Seoltar Comhairliúchán ar bhainistíocht Fearainn Barrleibhéil Tíre na hÉireann
- Foilsithe: 18 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag seoladh a comhairliúcháin inniu ar chreat beartaithe bainistíochta na hÉireann le haghaidh an fhearainn barrleibhéil tíre (ccTLD) '.ie'.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo téarmaí agus coinníollacha a bhunú don bhainisteoir ainmneacha fearainn ar chlárlann fearann .ie na hÉireann, ina leagfar amach na príomhcheanglais agus na príomhphrionsabail nach mór do bhainisteoirí ar phíosa ríthábhachtach bonneagair teileachumarsáide iad a ghlacadh.
Aithníonn an roinn go bhfuil rannpháirtíocht éifeachtach ó gach geallsealbhóir – lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an lucht léinn, an pobal teicniúil, agus an earnáil phríobháideach – ag teastáil chun a chinntiú go mbeidh an tIdirlíon ina theicneolaíocht thairbheach oscailte do gach duine den tsochaí i gcónaí.
Is é 5.30pm Dé hAoine an 14 Feabhra 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí.
Chun teacht ar an bpáipéar comhairliúcháin agus ar mhionsonraí faoi conas freagra a chur isteach, téigh chuig suíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH