilsíodh an Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBitheacnamaíocht i mí an Mhárta 2018.
- Bunaíodh an Grúpa Forfheidhmithe Bitheacnamaíochta leis an Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBitheacnamaíocht in 2018 agus tá RCAC agus RTBM mar chomhchathaoirligh air. Tá an iliomad Ranna agus Gníomhaireachtaí sa Ghrúpa agus é mar shainordú dó dul i ngleic leis na dúshláin a aithníodh agus gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn an Bhitheacnamaíocht in Éirinn a fhorbairt tuilleadh.
- Tá eolas breise faoin mBitheacnamaíocht le fáil ar Item was unpublished or removed
- Is ionad taighde de luach €17.8 milliún maoinithe ag Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann é Ionad Taighde Bitheacnamaíochta BiOrbic a dhéanann buntaighde agus taighde feidhmiúil i gcomhar le lucht na dtionscal éagsúil. Tá Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Luimnigh agus Teagasc, ina óstach ar an Ionad.
- Tá Fondúireacht Bhitheacnamaíochta Éireann lonnaithe sa Lisín i gContae Thiobraid Árann.