English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Smyth Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann 2024

Tá Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tar éis 'Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann 2024' a sheoladh, a bheidh ar siúl ón 14 Deireadh Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair.

Is ionann an bithgheilleagar agus an chuid den gheilleagar a chaomhnaíonn an dúlra agus a úsáideann acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite ón gcóras talmhaíochta, ón gcóras foraoiseachta, ón gcóras muirí agus ón gcóras dramhaíola orgánaí chun bia, beatha, ábhair bhithbhunaithe, ceimiceáin agus fuinneamh a tháirgeadh agus chun dramhaíl a laghdú an tráth céanna.

Tá Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann i mbliana ar an gceann is mó riamh. Tá breis agus 30 imeacht aonair sceidealta, agus iad ag cur leis na seachtainí rathúla a reáchtáladh le cúig bliana anuas. Le linn Sheachtain Bithgheilleagair na hÉireann, tarraingeofar aird ar bhithgheilleagar na hÉireann trí na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre agus ar líne do shaoránaigh, do tháirgeoirí príomhúla, do ghairmithe tionscail agus don lucht déanta beartas dá bhfuil bithgheilleagar na hÉireann comhdhéanta.

Le linn na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i mbliana, taispeánfar an rannchuidiú dearfach a dhéanann bithgheilleagar na hÉireann lenár saol. Is é téama na Seachtaine i mbliana ná 'Réitigh Bhithbhunaithe a Thaispeáint le haghaidh Éire Níos Glaise'.

Dúirt an tAire Smyth:

"Tá an t-aistriú chuig bithgheilleagar ciorclach ina rogha eile inbhuanaithe ar an tsamhail reatha, agus tá Éire lántiomanta don aistriú sin a dhéanamh. Tá Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann 2024 ina gníomhaíocht bhunriachtanach maidir le feasacht agus eolas a mhéadú ar an mbithgheilleagar. Trí bhithgheilleagar ciorclach a fhorbairt, is féidir linn an t-athrú aeráide a mhaolú, athléimneacht a fheabhsú, an bhithéagsúlacht a chosaint agus cáilíocht an uisce agus an aeir a fheabhsú agus, an tráth céanna, forbairt tuaithe agus aistriú cóir a chothú."

Beidh an tsraith imeachtaí le linn na Seachtaine á comhordú ag Líonra Bithgheilleagair na hÉireann, atá faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Cumhdófar topaicí éagsúla le linn na n-imeachtaí beartaithe. Áireofar leo sin réitigh bhithbhunaithe a thaispeáint agus cistiú a aimsiú don bhithgheilleagar ciorclach, don bhithgheilleagar muirí agus don bhithgheilleagar gorm, do phobail tuaithe agus do rannpháirtíocht na hóige. Chun mionsonraí iomlána a fháil faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sheachtain Bithgheilleagair na hÉireann.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Beartas

D’fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Plean Gníomhaíochta Bithgheilleagair na hÉireann 2023-2025 ar Item was unpublished or removed i mí Dheireadh Fómhair 2023. D’fhoilsigh Roinn an Taoisigh an Ráiteas Beartais Náisiúnta faoin mBithgheilleagar sa bhliain 2018, agus is féidir é a fháil ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.

Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann

Is é atá i Seachtain Bithgheilleagair na hÉireann ná imeacht bliantúil aon seachtaine a reáchtáiltear i mí Dheireadh Fómhair gach bliain chun aird a tharraingt agus feasacht a mhúscailt ar bhithgheilleagar na hÉireann, rud a bhíonn ag fás go tapa. Cuirtear ar siúl lena linn imeachtaí agus tionscnaimh múscailte feasachta ina bhfuil ról ag an lucht tionscail, ag táirgeoirí príomhúla, ag ollscoileanna, ag taighdeoirí, ag údaráis áitiúla, ag mic léinn agus ag pobail áitiúla ar fud na hÉireann. Is é Líonra Bithgheilleagair na hÉireann a chomhordaíonn an tseachtain múscailte feasachta, agus í bunaithe ar théama lárnach.

Líonra Bithgheilleagair na hÉireann

Is é an Grúpa um an mBithgheilleagar a Chur Chun Feidhme agus a Fhorbairt a chomhordaíonn Líonra Bithgheilleagair na hÉireann, ag gníomhú dó trí na ranna a dhéanann comhchathaoirleacht air agus trína rúnaíocht. Cuimsíonn an líonra príomheagraíochtaí, príomhionaid, príomhchnuasaigh agus príomhchláir amhail Ionad Taighde Bithgheilleagair BiOrbic Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, Fondúireacht Bithgheilleagair na hÉireann de chuid Fhiontraíocht Éireann, an Cnuasach Bithgheilleagair Chiorclaigh Thiar Theas, an Grúpa um Thaighde ar an mBithgheilleagar Ciorclach, Ionad Bith-Theicneolaíochta Feidhmí na Sionainne, Teagasc, agus Foras na Mara. Féachann gach eagraíocht laistigh den líonra le rannpháirtíocht a chur chun cinn, le feasacht a mhúscailt ar an mbithgheilleagar agus le forbairt an bhithgheilleagair a chothú i gcomhar le raon leathan geallsealbhóirí.