Seolann an tAire Ryan Feachtas nua Aeráide agus Rannpháirtíochta – an chéad cheann dá leithéid ar domhan
- Foilsithe: 28 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2024
- Cluintear faoi chistiú nua pobail atá solúbtha agus sorochtana freisin ag an seoladh ag a dtaispeántar gníomhú ar son na haeráide i mBaile Átha Cliath 8
Inniu (Déardaoin an 28 Márta), sheol Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an feachtas ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’, arb é an chéad fheachtas náisiúnta rannpháirtíochta agus cumarsáide dá chineál riamh chun gníomhú ar son athléimneacht aeráide agus pobail a chothú agus a spreagadh thar an mbliain atá le teacht.
Díreoidh an feachtas nua rannpháirtíochta ar chluinstin ó phobail áitiúla agus ar obair i gcomhar leo – agus é ag labhairt go díreach le daoine chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac. Díreoidh an feachtas seo ar dhaoine agus áiteanna áitiúla, agus gníomhartha ar son na haeráide atá deartha agus forbartha ag na pobail féin á spreagadh agus á gcothú.
Thar an mbliain atá le teacht, oibreoidh an feachtas i gcomhar le grúpaí fud fad na tíre chun cur leis an méid ollmhór oibre atá ar siúl cheana féin i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide, chun tacú le grúpaí nuair is gá, agus chun tuilleadh daoine a spreagadh dul i mbun gníomhartha ar son na haeráide le chéile.
An tráth céanna, leanfaidh an Rialtas le díriú ar na gníomhartha móra sistéamacha ar son na haeráide a chabhróidh le daoine agus pobail chun roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh san áit a gcónaíonn siad.
Chun tacú le grúpaí pobail go háirithe, cuirfidh an Rialtas micreachistiú solúbtha dar luach iomlán €1 mhilliún ar fáil thar na blianta 2024 agus 2025 chun cabhrú leo freastal ar chostais bheaga riaracháin agus chumarsáide – na nithe praiticiúla a chuireann cosc ar dhaoine agus grúpaí gníomhaíocht a dhéanamh go minic.
Ina theannta sin, oibreoidh an Rialtas i gcomhar le raon saineolaithe cumarsáide aeráide chun oiliúint speisialta, tacair uirlisí speisialta agus comhairle speisialta a fhorbairt do ghrúpaí, lena n-áirítear grúpaí gnó agus grúpaí gairmiúla, atá ag iarraidh níos mó a dhéanamh chun cabhrú lena n-áit a dhéanamh níos fearr agus níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide. Thar na seachtainí atá le teacht, cuirfear feachtas cruthaitheach fógraíochta agus meán sóisialta i bhfeidhm freisin chun tacú leis an bhfeachtas rannpháirtíochta agus chun a insint do dhaoine conas is féidir leo a sciar féin a dhéanamh ina láthair féin.
Is é Colm O’Regan, cónaitheoir Bhaile Átha Cliath 8, oibrí deonach ar son an chomhshaoil, scríbhneoir agus fear grinn, a d’óstáil an seoladh. Sa leabhar a scríobh sé le déanaí, "Climate Worrier – a hypocrite’s guide to saving the planet", pléitear ar bhealach greannmhar macánta cuid mhór de na deacrachtaí agus na paradacsaí a dtagann daoine orthu i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide.
Ba i mBaile Átha Cliath 8 a seoladh an feachtas toisc gur micreacosma é ar an raidhse gníomhaithe ar son na haeráide atá ar siúl ar fud na tíre cheana féin – i bpobail uirbeacha agus i bpobail tuaithe. Reáchtálfar clár iomlán gníomhaíochta ar fud na bliana, lena n-áireofar seoltaí agus imeachtaí ar lena linn a dhíreofar ar a mbíonn ag tarlú i gceantar tuaithe na hÉireann.
Ag labhairt dó ag seoladh an fheachtais, dúirt an tAire Ryan:
"Is eol dúinn go bhfuil aird ag Éireannaigh ar an athrú aeráide, go bhfuil imní orthu faoina éifeachtaí ar a saol agus, rud tábhachtach, go gcreideann siad go n-éiríonn le gníomhartha ar son na haeráide agus gur féidir leo ár dtír a dhéanamh níos athléimní, cabhrú le poist ghlasa nua agus deiseanna glasa nua a chruthú, agus feabhas a chur ar cháilíocht ár mbeatha. Mar Rialtas, ní mór dúinn éisteacht agus gníomhú, ionas go mbímid ag tacú le daoine gníomhú ar son na haeráide ar bhealach a théann chun tairbhe dóibh agus dá bpobal ar an tslí is fearr, ón mbonn aníos.
"Cuirfidh an feachtas seo, a bheidh ar siúl thar an mbliain atá le teacht, leis an móiminteam atá á chothú fud fad na hÉireann cheana féin, idir athchóiriú portaigh i Ros Comáin agus fhuinneamh pobail ar an gCabrach. Tá tábhacht ag baint le gach áit agus le gach duine ó thaobh na haeráide de. Ag obair dó i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le grúpaí pobail, chuir an Rialtas struchtúir agus acmhainní i bhfeidhm chun tacú leis an obair seo. Ina theannta sin, cabhróidh ciste solúbtha nua leis na heagraíochtaí sin – a bhíonn ag brath ar obair dheonach go minic – freastal ar na costais bheaga a bhaineann lena n-obair luachmhar. Ba mhaith linn an méid atá ag tarlú cheana féin a cheiliúradh, an méid a foghlaimíodh a chomhroinnt ar fud pobal, agus daoine nua a spreagadh a sciar féin a dhéanamh chun a mbaile, a mbruachbhaile agus a mbaile fearainn a dhéanamh ina áit níos fearr chun cónaí ann faoi láthair agus sa todhchaí."
