Seolann an tAire Smyth Scéim Aisíoca Éarlaise na hÉireann
- Foilsithe: 28 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 19 Eanáir 2023
Rinne Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, Scéim náisiúnta Aisíoca Éarlaise na hÉireann a sheoladh inniu.
Meastar go n-úsáideann daoine in Éirinn thart ar 1.9 billiún ceann de bhuidéil agus cannaí dí ina ngnáthshaol gach bliain. Is é an aidhm atá leis an Scéim Aisíoca Éarlaise an ráta athchúrsála a mhéadú do na coimeádáin dí sin trí éarlais bheag inaisíoctha a ghearradh i leith gach buidéil phlaistigh agus gach canna.
Áireofar leis an Scéim buidéil phlaisteacha teireataláite poileitiléine agus cannaí alúmanaim agus cruach ina bhfuil idir 150 ml agus trí lítear. Beidh feidhm ag éarlais 15 cent maidir le coimeádáin ina bhfuil 500 ml nó níos lú agus beidh feidhm ag éarlais 25 cent maidir le gach coimeádán ina bhfuil níos mó ná 500 ml.
Is é Deposit Return Scheme Ireland CLG, ag trádáil dó mar Re-turn, a oibreoidh an Scéim. Cheap an tAire Smyth an chuideachta i mí Iúil 2022.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach táirgeoir agus miondíoltóir clárú le Re-turn. Osclófar an córas clárúcháin ag www.re-turn.ie inniu.
Ag seoladh na Scéime dó, dúirt an tAire Smyth:
"Tá an Scéim Aisíoca Éarlaise ina tionscnamh ciorclach corraitheach nua lena mbunathrófar an dóigh a bhféachaimid ar bhuidéil agus cannaí dí atá folamh. A bhuí leis an éarlais inaisíoctha, tabharfar dreasacht dúinn na coimeádáin sin a thabhairt ar ais ionas gur féidir le táirgeoirí buidéil nua a dhéanamh as seanbhuidéil agus cannaí nua a dhéanamh as seanchannaí, rud a choigleoidh ábhair agus fuinneamh agus a laghdóidh bruscar. Tá an Scéim ina fiontar ollmhór do tháirgeoirí, do mhiondíoltóirí agus do Re-turn, ar cuideachta atá faoi stiúir ag táirgeoirí é, agus léirigh siad go léir an-tiomantas agus an-cheannaireacht agus iad ag teacht le chéile chun í a fhorbairt."
Chuaigh an tUas. Tony Keohane, Cathaoirleach ar DRS Ireland, i bpáirt leis an Aire Smyth ag seoladh an lae inniu. Dúirt an tUas. Keohane:
"Tá lúcháir orainn an chéad chéim den Scéim nua Aisíoca Éarlaise a sheoladh in Éirinn, agus táimid ag iarraidh ar gach táirgeoir agus miondíoltóir clárú ar líne inniu ag www.re-turn.ie. Faoin Treoir maidir le Plaistigh Aon Úsáide, ní mór d’Éirinn bailiú ar leithligh a chinntiú i gcás 77% de na buidéil dí phlaisteacha uile a chuirfear ar an margadh faoin mbliain 2025, figiúr a mhéadóidh go 90% sa bhliain 2029. Tá fianaise chruthaithe ann i mbreis agus 40 dlínse eile ar domhan, lena n-áirítear 12 cheann san Eoraip, go n-éiríonn le scéimeanna aisíoca éarlaise. Leis an scéim, cabhrófar linn na spriocanna athchúrsála atá againn a bhaint amach. Táimid ag tnúth le tuilleadh comhoibrithe a dhéanamh le táirgeoirí agus le miondíoltóirí chun Scéim Aisíoca Éarlaise a bhunú lena soláthrófar mórthairbhí comhshaoil do gach duine."
Oibreoidh an Roinn go dlúth le Re-turn chun an Scéim a chur chun feidhme. Tosófar an obair sin láithreach trí chlárúchán táirgeoirí agus miondíoltóirí a éascú. Tá sé beartaithe go gcuirfear an Scéim ar fáil do thomhaltóirí i mí Feabhra 2024.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
An Scéim Aisíoca Éarlaise
Tugtar leis an Scéim Aisíoca Éarlaise spreagadh do dhaoine coimeádáin dí a athchúrsáil. Faoin scéim, gearrtar ar gach duine a cheannaíonn deoch éarlais bheag i leith an bhuidéil phlaistigh nó an channa ina bhfuil an deoch. Faigheann custaiméirí an t-airgead sin ar ais nuair a thugann siad an coimeádán ar ais do mhiondíoltóir nó do phointe bailithe eile lena athchúrsáil.
Tá an Scéim Aisíoca Éarlaise ina mórthionscadal a bhfuil i gceist leis córais chasta TF, bhonneagair agus chumarsáide a fhorbairt. Is é Re-turn a sholáthróidh na córais sin i rith na bliana 2023. Áirítear leis sin:
- ardán digiteach a dhearadh, a sholáthar agus a chur chun feidhme don Scéim Aisíoca Éarlaise
- táirgeoirí agus táirgí a chlárú
- miondíoltóirí agus oibritheoirí eile pointe bailithe a chlárú
- meaisíní díola aisiompaithe a fhoinsiú agus a shuiteáil
- conarthaí a sholáthar le haghaidh ábhar a bhailiú, a phróiseáil agus a athchúrsáil
- clár cuimsitheach cumarsáide agus feasachta a dhearadh agus a sholáthar do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí
An creat dlíthiúil don scéim
Is é an creat dlíthiúil don Scéim Aisíoca Éarlaise ná na (Rialacháin um Bailiú ar Leithligh (An Scéim Aisíoca Éarlaise), 2021 (I.R. Uimh. 599 de 2021). Faoi na Rialacháin um Scéim Aisíoca Éarlaise, is ar tháirgeoirí atá an fhreagracht as an Scéim Aisíoca Éarlaise a bhunú agus as oibritheoir na scéime a ainmniú lena cheadú ag an Aire.
An 31 Bealtaine 2022, fuair an tAire Smyth iarratas ó Deposit Return Scheme Ireland CLG (ag trádáil dó mar Re-turn) chun gníomhú mar chomhlacht ceadaithe faoi na Rialacháin um Scéim Aisíoca Éarlaise. Ceadaíodh an t-iarratas ó Re-turn an 1 Iúil 2022. Tá Re-turn ina chuideachta nua neamhbhrabúis ar bhunaigh táirgeoirí dí í. Tá an ceadú sin ina ghné ríthábhachtach bhunúsach den tionscadal, rud lena dtugtar do Re-turn seasamh dlíthiúil chun scéim aisíoca éarlaise a bhunú agus chun dul i mbun caidreamh foirmiúil le táirgeoirí, le miondíoltóirí agus le hoibritheoirí eile.
Seoladh Re-turn inniu, agus féadfaidh táirgeoirí agus miondíoltóirí clárú don scéim anois.