English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann Grúpa Oibre nua Chathair Bhaile Átha Cliath um Fhuinneamh Geoiteirmeach

Inniu, sheol Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, rannán den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Grúpa Oibre Chathair Bhaile Átha Cliath um Fhuinneamh Geoiteirmeach ag an gCruinniú Mullaigh Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach ag campas Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin. Agus é faoi chathaoirleacht ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, tabharfar raon éagsúil eagraíochtaí le chéile ag an ngrúpa oibre agus é mar aidhm choiteann acu a gcórais téimh agus fuaraithe a dhícharbónú trí mhórthionscadail taispeána fuinnimh gheoiteirmigh a sholáthar i lár na cathrach.

Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte roimh an ngrúpa oibre nua.

Dúirt sé:

"Tá lúcháir orm gur bunaíodh grúpa oibre um fhuinneamh geoiteirmeach do chathair Bhaile Átha Cliath. Agus iad ag teacht le chéile ar mhaithe leis an dea-chleachtas a thaispeáint i mbailiú sonraí, i ndearadh córas agus in infheistíocht éifeachtúil, beidh na heagraíochtaí seo ina n-eiseamláir don chuid eile d’Éirinn maidir leis an acmhainneacht atá ag fuinneamh geoiteirmeach ár riachtanais téimh agus fuaraithe a dhícharbónú. Agus mé ar cuairt roimhe seo ar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, d’fhoghlaim mé faoin acmhainneacht atá ag an teas faoinár mbun i gcathair Bhaile Átha Cliath agus faoin dóigh a bhféadfaí é a úsáid chun an campas ag Gráinseach Ghormáin, mar shampla, a théamh nó, go deimhin, a fhuarú agus faoin dóigh a bhféadfaí é a úsáid níos faide i gcéin ag campas Choláiste na Tríonóide agus ag saoráidí amhail Ospidéal an Mater Misericordiae nó Ospidéal San Séamas, agus ag cuid mhór forbairtí tithíochta atá suite eatarthu. Is deis chorraitheach í seo, agus bíonn seans níos fearr ann í a fhorbairt go tapa nuair a théann sainghrúpaí i bpáirt le chéile".

Is é is fuinneamh geoiteirmeach ann ná fuinneamh a stóráiltear i riocht teasa faoi bhun dhromchla an dlúthdhomhain. Cuimsíonn sé teas atá stóráilte ón ngrian agus teas ón taobh istigh den Domhan. Ní hé amháin go bhfuil sé in-athnuaite, ach tá sé slán, iontaofa agus áitiúil freisin. Ós rud é go suiteáiltear an chuid is mó de threalamh fuinnimh gheoiteirmigh faoin talamh, is lú an lorg talún atá ag tionscadail fuinnimh gheoiteirmigh ná é sin atá ag teicneolaíochtaí eile fuinnimh in-athnuaite. Is féidir é a úsáid chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú agus chun leictreachas a ghiniúint. Léirítear i dtaighde go bhfuil ag Éirinn acmhainní geoiteirmeacha nár baineadh leas astu go fóill. Is féidir le fuinneamh geoiteirmeach ról suntasach a imirt inár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh carbóin de; mar sin féin, sainaithníodh bacainní ar an nglacadh forleathan le fuinneamh geoiteirmeach, lena n-áirítear iad seo a leanas: an easpa faisnéise faoin bhfodhromchla domhain; creat reachtach láidir a bheith in easnamh; an easpa feasachta ar an acmhainneacht atá ag fuinneamh geoiteirmeach; agus an t-ardchostas tosaigh a bhaineann le mórthionscadail fuinnimh gheoiteirmigh.

Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann ag dul i dteagmháil le húsáideoirí móra teasa i gCathair Bhaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas, lenar áiríodh campais mhóra ollscoile agus ospidéil. Teastaíonn ó na heagraíochtaí earnála poiblí sin foinse fuinnimh in-athnuaite atá slán, atá barainneach agus atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de d’fhoirgnimh nua agus d’iarfheistiú foirgneamh atá ann cheana (a bhfuil tábhacht stairiúil le roinnt díobh) araon. Mar gheall ar láthair uirbeach na gcampas sin agus ar na loirg bheaga thalún atá ar fáil, sainaithníodh teas geoiteirmeach mar rogha téimh in-athnuaite is fearr agus is inmharthana. Ní hé amháin go laghdófar costais agus go gcinnteofar slándáil fuinnimh trí athrú chuig córais téimh agus fuaraithe gheoiteirmigh, ach cabhrófar go mór le spriocanna astaíochtaí na hÉireann faoin mbliain 2050 a bhaint amach freisin.

Beidh cláir um bailiú sonraí fodhromchla ag teastáil chun an riosca a bhaineann le tionscadail fuinnimh gheoiteirmigh ar mhórscála a laghdú; beidh na cleachtaí sin casta ón taobh lóistíochúil de agus beidh comhar idir roinnt eagraíochtaí éagsúla ag teastáil ina leith. Déanann Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann an Bunachar Sonraí Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach a óstáil agus a chothabháil, rud ar comhpháirt lárnach den Straitéis Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach é. Mar sin, tá an tSuirbhéireacht Gheolaíochta sa riocht is fearr chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an ngrúpa oibre seo chun cabhrú le saineolas teicniúil a sholáthar, nuair is féidir, chun aon sonraí bailithe a chur ar fáil go poiblí agus chun aistriú eolais a éascú idir comhaltaí agus an pobal i gcoitinne.