Buntaca leis an bhfeachtas seo freisin a bheidh sna struchtúir, sna hacmhainní agus sa chistiú atá i bhfeidhm cheana féin chun tacú le gníomhú áitiúil ar son na haeráide:
- D’fhorbair gach údarás áitiúil Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ina sainaithnítear na bearta áitiúla um maolú ar an athrú aeráide agus um oiriúnú don athrú aeráide atá beartaithe agus atá ar siúl
- Tá Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide i bhfeidhm i ngach údarás áitiúil chun tionscnaimh áitiúla a éascú agus a chothú
- Tá cistiú €27 milliún á chur ar fáil faoin gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide chun tacú le pobail ísealcharbóin atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide a fhorbairt, agus tá Oifigigh um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide i bhfeidhm chun obair i gcomhar le húdaráis áitiúla agus le grúpaí pobail
- Trína chlár um Chomhráite faoin Aeráid, bíonn an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide ag sainaithint bacainní ar ghníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ag forbairt uirlisí chun gníomhaíochtaí rannpháirtíochta aeráide a mheas, a thomhas agus a chothú
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide
Is é an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide clár náisiúnta na hÉireann chun caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus le saoránaigh ar fud na sochaí agus chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú ar son na haeráide. Tríd an Idirphlé Náisiúnta, ghlac breis agus 12,000 duine páirt sna ‘Comhráite faoin Aeráid’ a reáchtáiltear gach bliain agus chuathas i dteagmháil le 1,000 geallsealbhóir trí chúig cinn d’imeachtaí de chuid an Fhóraim Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide, trí thrí Thionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, agus trí chaidreamh gníomhach leis na pobail a n-imríonn an t-aistriú chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de an tionchar is mó orthu.
Úsáidtear léargais ó gach ceann de na himeachtaí caidrimh sin chun an Plean bliantúil Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhchruthú, chun bonn eolais a chur faoi chumarsáidí agus straitéisí ar fud an Rialtais, agus chun an bealach a réiteach do thodhchaí a bheidh cóir, cothromasach, agus inrochtana do chách. Sa bhliain 2024, cuirfidh an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide borradh mór faoina chlár chun tacú le pobail agus grúpaí ar fud na hÉireann cur leis an obair atá ar bun acu agus chun tacú leo sin nár ghabh d’aon ní go dtí seo.
Tionscnaimh um Ghníomhú ar son na hAeráide i mBaile Átha Cliath 8
Roghnaíodh Baile Átha Cliath 8 mar láthair d’imeacht an lae inniu chun aird a tharraingt ar an ngníomhú ar son na haeráide atá ar siúl ar leibhéal an phobail. Is iad seo na heagraíochtaí atá páirteach in imeacht an lae inniu:
- Grúpa Comhshaoil Inse Chór
- Pocket Forests
- Frontline Bikes
- Comhpháirtíocht Chathair Átha Cliath Theas
Áirítear iad seo a leanas le heagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse an Ghníomhaithe ar son na hAeráide i mBaile Átha Cliath 8:
- Fóram Dhroichead Glas Bhaile Átha Cliath 8
- Insulate D8 SEC
- Oblate Inchicore SEC
- Community Roots Garden Share
- Flanagan's Fields
- Coláiste Breisoideachais Inse Chór (Líonra Inse Chór um Ghníomhú ar son na hAeráide)
- Sustainable Life School
- Shareclub
- The Grassroots Guild
- Change Clothes Crumlin
- The Green Roots Project
Pleananna Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide
Imríonn údaráis áitiúla ról ríthábhachtach sa bheartas aeráide a chur ar aghaidh ar an leibhéal áitiúil. Le hAcht na hÉireann um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, ceanglaítear ar gach údarás áitiúil Plean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide a ullmhú chun spriocanna náisiúnta aeráide a chomhlíonadh agus chun athléimneacht a fhorbairt in aghaidh thionchair an athraithe aeráide. Leis na pleananna údaráis áitiúil um ghníomhú ar son na haeráide, cabhrófar le húdaráis áitiúla aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhtháite, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú agus ar an oiriúnú don athrú aeráide agus neartófar an t-ailíniú idir an beartas náisiúnta aeráide agus gníomhú áitiúil éifeachtach ar son na haeráide a sholáthar.
An Clár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide
Is é atá sa Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide ná ciste €24 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide atá ceaptha chun pobail ísealcharbóin a thógáil ar fud na tíre. Leithdháileadh €3 mhilliún eile ón gClár Oileáin Chomhroinnte chun grúpaí a chumasú tionscadail trasteorann agus uile-oileáin um ghníomhú ar son na haeráide a sheoladh i gcomhpháirt le pobail/eagraíochtaí i dTuaisceart Éireann.
Beidh ar na tionscadail a roghnófar lena gcistiú faoi na cláir rannchuidiú le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh ar fud na gcúig théama seo a leanas: fuinneamh pobail; taisteal; bia agus dramhaíl; siopadóireacht agus athchúrsáil; agus gníomhú áitiúil ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil. Leis an gclár, cuirfear ar chumas na ngrúpaí sin gníomhú díreach ar son na haeráide a dhéanamh trí leibhéil dhifriúla chistiúcháin a fháil chun tacú le tionscadail éagsúla, idir thionscadail bheaga agus thionscadail mhóra, agus cistiú ar fiú suas le €100,000 é ar fáil thar thréimhse 18 mí.
An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide
Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ag deireadh na bliana 2023, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Tá sé ina ábhar do chomhairliúchán poiblí faoi láthair. Tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed chun tuilleadh faisnéise a fháil.