Seoltar comhchleachtaí éigeandála chun freagairtí do chur isteach hipitéiseach ar an soláthar fuinnimh a thástáil mar chuid de phleanáil leanúnach stuama teagmhais
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2022
Seoladh comhchleachtaí éigeandála fuinnimh go rathúil an 9 agus an 16 Meán Fómhair chun an fhreagairt do chur isteach hipitéiseach neamhdhóchúil ar sholáthairtí gáis agus leictreachais na hÉireann a thástáil.
Seoltar gnáthchleachtaí den chineál sin go tráthrialta, agus é mar aidhm leo tástáil struis a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an rialtas, gníomhaireachtaí Stáit agus an tionscal réidh le cásanna féideartha éagsúla a bhainistiú go héifeachtach. Tá ríthábhacht ag baint leis na cleachtaí sin maidir lena chinntiú go bhfreagrófar do mhórtheagmhais ar shlí chomhordaithe agus i gcomhréir leis an reachtaíocht ón Aontas Eorpach maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh, cé nach dóigh go dtitfidh mórtheagmhais den sórt sin amach nó gurb annamh a thitfidh siad amach.
Bíonn baint leis na cleachtaí éigeandála sin ag roinnt ranna rialtais agus ag príomh-gheallsealbhóirí san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann, EirGrid, Líonraí BSL agus an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF).
Is é Líonraí Gáis Éireann an príomhchomhlacht maidir le cleachtaí a bhaineann le gás agus is iad EirGrid agus Líonraí BSL a stiúrann na cleachtaí a bhaineann le leictreachas. Déanann an CRF formhaoirseacht ar na pleananna uileghabhálacha éigeandála, agus oibríonn sé i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá nósanna imeachta láidre i bhfeidhm ag Líonraí Gáis Éireann agus ag EirGrid, ag obair dó i gcomhar le Líonraí BSL, maidir le soláthairtí gáis agus leictreachais a chothabháil, agus glacann siad páirt ar bhonn tráthrialta i gcleachtaí ionsamhlúcháin chun cásanna féideartha éagsúla a thástáil. Is ríthábhachtach atá an ról a chomhlíonann na comhlachtaí sin maidir le freagairt chomhordaithe do mhórtheagmhais a chinntiú, i gcás go dtitfidh siad amach.
Cé nach dóigh go mbeidh aon chur isteach suntasach ann ar sholáthairtí fuinnimh, is amhlaidh a bheadh tionchar aige ar roinnt earnálacha difriúla dá dtitfeadh sé amach. Is eol go maith don rialtas an éifeacht a bheadh ag cur isteach den sórt sin ar theaghlaigh agus gnólachtaí in Éirinn, agus tá sé tiomanta dá chinntiú go n-íoslaghdófar an riosca sin agus go ndéanfar ullmhúcháin dó. Dá bhrí sin, chinnteodh struchtúir bhunaithe an Chreata um Bainistíocht Straitéiseach Éigeandála (BSÉ) le haghaidh déileáil le mór-éigeandáil go nglacfaí freagairt ‘uile-rialtais’. Sna himthosca sin, bheadh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar an bpríomhroinn rialtais agus dhéanfadh sí tionól agus cathaoirleacht ar an nGrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (GNCÉ) san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (INCÉ) chun freagairt an rialtais don éigeandáil fuinnimh a chomhordú.
Cuireadh an lá deireanach den bhabhta cleachtaí seo i gcrích go rathúil inniu (Dé hAoine an 16 Meán Fómhair) san INCÉ, agus ionchur luachmhar á fháil ó na príomh-gheallsealbhóirí uile a bhí páirteach. Úsáidfear an t-ionchur sin chun bonn eolais a chur faoi chleachtaí amach anseo.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
D’eisigh an tAire Ryan ráiteas an 30 Lúnasa inar phléigh an tAire slándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh agus tacaí, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha.