Cuimsíonn an grúpa oibre nua saineolaithe earnála poiblí sna réimsí seo a leanas: téamh ceantair; fuinneamh geoiteirmeach; soláthar; agus mórthionscadail bhonneagair agus fuinnimh a mhaoiniú, a bhainistiú agus a sholáthar. Chuir roinnt de na comhaltaí suiteálacha fuinnimh gheoiteirmigh i gcrích cheana féin, agus tá comhaltaí eile ag an gcéim thaiscéalaíoch d’fhorbairt fuinnimh gheoiteirmigh. Sealbhaíonn na comhaltaí saineolas luachmhar a bhaineann le tionscadail uirbeacha fuinnimh gheoiteirmigh ar mhórscála, agus áirítear leo ionadaithe uathu seo a leanas:

  • Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (ar cuid den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í);
  • Codema
  • Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI)
  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
  • Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Ghormáin
  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal an Mater Misericordiae
  • Ospidéal San Séamas
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Ciste Carbóin agus Fuinnimh Éireann

Tá bearta á ndéanamh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar an nglacadh le fuinneamh geoiteirmeach. I mí Iúil i mbliana, d’fhoilsigh an tAire Ryan an Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach. Tríd an ráiteas a fhoilsiú, comhlíontar ceann amháin de na gealltanais atá sa Treochlár d’Fhuinneamh Geoiteirmeach a foilsíodh i mí na Samhna 2020. Tá foilsiú an Ráitis ar cheann amháin de na gníomhartha sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 freisin.

Tríd an ráiteas beartais a fhoilsiú, músclaíodh feasacht ar an acmhainneacht chorraitheach atá ag an gcineál fuinnimh in-athnuaite sin. Tá an ráiteas beartais ina chéim thábhachtach i dtreo dul i ngleic leis na bacainní atá ann ar fhuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt in Éirinn freisin. An ráiteas beartais, forbairt straitéise náisiúnta um fhuinneamh geoiteirmeach agus deiseanna fuinnimh gheoiteirmigh a bhaineann le téamh ceantair agus leis an Aistriú Cóir, pléifear iad go léir ag an gCruinniú Mullaigh Náisiúnta um Fhuinneamh Geoiteirmeach inniu.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Chlár Fuinnimh Gheoiteirmigh Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a fháil ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

Is é fuinneamh geoiteirmeach an teas atá faoi bhun dhromchla an dlúthdhomhain. Cuimsíonn sé teas atá stóráilte ón ngrian agus teas ó chroí an Domhain. Tríd is tríd, méadaítear teocht an domhain (agus an méid fuinnimh gheoiteirmigh atá ar fáil) de réir mar a théitear níos doimhne, agus í ag méadú ag meánráta measta de 25 - 30°C in aghaidh an chiliméadair in Éirinn.

A bhuí leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is féidir acmhainní geoiteirmeacha a úsáidtear le haghaidh téamh agus/nó táirgeadh fuinnimh a fhorbairt anois i limistéir nach bhfuil an sreabhadh teasa ardaithe iontu (amhail an Fhrainc, an Ísiltír, an Bheilg, an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin), seachas i réigiúin bholcánacha inar féidir an teas a rochtain go héasca (amhail an Íoslainn, an Iodáil agus an Nua-Shéalainn) agus sna réigiúin sin amháin. D’fhéadfadh fuinneamh geoiteirmeach a bheith ina fhoinse inmharthana shuntasach fuinnimh in-athnuaite in Éirinn.

Tagann an Dréacht-Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach sna sála ar na doiciméid dar teideal 'Measúnú ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Théamh Ceantair in Éirinn' agus 'Fuinneamh Geoiteirmeach in Éirinn - Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála', ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad i mí na Samhna 2020.

Cineál fuinnimh in-athnuaite atá cruthaithe ó thaobh na tráchtála de is ea fuinneamh geoiteirmeach, agus is féidir é a úsáid le haghaidh téamh, fuarú agus táirgeadh leictreachais agus le haghaidh giniúint teasa agus giniúint cumhachta araon.

Níl tuiscint iomlán ann go fóill ar an acmhainneacht fuinnimh gheoiteirmigh atá ag Éirinn. Níl an tuiscint iomlán sin againn toisc nach bhfuil dóthain eolais againn go fóill ar an bhfodhromchla domhain agus toisc go bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil. D’fhéadfaí acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh na hÉireann a úsáid chun críocha éagsúla, áfach. Maidir leis an mbealach is fearr chun fuinneamh geoiteirmeach a bhaint agus a úsáid, beidh sé sin ag brath ar an suíomh geolaíoch áitiúil agus ar an úsáid a bhainfear as an bhfuinneamh ar deireadh.

Chuaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun an acmhainn gheoiteirmeach faoi bhun lár cathrach Bhaile Átha Cliath a fhiosrú. Sa bhliain 2021, tomhaiseadh teocht 38 gcéim Celsius i dtollpholl taiscéalaíoch ag doimhneacht a bhí cothrom le 1 chiliméadar faoi bhun an dromchla. Ós rud é gur cheart go méadódh an teocht go seasmhach de réir mar a rachfaí níos doimhne, tugtar le fios sa toradh sin gur féidir go mbeidh an fuinneamh a theastaíonn le haghaidh téamh ceantair, arb ionann é agus teocht idir 80°C agus 90°C, a aimsiú trí dhruileáil go doimhneacht idir 2 chiliméadar agus 3 chiliméadar faoi bhun an dromchla.