English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoltar cleachtadh chun an fhreagairt do chur isteach hipitéiseach ar an soláthar fuinnimh a thástáil mar chuid de phleanáil leanúnach stuama teagmhais

Seoladh cleachtadh éigeandála fuinnimh go rathúil an 3 Nollaig chun an fhreagairt do chur isteach hipitéiseach neamhdhóchúil ar sholáthairtí gáis, leictreachais agus ola na hÉireann a thástáil.

Seoltar gnáthchleachtaí den chineál sin go tráthrialta, agus é mar aidhm leo tástáil struis a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an rialtas, gníomhaireachtaí stáit agus an tionscal réidh le cásanna féideartha éagsúla a bhainistiú go héifeachtach. Tá ról ríthábhachtach ag na cleachtaí sin maidir lena chinntiú go bhfreagrófar do mhórtheagmhais ar shlí chomhordaithe agus i gcomhréir leis an reachtaíocht ón Aontas Eorpach maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh, cé nach dóigh go dtitfidh mórtheagmhais den sórt sin amach nó gurb annamh a thitfidh siad amach.

Bíonn baint leis na cleachtaí éigeandála sin ag roinnt ranna rialtais agus ag príomh-gheallsealbhóirí san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann, EirGrid, Líonraí BSL, an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU).

Is é Líonraí Gáis Éireann an príomhchomhlacht maidir le cleachtaí a bhaineann le gás agus is iad EirGrid agus Líonraí BSL a stiúrann na cleachtaí a bhaineann le leictreachas. Déanann CRU formhaoirseacht ar na pleananna uileghabhálacha éigeandála, agus oibríonn sé i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá nósanna imeachta láidre i bhfeidhm ag Líonraí Gáis Éireann agus ag EirGrid, ag obair dó i gcomhar le Líonraí BSL, maidir le soláthairtí gáis agus leictreachais a chothabháil, agus glacann siad páirt ar bhonn tráthrialta i gcleachtaí ionsamhlúcháin chun cásanna féideartha éagsúla a thástáil.

Tá NORA freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann Éire na hoibleagáidí atá uirthi faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus faoi rialacha na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh maidir le soláthairtí ola a choinneáil ar bun. Oibríonn NORA go dlúth leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun an sainchúram atá air a chur i gcrích.

A bhuí leis an ról a chomhlíonann na comhlachtaí sin, cinntítear freagairt chomhordaithe do mhórtheagmhais, i gcás go dtiteann siad amach.

Cé nach dóigh go mbeidh aon chur isteach suntasach ann ar sholáthairtí fuinnimh, is amhlaidh a bheadh tionchar aige ar roinnt earnálacha difriúla dá dtitfeadh sé amach. Is eol go maith don rialtas an éifeacht a bheadh ag cur isteach den sórt sin ar theaghlaigh agus gnólachtaí in Éirinn, agus tá sé tiomanta dá chinntiú go n-íoslaghdófar an riosca sin agus go ndéanfar ullmhúcháin dó. Dá bhrí sin, chinnteodh struchtúir bhunaithe an Chreata um Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála le haghaidh déileáil le mór-éigeandáil go nglacfaí freagairt ‘uile-rialtais’. Sna himthosca sin, bheadh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an bpríomhroinn Rialtais agus dhéanfadh sí tionól agus cathaoirleacht ar an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí chun freagairt an Rialtais don éigeandáil fuinnimh a chomhordú.

Cuireadh an cleachtadh ar siúl inniu san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí, agus ionchur luachmhar á fháil ó na príomh-gheallsealbhóirí uile a bhí páirteach. Úsáidfear an t-ionchur sin chun bonn eolais a chur faoi chleachtaí amach anseo agus faoi phleanáil leanúnach éigeandála.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir

An ról atá ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU)

Is é an ról atá ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) ó thaobh fuinnimh de ná slándáil an tsoláthair (leictreachais agus gáis nádúrtha) a choinneáil ar bun, soláthar éifeachtúil líonra a chinntiú, agus iomaíocht agus nuálaíocht a chur chun cinn i nginiúint agus soláthar leictreachais agus i soláthar gáis nádúrtha.

An ról atá ag EirGrid agus ag Líonraí BSL

Agus a ról reachtúil á chomhlíonadh aige, faigheann CRU cabhair ó EirGrid, a gceanglaítear air tuairisciú do CRU (maidir le nithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais). Tá EirGrid freagrach as an gcóras leictreachais (an eangach) a bhainistiú ar bhonn laethúil ina ról mar Oibritheoir Córais Tarchurtha. Oibríonn EirGrid i ndlúthchomhar le Líonraí BSL – an tOibritheoir Córais Dáilte – chun na sreafaí leictreachais a bhainistiú ar fud na heangaí ar fad.

An ról atá ag Líonraí Gáis Éireann

Déanann Líonraí Gáis Éireann líonra náisiúnta dáilte agus tarchurtha gáis na hÉireann a oibriú agus a chothabháil agus tá sé freagrach as gás a iompar go sábháilte agus go slán chuig thart ar 725,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí ar fud na tíre.

NORA (An Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) sa bhliain 1995 faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam), 1995, mar chuideachta phríobháideach theoranta atá freagrach as cúltaca straitéiseach ola na hÉireann a choinneáil ar bun. Faoin Acht um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta 2007 agus faoin reachtaíocht ghaolmhar, tá NORA freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann Éire na hoibleagáidí atá uirthi faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus faoi rialacha na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh maidir le soláthar ola 90 lá ar a laghad a choinneáil ar bun. Oibríonn NORA go dlúth leis an Rannán um Sholáthar Feidhmíochta Clár Fuinnimh sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun an sainchúram atá air a chur i gcrích agus, go háirithe, i ndáil le pleanáil don fhreagairt do ghéarchéim éigeandála a bhaineann leis an soláthar ola, cé nach dóigh go dtitfidh géarchéim den sórt sin amach.

An Pacáiste Slándála Fuinnimh – 'Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030'

Sa tuarascáil dar teideal Slándáil Fuinnimh in Éirinn suas go 2030, tugtar breac-chuntas ar straitéis chun slándáil fuinnimh in Éirinn a chinntiú don deacáid seo, le linn aistriú inbhuanaithe chuig córas fuinnimh a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a chinntiú faoin mbliain 2050. Foilsíodh an tuarascáil sin i mí na Samhna 2023 mar chuid de Phacáiste Slándála Fuinnimh ina bhfuil lear anailísí forlíontacha, comhairliúchán agus athbhreithnithe a bhí mar bhonn agus thaca ag na moltaí agus na gníomhartha a bhaineann le slándáil fuinnimh.