Clár Gníomhartha an CRF, a bhfuil mar aidhm leis an soláthar leictreachais a choimirciú an geimhreadh seo agus thar na geimhrí atá le teacht
Tá ar bun ag an CRF (an Coimisiún um Rialáil Fóntais), a bhfuil de fhreagracht reachtúil air slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú, clár gníomhartha a bhfuil mar aidhm leis slándáil ár soláthair leictreachais a chinntiú thar na geimhrí atá le teacht.
Cuimsítear sa chlár gníomhartha roinnt beart maolaithe ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair araon chun aghaidh a thabhairt ar aon easnamh a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Áirítear leis na gníomhartha: soláthar marthanach nua a sholáthar trí roinnt ceantanna toillte; giniúint shealadach bhreise a fháil; cur leis an bhfáil ar an toilleadh giniúna atá ann cheana; agus bearta níos fearr ar thaobh an éilimh.
Beidh na lamhálacha docht fós le linn na tréimhse geimhridh atá le teacht (2022/2023). Tá an CRF ag leanúint ar aghaidh ag obair le príomh-gheallsealbhóirí chun bearta maolaithe cuí breise (ar thaobh an éilimh) a chur chun feidhme chun na rioscaí a laghdú tuilleadh sa gheimhreadh agus chun an buaicéileamh a ísliú le linn na tréimhse sin.
Creat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh
Sa Chreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh, rud ar cheadaigh an Rialtas é agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, tugtar breac-chuntas ar fhreagairt na hÉireann dár riachtanais slándála fuinnimh (i gcomhthéacs an chogaidh Rúisigh san Úcráin) agus ar ár n-imthosca náisiúnta ar leith.
Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh (atá faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí) faoin gCreat Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh. Déanann an grúpa sin comhordú agus formhaoirseacht ar ghníomhaíocht agus ar fhreagairtí – ar an leibhéal náisiúnta – i ndáil le tionchar an chogaidh Rúisigh san Úcráin ar shlándáil fuinnimh. Ar áireamh sa ghrúpa atá ionadaithe ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ó Líonraí Gáis Éireann, ó EirGrid, ón nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ).
Áirítear iad seo a leanas leis an obair atá ar bun aige:
- formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chreata Náisiúnta um Shlándáil Fuinnimh
- freagairt a chomhordú chun tacú le teaghlaigh agus le gnólachtaí (agus díriú á leagan ar theaghlaigh atá leochaileach ó thaobh an airgeadais de agus orthu sin atá i mbaol na tearcrochtana fuinnimh)
- a chinntiú gur cothrom le dáta atá pleananna éigeandála agus go ndéantar tástáil struis orthu
An ról atá ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF)
Tá sé de fhreagracht reachtúil ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) slándáil an tsoláthair leictreachais a chinntiú. Tá sé de dhualgas air faireachán a dhéanamh ar sholáthairtí leictreachais agus aon bhearta a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh chun slándáil an tsoláthair a chosaint.
An ról atá ag EirGrid agus ag Líonraí BSL
Agus a ról reachtúil á chomhlíonadh aige, faigheann an CRF cabhair ó EirGrid, a gceanglaítear air tuairisciú don CRF (maidir le nithe a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais). Tá EirGrid freagrach as an gcóras leictreachais (an eangach) a bhainistiú ar bhonn laethúil ina ról mar Oibritheoir Córais Tarchurtha. Oibríonn EirGrid i ndlúthchomhar le Líonraí BSL – an tOibritheoir Córais Dáilte – chun na sreafaí leictreachais a bhainistiú ar fud na heangaí ar fad.
An ról atá ag Líonraí Gáis Éireann
Déanann Líonraí Gáis Éireann líonra náisiúnta dáilte agus tarchurtha gáis na hÉireann a oibriú agus a chothabháil agus tá sé freagrach as gás a iompar go sábháilte agus go slán chuig níos mó ná 710,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí ar fud na tíre.